Sochtheangeolaíocht

Céard is Sochtheangeolaíocht ann? Craobh teangeolaíochta atá inti atá ag pléadh leis an chomhthionchar atá ag an teangain agus ag an tsochaí ar a chéile. Chan fhuil aon teanga inmharthana gan sochaí ina bhfuil sí á h-úsáid, agus nuair a deirimid go bhfuil teanga ínteacht ag foghlaim an bháis, ní chiallaíonn sin go bhfuil sí buailte le meath inmheánach de sheort ínteacht ionas nach bhfóireann sí mar mheán cumarsáide a thuilleadh. Go bhfios domh is beag teangeolaí a chreideanns ina leithéid de theoiricí fá láthair. Is ionann an teanga bás a fháil agus lucht a labhartha a bheith ag éirí as a labhairt. Má chluineanns muid go minic inniu lucht na Gaeilge ag meascadh Gaeilge agus Béarla san abairt chéadna agus iad in ainm a bheith ag canadh na Gaeilge, cha dtig a rádh gurb é an meascra seo is ciontaí leis an teangain a bheith ag gabháil chun teirce. A ghlanmhalairt atá fíor. Is é an laghdú sóisialta is ciontaí le meathlú an fhoclóra agus na gramadaí. Ligtear na focla maithe Gaeilge i ndearmad ó nach bhfuil gádh leofa - tuigeann achan duine na focla Béarla cibé; agus má thuigeann, fíric SHÓISIALTA atá ann. Má athraítear an staid shóisialta, tiocfaidh an teanga ar a seanléim arís.

Nuair nach rabh san Fhionlainnis ach gnáthurlabhra pobail, bhí buaireamh an domhain ar lucht a hathbheochana ar a son, toisc go rabh an seort Fionlainnise a bhíodh á labhairt sna cathracha is sna bailte móra truaillithe go gránna leis na focla Sualainnise. Chuir siad áfach go daingean ar a son agus chuaidh acu teanga oifigiúil a dhéanamh daoithi. Ar ndóighe bhí siad in amhras agus i ndrochamhras faoi an dtiocfadh le lucht a scríofa choíche aon litríocht a fháscadh aisti a sháróchadh leibhéal na mbunleabharthach scoile, nó an éireochadh le haon duine tráchtas a scríobh ar leictridinimic an chandaim nó ar fhísic an adaimh as Fionlainnis. An té a chuirfeadh an cheist chéadna inniu ghnífinnse ula magaidh de: éiríonn, agus fáilte! Nuair a tharlaíonn sé a bheith ina riachtanas sóisialta tráchtais den tseort sin a chumadh as Fionlainnis nó Gaeilge, as Íoslainnis nó Catalóinis, as Urdu nó Hindi, as Shughn-Roshan nó Táidjicis, cumfar iad; agus arna dhéanamh sin cha dtuigeann duine ar bith cad fáth a b'fhacthas do na glúntaibh roimhe sin go rabh deacrachtaí ar leith ag baint leis an obair sin.

Tá achan teanga in ann achan rud a dhéanamh. Mura dtéan, is fíric shóisialta sin. Chan fhuil aon chonstaic theangan i mbealach na dtráchtas físice Gaeilge. Constaic shóisialta atá ann.

Panu Höglund a sgríobh,
1996-08-27

 
1997-01-17 CPD