Slippéirí

Bhí mé Tigh Mháirtín Ní sa Fhaiche Mhór anseo i nGaillimh le m'athair cúpla oíche ó shinn ag ól cúpla pinta agus d'inis sé scéalín dhom faoi bheirt fhir as Ros-a-Mhíl. Tá an scéal fior agus an bheirt fós beo agus da bhrí sin tá mé ag usáid ainmeacha bréagach sa scéal.

Seo mar a d'inis m'athair, Michael Chraven, an scéal.

Bhí beirt fhir as an mbaile seo againne ag iascaireacht i gcurrach lá agus bhí an lá garbh go maith. Fliuchiú an bheirt go dtí an craiceann agus nuair a thainig siad i dtír bhí siad strompaí leis an bhfuacht. Bhí duine acu, Seán, saibhir go maith i gcompráid le Páidín, fear a mhinic a bhí a mhéar ina bhéal le ocras. Bhí peire bróga nua ag Seán agus chaith sé dhó a chuid wellingtons fliuch. Ní raibh bróig ar bith ag Páidín agus tar éis go raibh cáill ar Shéan a bheidh sántach bhuail trua é agus thug sé péire slippeirí dhó le caitheadh.

Bhuail an bheirt síos go dtí Tigh Pheadar Dick le haghaidh pinta agus hé brí cén galradh a bhuail Seán tá a fhios ag Dia go cheannaigh sé dhá phinta dhó fhéin agus go Pháidín! Ní rud é sin a tharla go minic agus tugadh faoi deara go maith é. Ach nuair a bhí an darna pinta óltadh acu thosaigh Seán ag caitheadh 'hint' ag Páidín.

"Ó Dheabhail, tá mé spalpadh leis an tart, cén faitéas atá ort roimh an gcúntar?".

"Musa", a deir Páidín, "Ní faitéas atá mo choinnéal imo shuí ach na bróga seo. Níl aon chleachta acu a bheidh ag siúl suas ag ceannacht tada!"

Páraic Ó Cualáin.

 
1995-09-06 CPD