Triúr Ban Rialta
Lá breá amháin, bhí triúr ban rialta amuigh ina bhFord Fiesta nuair a
bhain timpiste dóibh. Toradh: triúr marbh. Siúd iad de phreab ina
seasamh os comhair Pheadair Naofa, a dúirt leo:
- "Bhí an triúr agaibh dea-bhéasach dea-bheathach i gcónaí, ach sula
mbeidh cead agaibh dul isteach i bParthas, caithfidh sibh test beag a
phassáil. A Shiúr Agnes, tosóidh mé leat. Cé hiad pearsana na
Tríonóide?"
- "An tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh, ar ndóigh."
D'oscail an geata mór órga, chuaigh an tSiúr Agnes isteach agus dhún
an geata ina diaidh.
- "Maith go leor, is leatsa anois, a Shiúr Dominique. Cé hé mac Muire?"
- "An-éasca, is é Íosa mac Muire."
D'oscail an geata, chuaigh an bhean rialta isteach agus dhún sé arís.
- "Anois, a Shiúr Vianney, cé na chéad focail a dúirt Éabha le Ádhamh?"
- "A thiarcais, is crua an ceann sin!"
Agus d'oscail an geata...