An Saol Sláintiúil

Bhí fear ag siúl cois fairrge, ag baint an-taitneamh as an aer glan. Lá breá gaothmhar a bhí ann i rith an geimhridh. Bhuail sé le seanbhean ag rith go mall in aice leis an uisce.

"Is deas an rud é do leithéad a fheiceáil " ar seiseann léí. "Duine chomh aosta leatsa, agus tú in an rith mar sin i lár an geimhridh!"

"O aontaím leat ! " ar sise. "Tá an iomarca ina suí in aice na tine, lán go béal le béilí móra, ag ól beor agus ag féachaint ar an teilifís. Is fearr liom an saol sláintiúil !. Éirím go moch gach maidin sa bhliain, tuairim is a cúig a chlog, léimim isteach i linn fuar, rithim timpeal ar feadh trí uair, fiú insan sneachta gan faic orm ach léine beag is mo bhrístí gearra. Ansin ithim mo bhricfeásta, píosa amháin aráin agus cupán uisce an chabáiste. Ansin téim amach ag rothaíocht agus ansin téim ag snámh san fharraige."

"Bhuel creidim é sin a sheanbhean agus tá súil agam go mbeidh mé chomh sláintiúil leatsa nuair a shroichfidh mé an aois sin." as seiseann. "Cén aois atá agat le do thoil ? " ar seiseann.

"Fiche seacht", ar sise.

 
2000-01-17 CPD