Tá GAELOILIÚINT ag feidhmiú sna Sé Chontae, dála GAELSCOILEANNA ó dheas, ag comhordú na scoileanna gaelacha agus ag tabhairt spreagtha, misnigh, treorach agus comhairle do na pobail éagsúla atá ag obair iontu.
Níl Roinn Oideachais na Sé Chontae ar dhóigh ar bith báúil le fás na Gaelscolaíochta abhus. Is ar éigean a aithníonn siad a leithéid bheith ann. Níorbh fholáir dóibh géilleadh don chéad scoil, Bunscoil Phobal Feirste, mar gheall ar bhrú polaitiúil i ndiaidh trí bliana déag de streachailt agus d'obair dheonach. Diaidh ar ndiaidh, tá siad ag tabhairt faoi deara nach bhfuil an feiniméan oideachais agus athréimnithe seo chun stopadh ach níor athraíodh a bpolasaithe mórán ina aineoinn sin.
Níl aird ag Rialtas na Breataine ar riachtanais Ghaeilge sa Stát seo- tá an Bhreatnais níos tábhachtaí, más fíor, le freastal ar chúrsa oiliúna anseo!! Feictear an dóigh ar mhaoinigh Rialtas na Breataine scoileanna Breatnaise dara leibhéil nuair a bhí siad beag agus ag tosú. Anseo b'éigean don chéad iarbhunscoil Ghaeilge sna Sé Chontae, Meánscoil Feirste, cás cúirte a ghlacadh chun na hEorpa in éadan Rialtas na Breataine. Léiríodh solúbthacht sna cúrsaí aitheantais sa Bhreatain Bheag agus maoiníodh scoileanna ón chéad lá riamh a bhí chomh beag le Meánscoil Feirste. Diúltaíonn an Stát céanna aon aitheantas a thabhairt do Mheánscoil Feirste i ndiaidh 4 bliana.
Tá cúig bhunscoil Ghaeilge aitheanta agus maoinithe faoi láthair ag na húdaráis ó thuaidh,ceann acu ina saitilít agus ceann eile ina sruth. Ní hamhlaidh do na cinn eile agus tá raidhse díobh ann.
Aige seo thíos liosta de na scoileanna atá ann faoi láthair nach bhfuil maoinithe agus meastachán garbh de na riachtanais airgeadais atá orthu. Le cuidiú Dé, beidh do Roinn in inmhe tarrtháil éigin, más beag féin é, a thabhairt ar na pobail seo agus beagán den ualach airgeadais a bhaint díobh.
Meánscoil Feirste 1991 95 8l & 8p £220, 000 + cóiríocht
Bunscoil an tSléibhe Dhuibh 1993 12 2l £28, 000 + cóiríocht
+ Naí-ionad an tSléibhe Dhuibh 1994 17 1l & 2p £10,000 + cóiríocht
+ Naíonra Bharr an Chluanaí 1988 13 1l & 1p £7,500 + cóiríocht
+ Naíonra na Móna 1990 13 1l & 1p £7,500 + cóiríocht
Bunscoil Bheann Mhadagáin 1994 10 2l & 1p £35,000 + cóiríocht
+ Naí-ionad Bheann Mhadagáin 1994 14 1l & 1p £7,500 + cóiríocht.
Naíscoil Ard Eoin 1984 10 1l & 1p £7,500 + cóiríocht
Naíscoil an Lóiste Úir 1989 10 1l & 1p £7,500 + cóiríocht
Naíscoil an Droichid 1990 10 1l & 1p £7,500 + cóiríocht
Naíscoil na Fuiseoige 1987 14 1l & 1p £7,500 + cóiríocht
Naíscoil Dhún Láthaí 1995 15 1l & 1p £7,500 + cóiríocht
Naíscoil Dhún Pádraig 1995 15 1l & 1p £7,500 + cóiríocht
Naíscoil Phort an Dúnáin 1995 10 1l & 1p £7,500 + cóiríocht
Naíscoil Bhreandáin 1970 50 2l & 2p £15, 000 + cóiríocht
+Naí-ionad Bhreandáin 1985 50 2l & 2p £15, 000 + cóiríocht
Naíscoil na bhFál 1985 40 2l & 2p £15, 000 + cóiríocht
+Naí- ionad na bhFál 1991 40 2l & 2p £15, 000 + cóiríocht
Bunscoil an Iúir 1987 32 3l & 1p £68, 000 + cóiríocht
+ Naíscoil an Iúir 1987 26 2l £10,000 + cóiríocht
Meánscoil Dhoire 1994 14 2l & 4p £45,000 + cóiríocht
Bunscoil Luraigh 1993 8 1l £16,000 + cóiríocht
+ Naíscoil Charn Tóchair 1992 5 1l £5,000 + cóiríocht
+ Naíscoil Luraigh 1994 4 1l £5,000 + cóiríocht
