Comhairle fá naisc atá briste

Má thagann tú ar nasc atá briste ar ár suíomh, nasc ceangailte le leathanach a bhí ar suíomh eile agus nach bhfuil ann anois, is dócha go mbeidh tú in ann sean chóip den leathanach céanna a aimsiú gan mórán dua.

An chéad rud atá le déanamh ná seoladh an leathanaigh (an tURL) a chur isteach sa WayBack Machine. Is minic a gheobhaidh tú seanchóip den leathanach atá de dhíth ort ar an dóigh sin.

No bain triail as an WayBack Machine ag tosnú le seanchóip dár suíomh agus ag déanamh do shlí uaidh sin go dtí an leathanach.

Más le déanaí a d'imigh an leathanach ón Idirlíon, agus má tá sraith ghairid de fhocail ón leathanach ar eolas agat (ó sheanchóip de a fuair tú ar an WayBack Machine, cuir i gcás), is féidir go bhfaigheadh tú cóip réasúnta nua de i dtaisce ag GoogleYahoo no ag inneall cuardaigh eile. (Seans go bhfaighidh tú an leathanach féin, más amhlaidh gur aistíodh é go dtí seoladh nua ar an Idirlíon.)

(Má bhíonn an Wayback Machine mall, thiocfadh leat triail a bhaint as an sgáthán ag bibalex.org.)

2008-02-06 CPD