Mórscrios ar theangacha agus ar chultúir
Ní hí Éire is mó atá i mbaol!

Alt ón nuachtán Anois, 1996-01-13

San eagrán reatha den seachtanán New Scientist, ní ar an spástaisteal, ar fhionnachtana sa leigheas nó sa teicneolaíocht, ná ar chúrs' éiceolaíochta atá scéal an chlúdaigh dírithe, ach ar a bhfuil de theangacha agus de chultúir i mbaol a scriosta.

Nuair a imeoidh na teangach sin imeoidh níos mó ná modh cumarsáide ar leith; imeoidh stóras eolais, imeoidh filíocht agus fealsúnacht, dearcadh ar leith ar an saol, taithí ar leith ar an saol, tuiscint ar leith ar an saol, an chuimhne shinseartha agus a ngabhann léi agus líonfar an Tost a leanfaidh le gibris na meán cumarsáide.

Tuairiscíonn Gail Vines san New Scientist nach bhfuil cathú ar bith ar na barúin teileachumarsáide má thagann na mórtheangacha in áit na dteangacha neamhfhorleathana mar is dóigh le fathaigh na meán go mbeidh órd nua dá réir ann agus, i ndeireadh na dála, síocháin!

Tá teagmháil déanta ag cúig mhórtheanga lena leath de dhaonra an domhain agus is iad na mórtheangacha sin ná an tSínis an Béarla, an Spáinnis, an Rúisis agus an Hiondúis. Cad faoin 6000(+) teanga eile? Cad atá i ndán dóibh? An Tost?

Síltear anois nach mairfidh a leath acu! Faoi dheireadh an chéid seo feicfear adharc fíorthruamhéalach - na cainteoirí dúchais deireanacha ag fáil bháis agus an Tost Mór ina ndiaidh.

Tá sé ag tarlú cheana. Poblacht bheag san Aigéan Ciúin é Vanuatu. Is ann atá cónaí ar an gcainteoir dúchais deireanach Aore. Nuair a chaillfear an duine sin - an Tost. Tost na Reilige.

Labhraítear breis is 90 teanga san Aetóip. Ceann de na teangacha sin is ea Ongota. Líon na gcainteoirí Ongota? 19!

Teanga eile sa tír sin is ea Elmóló. Líon na gcainteoirí Elmóló? Seisear!

Teanga eile fós san Aetóip ná Gafat. Cailleadh an bheirt dheireanach a labhair an teanga sin nuair a thug teangeol' as an dufair iad chuig na garbhchríocha áit ar thog siad slaghdán - an Tost.

An tríú cuid de theangacha an domhain tá níos lú ná míle cainteoir acu. Cén seans atá ag teanga nach bhfuil aici ach míle cainteoir?

Dar le Michael Krauss, teangeolaí in Ollscoil Alasca, Fairbanks, ní mhairfidh ach 600 de theangacha an domhain. Is díol spéise é a bhfuil le rá ag Krauss faoi na comharthaí sóirt is cóir dúinn a bheith ag faire amach dóibh agus teanga ag meath.

Ba iad na comharthaí sóirt iad a chonaiceamar féin sna Breac-Ghaeltachtaí agus a fheicimid i gcodanna de na Fíor-Ghaeltachtaí sa lá inniu, faraor...

Sa chéad áit ní mhúineann na tuismitheoirí an teanga dá bpáistí níos mó - is é sin le rá, má labhraíonn siad eatarthu féin í, ní labhraíonn siad leis na páistí í. Sin é an chéad chomhartha.

An dara comhartha ná na páistí féin agus gan aon fhonn orthu an teanga shinseartha a fhoghlaim ná a labhairt.

Níl ach dhá theanga den scór teanga dhúchais in Alasca atá á bhfoghlaim ag páistí, a deir Krauss.

Tá an Tost Mór ag leathnú ar fud na cruinne, i Meiriceá Thuaidh, i Meiriceá Theas, i bPapua Nua-Ghuine ...

Thosaigh an meath i ré an choilíneachais i bhfad sular tháinig ann do ré na meán cumarsáide. Cuimhnigh ar shibhialtacht mhór an Inca i bPeiriú. Réabadh a reiligí agus leádh na seoda beannaithe reilige chun cur le ciste Rí na Spáinne. Bhí an pobal cloíte ach mar sin féin choinnigh siad seargáin a gceannairí ríoga faoi rún agus d'ofráiltí tíolacthaí dóibh. Shocraigh na húdaráis go gcaithfí adhlacadh Críostaí a thabhairt do na seargáin sin! Sheas an pobal dúchasach ar thaobh an bhealaigh mhóir agus na seargáin á dtabhairt chun siúil ag na conquistadores...

