Leathanach 19


Finnéithe Iáivé

Le Seán Mac Craith, i Sasana

Nuair a cheannaigh mé an teach, i 1965, ina bhfuilim i mo chónaí fós, cérbh iad, meas tú, an chéad dream a rinne cosán daite chuig mo dhoras?
Finnéithe Iáivé!
De ghnáth, bíonn beirt acu ann. Ní raibh ann ach an Finné aonarach, an t-am seo.
Thug sé céim ar aghaidh agus chuir forrán orm.
Bhí mé idir dhá chomhairle, mar a déarfá, ach lig mé dó: agus thug mé faoi deara, i ndiaidh tamaill, gur bhain smidín de thuin an Éireannaigh lena ghuth.
Chuir sin ar mo sháimhín só mé.
Buailfidh mé bob air, mheas mé. Nuair a gheobhaidh mé an seans, labhróidh mé i nGaeilge leis, bascadh Shíol Éabha air!
Tháinig mo sheans. Sheas mé chomh díreach le feag, d'amharc idir an dá shúil air agus d'fhiafraigh, i nguth macánta, an raibh aon Ghaeilge aige.
Bhí! Agus lean sé leis sa Ghaeilge atá agam féin, Gaeilge na Galltachta!
Ba as Dún na nGall dó - ní raibh aon bhaint aige leis an Ghaeltacht - agus bhí deirfiúr leis, bean rialta, ina ball d'ord éigin thuas i Learpholl, dúirt sé.
Bhí an fear sin níos óige ná mise agus, leis an fhírinne a rá, ní chuireann codán d'óige na hÉireann (ná tíre ar bith eile!), cibé leithleachas a bhaineann leo, ionadh orm, gan trácht ar dhubhiontas.
Ach baineann an bhean sa chéad scéal eile leis an ghlúin a chuaigh romham.
Bhí mé ag obair i lárthailte Shasana sular bhog mé aduaidh chuig an áit ina bhfuil cónaí orm anois. Chuir mé aithne ansin ar bhean as Contae Shligigh, cara le muintir mo chéile, agus ar a fear céile is a mbeirt pháiste.
Bhain tuin agus cor cainte agus béasa thuaisceart Chonnacht léi - agus baineann fós, mar go raibh mé ag caint léi anuraidh - ions go gceapfá nár bhain sí riamh le Sasana.
Tógadh í mar dhílleachta ag na mná rialta i gcontae Shligigh, gar don áit inar rugadh í. Bhí sí, is tá, fós, ina ball de na Mormanaigh, dála a fir chéile (atá ar shlí na fírinne anois) agus a mac, atá pósta agus clann óg aige, iad go léir ina Mormanaigh; agus a hiníon, a chuaigh chuig na Stáit Aontaithe, a phós fear de bhunadh Chontae Chorcaí a bhfuil an sloinne Corcaíoch, Ó Crualaoich, air, agus tá siadsan uile ina Mormanaigh, fosta.
Chonacthas dom gur bhain suáilcí an Chríostaí riamh leis an bhean sin agus bhí sí cairdiúil cúntach leis an scaifte d'imircigh Éireannacha a chónaigh sa chomharsanacht.
Níl an tsláinte go maith aici anois - caithfidh sé go bhfuil sí sna hochtóidí - agus guím suaimhneas is sonas is beannachtaí Dé uirthi.
Is minic atá mé ar lárthailte Shasana, mar go bhfuil go leor de mo mhuintir agus de mhuintir mo chéile, lonnaithe ansin, le fada an lá; agus chaith mé deireadh seachtaine ansin, san fhómhar, ar cuairt ar dhuine den chlann a bhí san ospidéal.
Um thráthnóna, sa seomra suí dom, i ndiaidh dúinn filleadh ón ospidéal ina raibh an t-othar ag teacht chuici féin, bhí mé ag breathnú an phictiúir ar an scáileán beag sa chúinne nuair a d'aithin mé an t-aisteoir óg áirithe seo, Éireannach as Baile Átha Cliath, a raibh páirt mhór aige i scig-seó faoin chléir ar oileán amach ó chósta na hÉireann.
Bhí sé ar an teilifís leis an seó áirithe sin, a bhí á cháineadh go forleathan, a chosaint.
Ógbhean tharraingteach chumasach a bhí ag gearán faoin seó. Dúirt sí gur Éireannach stáitse nó steiréaphlátach a bhí á léiriú aige siúd agus na haisteoirí eile agus nach raibh sin inghlactha. Bhí cúis mhaith ghearáin aici agus bhí sí cliste a dóthain lena cás a chur go héifeachtach is le fuinneamh.
Ach buaileadh bob uirthi, bob éagórach míréasúnta.
"An Éireannach tú?" a d'fhiafraigh sé.
"Éireannach den dara glúin," a d'fhreagair sí.
Ní raibh sé sásta, agus lean sé leis: "Ar rugadh in Éirinn tú?"
D'admhaigh sí nár rugadh; agus d'aithin mé go raibh sí beagáinín trí chéile agus gur bhain an oiread den mhodhúlacht léi lena rá leis an fhear faille as Baile Átha Cliath gur cuma sa diabhal cá háit ar rugadh í.
"Ah!" ar seisean. "Conas a bheadh a fhios agat cad a thaitníonn le hÉireannaigh?"
Ar ndóigh, is mó Éireannaigh den dara glúin anseo a mbaineann i bhfad níos mó den tírghrá leo ná a mbaineann le go leor a rugadh in Éirinn, agus bhí sin follasach i dtaca leis an bheirt a bhí ag argóint ar an teilifís. Agus bhí a fhios agam gur bhain féiniúlacht eitneach Ghael leis an bhean óg is an chlann as ar eascair sí, mar bhí beagáinín eolais agam fúthu.
Ní raibh le déanamh aici i dtaca leis an seoinín as Baile Átha Cliath ach ceist shimplí a chur: An gceapann tú nárbh Éireannach é James Connolly, a rugadh i nDún Éideann; nó Piaras Béaslaí, a rugadh i Learpholl; nó Tarlach Ó hUid, a rugadh i Londain; nó an sean-Fhínín, Tom Clark, a rugadh ar an Isle of Wight; nó Eilís Ní Choistealbha, a rugadh i Londain (duine de bhunaitheoirí Choláiste Chonnacht i 1905); nó Norma Borthwick, a rugadh i Chester (rúnaí ar an Ard-Choiste); nó Eleanor Hull, a rugadh i Manchain...
D'fhéadfadh sí, dá mbeadh an taighde cuí déanta aici, an cheist a choinneáil ar siúl go deireadh an chláir.
Dhúnfadh sí clab mo dhuine, go háirithe nuair a bheadh uirthi a mhíniú dó cérbh iad!
Úsáidtear an focal 'steiréapláta' inniu leis na cúrsaí sin a phlé, focal a bhain le socheolaithe is síceolaithe, tráth, ach atá le léamh sna nuachtáin go rialta anois.
Is fearr liom i bhfad an abairtín, 'ní mar a shíltear a bítear', a d'fhoghlaim mé sa bhunscoil, agus a mhíníonn na cúrsaí atá faoi chaibidil agam anseo i gcúpla focal.


[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]

Níl ríomhphost ar fáil