Raifeal

Chuaigh Cajun darbh ainm Thibodeaux chun cónaithe i dTexas. Cheannaigh sé asal ó sheanfheirmeoir ar $100. Dúirt an seanfhondúir leis go dtiocfadh sé leis an asal an chéad lá eile.

Tháinig an seanfheirmeoir an chéad lá eile, ceart go leor, ach gan an t-asal. "Tá drochscéal agam duit," a dúirt sé. "Fuair an t-asal bás."

"Tabhair dom mo chuid airgid mar sin."

"Ní féidir liom an t-airgead a thabhairt ar ais. Tá sé caite agam."

"Tá go maith. Tabhair dom an t-asal."

"Céard a dhéanfaidh tú leis?"

"Cuirfidh mé raifeal air."

"Ní féidir leat raifeal a chur ar asal marbh!"

"Ní déarfaidh mé le héinne go bhfuil sé marbh."

Mí ina dhiaidh sin bhuail an feirmeoir le Thibodeaux, agus d'fhiafraigh, "Céard a tharla leis an asal?"

"Chuir mé raifeal air. Dhíol mé 500 ticéad ar $2 an ceann agus rinne mé brabach de $898 air."

"Nach ndearna aon duine gearán?"

"Rinne, duine amháin, an buaiteoir. Thug mé a $2 ar ais dó."

Denis King

 
2005-09-21 CPD