Tháing an diúlach seo, a raibh cónaí air i mbaile beag i lár na tíre, tháinig sé ar cuairt ar an mBaile Mór. Bhí sé ag falróid thart agus roimh i bhfad mhothaigh sé go raibh sé ag éirí dorcha. Bhuail cailín bleid air, agus ise gléasta le haghaidh obair na hoíche:
Hey stud! An bhfuil comhluadar ag teastáil uait?
Ní raibh sé cinnte gurbh é sin go díreach a bhí uaidh, ach d'fhreagair sé go béasach mar sin féin:
- Bhuel, b'fhéidir, ach ní dóigh liom gur féidir leat an rud a fhaighim sa mbaile a thabhairt dom.
- Fadhb ar bith, a chroí. Is gairmí mise. Pró cruthanta. Ní bheidh díomá dá laghad ort.
- Ach ní dóigh liom gur féidir leat an rud a fhaighim sa mbaile a thabhairt dom.
- Éist, a stór, is saineolaí mé. Níl rud ar bith ann nach bhfuilim in ann chuige. Seans maith go mbeidh ionadh ort!
- Creidim é. Mar sin féin, is dócha nach mbeidh tú sásta an rud a fhaighim sa mbaile a thabhairt dom.
- Tá go maith! Cad é go díreach a fhaigheann tú sa mbaile atá chomh fíor iontach?!?
- Earra ar cairde.