An Ghaeilge i mBéal Feirste

Seo thíos cuir síos ghairid ar phobal Gaeilge Bhéal Feirste, bunaithe ar shuirbhé a rinne Glór na nGael darbh ainm Work Survey The Irish language and Employment in Belfast. De thairbhe go bhfuil an phobal sin beag i gcomparáid leis an phobal i gcoitinne, pléifear le tabhacht eacnamaíoch gach grúpa go haonárach.

Caithfear a chuir in iúl nach saothar chuimsitheach an saothar seo, ach go leagan sé romhat dúshraith do scrúdú níos cruinne lá níos faide anonn. Pléitear ann fosta stadas na Gaeilge sa lá atá inniu ann, mar eolas ghinearalta.

Is le fiche bliain anuas a tháinig fás ar phobal na Gaeilge i mBéal Feirste, agus is i gcúrsaí oideachais is mó a tháinig an fás sin. Is le fíordhéaí a thosaigh daoine ag plé le riachtanas stratéis eacnamaíoch le freastal a dhéanamh ar an phobal. Ach sular féidir sin a dhéanamh, is gá an phobal a fheiceáil ina iomláine.

Cúlra

Cé gur le déanaí a tháinig an fás, is go gásta a chuaigh pobal Ghaeilge Bhéal Feirste i líon. Is mar thoradh ar roinnt foinsí spreagtha éagsúla a tharla sé. Níl amhras ar bith ann go ndeachaidh an sochaí polaitiúil agus fás gluaiseacht na gcearta sibhialta sna Sé Chontae i bhfeidhm ar an mheon Gaelach sa chathair. Go minic is mar comhartha féiniúlachta a ghabh daoine chucu féin an Ghaeilge, agus chuir gluaiseaht na gcearta sibhialta go mór le féinmhuinín sa phobal náisiúnach. Thosaigh seo le bunú Gaeltacht Bhóthar Seoigh ag tús na trioblóidí nuair a lonnaigh baicle de theaghlaigh Gaelacha ar imeall na cathrach. Bhí na daoine seo ina gceannródaithe teanga ar feadh na daicheadaí, caogaidí agus seascaidí. Bhí ionad siamsaíochta agus oideachais, an Ardscoil, ag Conradh na Gaeilge sa chathair agus Cumann Chluain Ard barrthabhachtach mar ionaid ag an am. Mhair an Ardscoil mar phríomhionad Gaeilge sa chathair go dtí gur scriosadh i dtine é i 1984. Bhí brúghrúpaí, foilseacháin, grúpaí soisialta srl., tógtha ag an ghlúin óg Gaeil seo sna seascaidí ach nuair a thosaigh siad ar phósadh agus teaghlaigh a thógáil, thosaigh siad fosta ag smaoineamh ar na hinstitúidí agus achmhainn a bheadh de dhíth mar bhí an Ghaeilge le bheith ag an ghlúin a tháinig ina ndiaidh. Bhí an teanga anois ina shlí beatha seachas ina ábhar speise.

Ní raibh an tacaíocht seo ag dul a theacht ón stát, a bhí ag an am faoi stiúir iomlán ag Aontachtóirí Stormont, agus cos-ar-bholg a imirt ar an phobal náisiúnach. Faoi sé faoin phobal féan dul chun cinn a dhéanamh. Socraíodh ar píosa talún a bhí (ag an am) ar imeall na cathrach a cheannach mar chomharchumann agus tógadh tithe ansin, agus níos moille anonn, scoil i mbothán sealadach. Chuaigh cúig theaghlach a chónaí ann, agus tuilleadh de réir a chéile. Bhí an scoil mar an chéad céim ar shlí na hathbheochána agus thug sé sampla do Bhéal Feirste agus do na bailte timpeall. Go dtí le déanaí ní raibh aon mheánscoil Gaeilge sa chathair, agus b'éigean do na dáltaí dul chuig meánscoileanna Béarla. Chonacas ansin go raibh caighdeán an-ard oideachais acu, agus spreag sé seo tuismitheoirí ó theaghlaigh taobh amuigh de phobal Gaeilge na cathrach.

Nuair a bunaíodh coiste áitiúil de Ghlór na nGael i 1982, bhí ról lárnach acu i bhforbairt na Gaeilge. Thug Glór tacaíocht do shraith naíscoileanna a bhí ag preabadh aníos fud fad na cathrach. Bhí borradh faoin Ghaeilge i ngach ceantar náisiúnach sa chathair, cé ag an am nach raibh gluaiseacht sofheicthe Gaeilge le sonrú. Ba bheag an tacaíocht a bhí ag foghlaimeoirí taobh amuig dá gcuid ranganna.

