Fíorscéal ón Ollscoil anseo i nGaillimh:
Thainig mac léinn isteach in oifig an ollaimh óig. Bhreathnaigh sí thart, dhruid sí an doras, agus thit sí ar a glúine os a chomhair amach.
"Dhéanfainn aon rud go n-eirí an scrúdú liom", adúirt sí, ag caitheamh a cuid gruige siar óna guaillí agus ag féachaint isteach go domhanda ina shúile.
"Aon rud", a dúirt sí aríst, i gcógar. "Aon rud".
"Aon rud?" a d'fhiafraigh an t-ollamh óg.
"Rud ar bith." a d'fhreagair sí go réidh.
Mhaothaigh an t-ollamh. "Dhéanfá rud ar bith?"
"Dhéanfainn".
I gcógar, d'fhiafraigh sé, "An ndéanfá ... stáidéar"?