Teilifís agus Raidió

Ar ndóigh, ní féidir leat do chuid ama uilig a chaitheamh i dtithe tábhairne, srl., ach mar sin féin agus tú sa teach, nó san óstán nó sa bhrú, nó cibé áit ina bhfuil tú, tá an Ghaeilge thart timpeall ort ar fad!

(Féach fosta rannóg na bhfoilseachán )

Raidió

Ráidió na Gaeltachta

Tá Raidió na Gaeltachta le fáil i mBéal Feirste go measartha soiléir ach raidió maith bheith agat. Aimsigh é ar 102.7FM

Raidió Uladh (BBC)

Tá foireann láidir ag Raidió Uladh lonnaithe i mBéal Feirste agus ag craoladh ar fud na Sé Chontae. Tá cláir acu gach oíche sa tseachtain

Ráidió Fáilte

Staisiún pairtaimseartha é Raidió Fáilte a chraolann cúpla uair sa bhliain. Tá eolas maidir leis ar an bhealach.


Teilifís

Níl móran uilig le rá faoi chúrsaí teilifíse i mBéal Feirste go fóill beag. Is féidir cláir Ghaeilge mar Cúrsaí srl., a thógáil ar RTÉ, ach tá gá agat le haeróg speisialta bheith sa teach agat le sin a dhéanamh. Craolann na stáisiúin áitiúla (Shasana) corrchlár anseo is ansiúd, ach níl rud ar bith ann go rialta.

Má tá teacht agat ar RTÉ, thig leat Teilifís na Gaeilge a thógáil, cé gur féidir leis a bheith cinéal sneachtúil.