Faoi dheireadh na seachtóidí d'fhág an chéad grúpa páistí Bunscoil Phobal Feirste. Ba é an t-aon scoil Gaeilge i mBé eite agus bhí seachtar dálta ann nuair a d'oscail sé. Faoi dheireadh na hochtóidí bhí 400 dálta ag an scoil, bhí an dara scoil, Gaelscoil na bhFál, faoi lán seoil, agus bhínaonar naíonra ar fud na cathrach. Bhí bunú , an chéad nuachtán laethúil Gaeilge, oscailt siopa leabhar An Ceathrú Póilí, bunú rannóg Gaeilge i Raidió Uladh, agus grúpa drámaíochta Aisteoirí Aon Dráma mar fhiontar a bunaíodh ag an am nach raibh baint acu le cúrsaí oideachais. Lena cois, bhí iris míosúil, An tUltach, ar fáil ó 1926, agus bhí Cumann Chluain Ard go fóill faoi bhláth mar ionad ranganna agus saimsaíochta.

Cuireadh luas faoi chúrsaí ag tús na nochaidí le hoscailt Cultúrlann Mhac Adaim Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál. Is ansin a d'oscail Meánscoil Feirste don chéad uair, agus bhog LÁ, Aisteoirí Aon Dráma agus An Ceathrú Póilíisteach ann chomh maith. D'oscail, caife, An Caife Glas, agus don chéad uair bhí ionad gníomhaíochta agus eacnamaíoch ag pobal na Gaeilge

Bhí tionchar iontach ag bunú na Cultúrlainne ar an teanga. Chrúthaigh sé bród agus deámhothú i measc Gaeil na cathrach. Reachtaladh réimse eathan imeachtaí sa Chultúrlann agus dá bharr tá íomha níos poiblí ná riamh ag an Ghaeilge i mBéal Feirste. Tá an Chultúrlann mar ionspráid ag pobail Gaelacha ar fud na tíre sa lá atá inniú ann, agus bliain ina dhiaidh a oscailte, bunaíodh fiontar cosúil leis i nGaoth Dóbhair. Bhí stÁisiún raidió , féiltí bliantúil, , comórtais ceoil agus drámaíochta i measc na na himeachtaí a tháinig ón Chultúrlann, agus tá comhlacht teilifíse i measc iad siúd atá beartaithe.

Taobh amuigh den Chultúrlann, bunaíodh ionad oideachais do dhaoine fásta, Ionad Uíbh Eathach, scáthghrúpa do Ghaelscoileanna, Gaeloiliúint, agus Craobh na Scríbhneoirí.

Ba íorónach an scéal go bhfuair muintir na Cultúrlainne maoiniú ón rialtas go díreach ag an am ar baineadh airgead de Ghlór na nGael de thairbhe líomháintí go raibh siad ceangailte le grúpaí paraimíleata. Ainneoin brú ó ghrúpaí pobail agus ó bheagnach gach polaiteoiríin Éireann agus i Sasana, dhiúltaigh an rialtas soiléiriú a dhéanamh ar a gcuid líomháintí agus bhí gá le cás cúirte agus feachtas láidir le tabhairt orthu deireadh a chuir le coinneáil siar an t-airgead i 1992.

Na Grúpaí Aonáracha

Duine atá ag obair leis an Ghaeilge i mBéa Feirste,móas gobl d ar le ceann de na grúpaí seo a leanas, a ndéarnadh tagairt cheana dá mbunús: Bunscoil Phobal Feirste, Gaelscoil na bhFál, Glór na nGael, An Cultúrlann, An Caife Glas, An Ceathrú Poilí, Taca, Gaelghnó, Aisteoirí Aon Dráma, Lá, Meánscoil Feirste, Raidió Fáilte, Cumann Chluain Árd, Craobh na Scribhneoirí, An Iontaobhas Ultach, na naíonraí Gaeilge, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Bunscoil Ard Eoin, Bogearraí sa Ghaeilge.

Tabharfaidh spléachadh ceann ar cheann ar na grúpaí seo léargas níos soiléire de stádas na Gaeilge i mBéal Feirstefaoi láthair. Dár le Glór na nGael tá ós cionn 220 agus saothrú a mbeatha nó fáil traenáil trí Ghaeilge anseo faoi láthair. 33% sna scoileanna agus 14% ag teagasc do dhaoine fásta, cé nach dtugann seo obair dheónach san áireamh. Ós rud é go bhfuil céatadan comh hard sin ag baint le hoideachas, pléifear Gaelscoileanna agus grúpaí eile i rannóga éagsúla sa treor seo.