BRÉAG

Jah sa Jungal

(Ó tharla gur grúpa measartha nua iad Bréag, fiafraíonn daoine futhu go measartha minic. Mar sin de, seo chugaibh beagan eolais. Scríobh mé an sliocht seo thíos d'eagrán na Samhna de Nasc, iris Ógras, óg-eagraíocht Chonradh na Gaeilge)

Caoimhín, Tomás, Nic, Peadar agus Gearóid ag busk-áil ar shráideanna Bhéal Feirste

Cnuasach ocht n-amhrán atá anseo - amhráin nuachumtha, aistriúcháin, athchóiriú, Reggae, seanamhráin, calypso, gitano, brón, greann, osréalaíocht - níl ach rud amháin i gcoitinne ag na hamhráin seo, agus is é sin an éagsúlacht!

Caoimhín Mac Giolla Catháin, Gearóid Mac Lochlainn, Peadar ó hAnluain, Nic Saidléir, Andy Whitson, Misha Langamere agus Tomás Mac Seáin. Más fada liosta bhaill an ghrúpa, is faide arís liosta na réimsí ceoil a sheineann siad le chéile.

Tá Bréag ar an saol le tamall beag de bhlianta anois, agus de réir a chéile tá Gaeil na tíre ag cur aithne orthu. Bíonn coirmeacha ceoil acu i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh i measc áiteanna eile, cluintear iad ar Raidió na Gaeltachta, agus feicfear iad ar Theilifís na Gaeilge. Ach anois tá faill aithne a chur ar an ghrúpa ceoil is bríomhaire beoga dar tháinig ón tír seo le fada an lá, mar tá Jah sa Jungal, an chéad téip uathu, anois ar an saol. Labhair mé le Caoimhín Mac Giolla Catháin, príomhcheoltóir, seinnteoir feadóg stáin agus giotaraí le Bréag:

"Is é seo an chéad téip de chuid Bréag" arsa Caoimhín;

"Nuair a thosaigh muid amach ar an scéim seo, bhí sé mar rún againn 'demo' a dhéanamh le cuir chuig comhlachtaí ceirnín in Éirinn, ach de thairbhe an méid sin daoine ag iarraidh orainn albam a dhéanamh go gasta, shocraigh muid go ndéanfadh muid 'demo/albam' ag aon am amháin."

Ach cad faoin téip féin? Is grúpa iad Bréag atá ag dul chun cinn le ceol domhanda Éireannach - nó, mar a thugann siad féin air, Raggal-dí-dí.

"Rinneadh Jah sa Jungal taobh istigh de dhá lá agus, mar a chluinfidh sibh, tá ceol úr neamhchoitianta ar léith le fáil ann. Tá stíleanna éagsúla le cluinstin - calypso, reggae, daoncheol - agus iad uilig ceangailte le ceol dúchais na hÉireann."

Maidir le ceolchoirmeacha, tá clú agus cáil ar an ghrúpa anois ar fud na hÉireann. Bíonn siad ag seinm go minic i mBéal Feirste agus i nGaillimh agus thug siad tacaíocht do ghrúpaí móra ar na mallaibh Shane Magowan and the Popes agus Mano Negra ina measc - rud atá an-deacair ag grúpa a bhíonn ag ceol i nGaeilge amháin agus iad gan chonradh le comhlacht ceirnín ar bith go fóill.

Chomh maith le seo, tá comhlacht físe ag déanamh cláir fúthu do Theilifís na Gaeilge agus tá clár déanta cheana ag an BBC ina raibh siad páirteach.

Ocht n-amhrán atá ar an téip, agus má tá cóip uait, nó má tá tuilleadh eolais uait faoi Bréag, gabh i dteangmháil le Gearóid Mac Lochlainn nó Caoimhín Mac Giolla Catháin, faoi chúram: Glór na nGael, 145 Bóthar na bhFál, Béal Feirste (+44 1232) 232608
Sin, nó tá an téip ar fáil ón Ceathrú Póilí, an siopa leabhar sa Chultúrlann i mBéal Feirste. Tá an seoladh anseo.

I.S. Más rus é go n-ordaíonn tú an téip de thairbhe an méid atá léite/cloiste anseo agat, ná déan dearmad a lua cá háit a bhfuair tú eolas air! (GRMA - Colm)


Seo thíos liosta na n-amhrán. Má tá sé ar do chumas fuaimeanna a sheinm, tá samplaí de roinnt acu (i bhfoirm .wav ann chomh maith. Níl an chaighdeán taifeadtha ró-ard, ach tabharfaidh sé blaiseadh daoibh.

Jah sa Jungal (24 soicind. 520K)
(C. Mac Giolla Cathain, G. Mac Lochlainn, P. Ó hAnluain, N. Saidléir © 1995)

Damhsa an Spailpín
(C. Mac Giolla Cathain © 1995)

Molly Ní Chuilleanáin
(Traid. cóir. G. Mac Lochlainn © 1994)

Push Them By
(C. Mac Giolla Cathain © 1995)

An Bóthar Mór (47 soicind 1012K)
(Traid. cóir. C. Mac Giolla Cathain, G. Mac Lochlainn, P. Ó hAnluain, N. Saidléir. Focail le C. Mac Giolla Cathain © 1995)

A Nóra Bheag (32 soicind 711K)
(Traid. cóir. C. Mac Giolla Cathain, G. Mac Lochlainn, P. Ó hAnluain, N. Saidléir © 1994)

Caitlín Ní Anluain
(P. Ó hAnluain © 1995)

Cuimhne
(D. Ó Mearáin, C. Mac Giolla Cathain © 1993)


Curtha ar fáil díobh ag Colm Mac Aindreasa.
Tá fáilte roimh bhur dtuairimí.

<- C. Mac A.SMO 1995-12-16