Chuaigh bean mheánaosta, mheánaicmeach chuig péintéir le portráid di féin a fháil. D'fhiafraigh sí de,
"An féidir leat muince niamhrach de dhiamaint agus saifírí a chur orm sa bpictiúr?"
"Is féidir, a bhean uasal," a d'freagair an portráidí.
"Agus ar mhiste leat fáinní cluaise de dhiamaint is rúibíní - cinn mhóra - a chur orm?"
"Níor mhiste, a bhean uasal."
"Agus bróiste luachmhar nó dhó, le dealramh antique orthu, más é do thoil é."
"Ach, a bhean uasal, an bhfuil an seodra seo uilig agat?"
"Níl, a chroí, ach má fhaighim bás, pósfaidh m'fhear arís, tá mé cinnte. Cuireann sé gliondar ar mo chroí an bhean nua aige a shamhlú: ar mire, i mbarr a céille, an teach go léir curtha bunoscionn aici ag iarraidh mo bhosca seod a aimsiú!"