Naíscoil Ard Mhacha 1989 24 1l £5,000 + cóiríocht
Naíscoil na Rinne 1985 18 2l & 1p £12,500 + cóiríocht
Naíscoil Cholm Cille 1987 14 1l & 1p £7,500 + cóiríocht
Naíscoil Ros an Bhile 1988 21 2l & 1p £12,500+ cóiríocht
Naíscoil an tSratha Báin 1994 12 1l & 1p £7,500 + cóiríocht
+ (Bunscoil an tSratha Báin 1996 8 1l £15,000+ cóiríocht)
Naíscoil Uí Néill 1994 30 2l + 1p £12,500 + cóiríocht
+ Bunscoil Uí Néill 1995 12 1l £20,000 + cóiríocht
Iomlán: 768 92 £662, 500 + cóiríochtAinm Bunaithe Daltaí Múinteoirí Airgead ag dul dóibh
Is iad bunaidhmeanna na heagraíochta seo, GAELOILIÚINT: comhordú a chur ar na tionscnaimh oideachais lán-Ghaeilge uilig atá sna Sé Chontae, tacú ar gach dóigh fhéideartha le grúpa ar bith atá ag iarraidh tionscnamh úr a thosú, feidhmiú go ginearálta mar scáthghrúpa agus mar urlabhraí don oideachas agus don oiliúint ghaelach faoi mar atá GAELSCOILEANNA a dhéanamh ó dheas.
Tá faoi láthair triúr ar cheathrar lárnach Gaeloiliúint, eadhon an Cathaoirleach, an Rúnaí, an Cisteoir agus an tOifigeach Forbartha. Reáchtáiltear cruinnithe ar bhonn míosúil ag ionaid éagsúla ar fud na Sé Chontae agus pléitear ábhair a bhaineann go dlúth le cás na scoileanna. Tá idir naíscoileanna, bhunscoileanna agus mheánscoileanna cláraithe linn mar bhaill maille le daoine aonair agus dreamanna neamhspleácha ar suim leo ár gcuspóirí. Seoltar nuachtlitir chuig na baill go léir á gcoinneáil ar an eolas faoi imeachtaí na scoileanna agus faoi fhorbairt na heagraíochta.
Oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do na páistí uilig sna Sé Chontae ar mian lena gcuid tuismitheoirí tairbhe a bhaint as agus é a chur ar fáil do gach aicme den phobal.
Teangeolaíoch
Páistí a oiliuint leis an Ghaeilge a úsáid go líofa agus le héifeacht.
Oideachasúil
A chinntiú go mbaineann páistí i scoileanna lán-Ghaeilge na gnáthbhuntáistí as a gcuid oideachais, i dtaca lena bhforbairt shóisialta, intinneach, mhothúchánach, intleachtúil, aestéitiúil, spioradálta agus ghairmiúil.
Meon a chruthú taobh istigh de na scoileanna a sholáthraíonn oideachas lán-Ghaeilge sa dóigh go n-aithneoidh na páistí go bhfuil an teanga lán brí agus tábhachta.
Cultúrtha
Aird, meas agus eolas ar fhiúntas a n-oidhreachta cultúrtha agus teangeolaíche a chothú sna páistí.
Sóisialta
Tuismitheoirí a thabhairt isteach mar phairtnéiri tábhachtacha in oideachas a gcuid páistí agus úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc na gclann a bhfreastlaíonn a gcuid páistí ar scoileanna lán-Ghaeilge.
Cuidiú le páistí agus lena dteaghlaigh cur le forbairt infrastruchtúr sóisialta an phobail ghaelaigh.
A. An staid faoi láthair
Líon na ndaltaí
Faoi láthair tá c.1070 páiste atá ag fáil bun- nó meánoideachas lán-Ghaeilge sna Sé Chontae.
Líon agus méid na scoileanna 1995/96 1996/97
Bunscoil Phobal Feirste - 350 350
Gaelscoil Bhaile Stí1 - 224 270
Gaelscoil na bhFál - 190 220
Bunscoil an Iúir - 40 54
Bunscoil na Fuiseoige - 33 55
Bunscoil an tSléibhe Dhuibh - 28 54
Bunscoil Luraigh - 8 15
Bunscoil Bheann Mhadagáin - 21 41
Bunscoil Uí Néill - 8 28
Bunscoil Ard Mhacha - 9 19
Meánscoil Feirste - 135 190
Meánscoil Dhoire - 24 46
Seoladh GAELOILIÚINT: 216 Br. na bhFál, Béal Feirste BT12 6AH.
Guthán: 323237 Faics: 239304