Tá stoirm shneachta ann. Tá sagart agus bean rialta ag taisteal le chéile i gcarr beag. Tá an sneachta an-trom. Cinneann siad ar éirí as agus an oíche a chaitheamh in óstán. Ar ndóigh, tá an t-óstán beagnach lán, de bharr na stoirme.
Deir fáilteoir an óstáin leis an sagart:
- Tá brón orm ach níl ach seomra amháin fágtha agam. Caithfidh tú é a roinnt leis an tsiúr.
Ó nach bhfuil an dara rogha acu, glacann siad an seomra. Cinneann siad ar an leaba mhór a roinnt mar níl tolg ná cathaoir uilleach sa seomra.
Tá an stoirm ina neart anois, ag séideadh agus ag glamaíl. Cliseann an leictreachas. Níl solas ná téamh ann anois. Ar an dea-uair dóibh, tá go leor pluideanna sa chlóiséad.
Roimh i bhfad deir an bhean rialta:
- A athair, tá mé fuar.
Éiríonn an sagart, faigheann sé ceann de na pluideanna agus scarann sé ar thaobh na mná rialta í.
Tamall beag ina dhiaidh sin, deir an bhean rialta:
- A athair, tá mé fuar fós. An bhféadfá pluid eile a fháil dom?
Déanann sé amhlaidh láithreach.
Ar ball beag, iarraíonn an bhean rialta pluid eile. Deir an sagart léi:
- Má tá tú ag iarraidh fanacht te, ba cheart dúinn a dhéanamh mar lanúin phósta.
Tá iontas ar an mbean rialta, ceart go leor, ach ós rud é gurb eisean an sagart, deir sí:
- Tá go maith, a athair, má tá tú cinnte nach sárú móide a bheadh ann.
Freagraíonn an sagart gan leisce dá laghad:
- Tá mé cinnte. FAIGH FÉIN AN PHLUID MHALLAITHE ÚD !!!