| Colm Mac Aindreasa |
| Waddaboutye? |
Má tá ceisteanna ar bith agat maidir leis an
dom agus tá sé ar intinn agam anseo eolas faoi
cultúr Gaelach mo chathair dhúchais a chur ar
fáil daoibh. Tá mé ag obair anseo.
t-eolas atá curtha ar fáil agam,thig leat dul
i dteagmháil liom trí ríomhphost (féach "scríobh
chugam" thíos).
Agus an méid sin ráite, tá níos mó speis agam sa chraic ná san obair, agus pionnta leann dubh a bhéas agam, má tá ceann a thairiscint agat. Léimis an pháipéar áitiúil, an Andersonstown News, nó is féidir linn téip le Bréag nó Ceoltóirí Rossa a chuir sa tsiúl agus 'ciceáil siar' tamall.
Cad é eile atá le rá? Tá súil agam go bhfuil an t-eolas atá anseo úsáideach agaibh, nó spéisiúil ar a laghad, agus fáiltím roimh bhur dtuairimí.
TÁ an t-eolas uilig anseo bunaithe ar Bhéal Feirste nó air na fiontar a bhfuil baint agam féin leo. Más eolas faoin Ghaeilge, nó na teangacha agus cultúir Ceilteacha go ginearalta atá uait, féach an chuid eile de na comhaid atá anseo ag Sabhal Mòr Ostaig (Tá nasc ag deireadh an leathanaigh)
Tá buíochas mór ag dul to Chaoimhín Ó Donnaíle agus do Shabhal Mòr Ostaig as an deis seo a thabhairt dom le mé féin agus a bhaineann liom a chuir a láthair an tsaol.
Tá fáilte romhat scríobh chugam, (le sínte fada in áit má tá sé ar do chumas sin a dhéanamh) más maith leat. Déanaim mo dhícheall freagra a thabhairt ar ghach teachtaireacht a thagann chugam, ach más bille atá ann, ná bígí ag coinneal bhur n-anaill!
I ndáiríre, fáiltím roimh comhfhreagras, agus go háirithe roimh bhur dtuairimí maidir leis an méid atá agam anseo daoibh.
& cuimhnígí nuair atá sibh ag surf -áil...
| Ní hé an duine a d'fhigh gréasán na beatha, Níl ann féin ach snáith de. Cibé a dhéanann sé don ghréasán, déanann sé do féin... |