Cathair bhríomhar, bheoga, lán chultúir agus craice é Béal Feirste, agus tá an treoir seo á chur ar fáil d'aon duine atá ag smaoineamh ar cuairt a thabhairt air.
Anseo, gheobhaidh tú eolas faoi cultúr Gaelach na cathrach, Gaelscoileanna, meáin chumarsáide, eagrais theanga agus chultúrtha agus eagrais eile, agus treoir faoi cá háit le dul san oíche más rud é go bhfuil ceol, craic agus cuideachta uait. Bain sult as do chuairt!
Ar clé, tá liosta de na rannóga eolais atá á gcur ar fáil againn. Tá sé ar intinn againn go mbeadh an liosta seo chomh cruinn, beacht agus is féidir, mar sin de, déantar é a athnuachan agus a thabhairt suas chun dáta chomh minic agus is féidir nó is gá.
Más rud é go bhfuil rud ar bith míchruinn, míbheacht, mí-iomlán nó fágtha ar lár, ba bhreá linn an t-eolas sin bheith againn, ar mhaithe linn féin agus ar mhaithe libhse, agus is féidir fios a chur orainn trí scríobh chugam ag an seoladh ar clé.
Beidh fáilte roimh thuairimí, mholtaí nó fiú 'Dia duit'.
Ó tharla go mbraitheann an cód gutháin ar an áit óna bhfuil tú ag glaoch, fagadh ar lár iad sa treoir seo. Seo thíos an dóigh leis an chód cuí a aimsiú:
Má tá tú ag glaoch ó na Sé Chontae, ach ó thaobh amuigh de Bhéal Feirste féin, is é an cód ná: (01232).
Má tá tú ag glaoch ó na Sé Chontae Fichead, is é an cód ná: (080 1232).
Ó gach áit eile, is é an cód ná: (d'uimhir do scairteanna idirnáisiúnta) (+ 44 1232).
Caoimhín Ó Donnaíle agus Sabhal Mòr Ostaig, Seán Mac Suibhne, Cathal Ó Donnghaile, Caoimhín Mac Giolla Catháin agus Bréag, Éamann Ó Faogáin, Diarmuid Ó Breasláin
Leanaigí uile leis an dea-obair!