Tá an t-eolas seo ar an bhealach
Lonnaithe i Sráid Berry ar imeall lár na cathrach, tá clú agus cáil ar an teach tábhairne seo mar áit bhreá leis an cheol a chluinstin. Seisiúin cinnte gach Déardaoin, Aoine agus Satharn ó deich a chlog nó mar sin, agus corruair ar oícheanta eile. Lofa le Gaeilgeoirí. Dúnta ar an Domhnach.
Go díreach thrt an chúinne ó Mhaddens, bualann na ceoltóirí agus lucht eisteachta isteach anseo nuair a dhruideann Tí Mhadain ar a 11.00. Leantar leis an seisiún anseo.
Thíos faoi cheantar na dugaí, bíonn s&eisiún ceoil anseo ar an Chéadaoin agus ar an Domhnach. Seans amhrán (i mBéarla, ar an drochuair) a fháil ó fhear an tí roimh dheireadh na hoíche.