Is cuma cad iad na modhanna atá in úsáid, barbarthacht amach is amach is ea teanga a chur in áit teanga eile, cultúr a chur in áit cultúir eile. Barbarthacht na haoise seo leathadh an Tosta! Agus tá ceangal idir meath seo na dteangacha agus an laghdú tubaisteach atá tagtha ar bhithéagsúlacht na cruinne.

Cén saghas timpeallachta a theastaíonn uainn? Ní féidir díriú ar an timpeallacht fhisiciúil amháin agus dearmad a dhéanamh ar an timpeallacht spioradálta. Bíonn gá acu lena chéile.

Creideann Mark Pagel, bithmhatamaiticeoir i Roinn na Zó-eolaíochta, Ollscoil Oxford, go dtarlaíonn buanathrú ar inchinn an duine nuair a shealbhaíonn sé teanga. Athrú ar d'inchinn is ea athrú ar d'inntinn chomh maith, a deir an New Scientist linn.

Mar sin ní hionann inchinn agus intinn an Ghaeilgeora, an Bhreatnaiseora, an Bhéarlóra, agus ní fhéadfaí tromluí todhchaíoch níos scanrúla a shamhlu' ná iad go léir a bheith aon-chineálach.

Dá n-éireodh linne ní hamháin an Ghaeilge a choinneáil slán sna Gaeltachtaí agus sna cathracha, ach í a neartú agus gach gné den chruthaitheacht a bheith á saothrú inti, is é a bheadh ar siúl againn, ar shlí, ná frithchultúr a chur ar fáil, rogha eile do na glúine a thiocfaidh, rogha eile ó thaobh na smaointeoireachta agus na siamsaíochta de, slí eile mhaireachtála.

Síltear gur baineadh buaic na teangéagsulachta amach 15,000 bliain ó shin nuair a bhi' 10,000 teanga á labhairt agus daonra an domhain 500 uair níos lú ná mar atá sé faoi láthair. Ba é leath na talmhaíochta an chéad chéim mhór i dtreo an aonchineálachais.

Amach sa chúigiú céad déag a chuir na hEorpaigh tús leis an gcoilíneachas ar thagraíomar cheana dó; réabadar agus scriosadar - go minic in ainm na Críostaíochta agus na sibhialtachta - agus d'fhágadar an léan agus an tost ina ndiaidh.

Ar ndóigh, in eipic seo ár linne, eipic mheath na gcéadta teangacha, tagaimid ar fhonóta nó dhó ar tuar dóchais iad - ach is tearc iad. Ó thit Aontas na Sóivéadach as a chéile tugadh léas nua beatha don Livóinis, teanga a bhí á labhairt ag na mílte daoine ar chósta na Laitvia trh den saol. Ní raibh fágtha tar éis thitim an Aontais Shóivéadaigh ach deichniúr cainteoirí dúchais. De réir staitisticí Krauss agus eile bheadh an tost tagtha roimh dheireadh an chéid. Ina áit sin tosaíodh ar ranganna Livóinise a eagrú i sráidbhailte na tíre, maoiníonn rialtas na Laitvia clár míosúil raidió agus nuachtán - i dteanga nach raibh foirm scríofa aici go dtí seo.

Níl an cath caillte! Ní ag snámh in aghaidh easa atáthar - go háirithe má chuirimid staid na hÉireann i gcomparáid leis an staid in áiteanna eile ar domhan.

Tá ar ár gcumas a chruthú dúinn féin agus don saol mór go n-aithnímid comharthaí sóirt an aonchineálachais agus an Tosta agus nach iad is mian linn á fhágáil inár ndiaidh.

Ní hé cás na hÉireann an cás is measa ar domhan - i bhfad uaidh - ach ní healaín dúinn ach an oiread ár maidí a ligean le sruth.


Ainneoin nach bhfuil fáidh ar bith inár measc a déarfadh cén bail a bheidh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht sa bhliain 2096 is féidir a rá ar a laghad ar bith go bhfuil stádas bunreachtúil ag an nGaeilge; go bhfuil comhlacht reachtúil againn, Bórd na Gaeilge, chun an dátheangachas a chur chun cinn; go bhfuil foclóirí againn agus go bhfuiltear ag féachaint i ndiaidh na nuathéarmaíochta; gur teanga ársa i an Ghaeilge a mbaineann saobhreas litríochta agus béaloidisi léi; go bhfoilsítear breis is 100 leabhar Gaeilge in aghaidh na bliana gan trácht ar fhoilseacháin; go bhfuil stáisiúin raidio' againn agus a'r gcainéal teilifíse féin ar na bacláin. Is iomaí cultúr agus teanga a bheadh in éad linn mar is iomaí teanga atá ag saothrús an bháis i láthair na huaire, a scríobhann Gabriel Rosenstock


SMO 1996-01-16 CPD