Ti-Boy agus na Madraí

Dála a athar, Ti Charlie, agus a uncail, Ti Antoine, fear mór scafánta ba ea Ti-Boy LeBlanc. Bhí maistín mór millteach aige an madra ba mhó i bParóiste Terrebonne, Louisiana.

Tráthnóna amháin bhí Ti-Boy ag ól beorach agus ag ithe boiled crawfish lena chuid cairde i dteach tábhairne ar Route 20. Tháinig strainséir isteach. Tar éis cúpla focal leis an mbartender, chuaigh an fear seo go dtí Ti-Boy.

Strainséir: An leatsa an mada mór amuigh ansin?

Ti-Boy: Sea. Is liomsa é.

Strainséir: Bhuel, tá mo mhadasa théis do mhadasa a mharú.

Ti-Boy: Mharaigh do mhadasa mo mhadasa? Incroyable! Cén sórt mada tá agat, anyway?

Strainséir: Chihuahua.

Ti-Boy: Chihuahua!?! Tá tú ag tarraingt asam! Dheamhan seans ag mada beag bídeach mar sin aon damáiste a dhéanamh do mhada atá chomh mór le bromach!

Strainséir: Tá mé á rá leat gur mharaigh sé é.

Ti-Boy: Cén chaoi?!

Strainséir: Chuaigh an créatúirín i bhfostú ina scornach...

Nótaí:
1. ti (<- petit) = beag i bhFraincis Cajun
2. Tá paróistí acu in áit contaetha i Louisiana.
 
1995-09-14 CPD