
Chuir Mícheál D Ó hUiginn fáilte an tseachtain seo roimh thuarascáil
bhliantúil Údarás na Gaeltachta do 1995.
Bhí scéal maith sa tuarascáil nó
léirigh sé gur chruthaigh an tÚdarás 1,250 post nua sa Ghaeltacht
anuraidh.
Is ionann sin agus méadú de bhreis ar ocht go leith faoin chéad
ar líon na bpost a bhí ann ag deireadh 1994.
Tá 6,835 post i dtionscal ar
fud na Gaeltachta ag feidhmiú faoi scáth an Údaráis anois, an líon is mó riamh
roimhe.
'Is ábhar mór sásaimh é go raibh glanmhéadú de bheagnach 540 post
lánaimseartha sa Ghaeltacht anuraidh mar gheall ar iarrachtaí an Údaráis,'
arsa an tAire Ó hUiginn, Aire Ealaíon, Cultúir, is Gaeltachta.
'Tá líon na
ndaoine atá fostaithe faoi scáth Údarás na Gaeltachta níos airde anois ná
riamh agus is comhartha maith é sin don bhliain seo, 1996.
'Tugann sé
móruchtach dom.'
Agus lean sé,
'Ní mór dúinn cuimhneamh ar an toradh
maith a baineadh amach i 1994.
'Don dara bliain as a chéile anois tá dul
chun tosaigh mór déanta agus tá mé iontach dóchasach go mbeidh an scéal
bisithe níos mó fiú faoi dheireadh 1996.
'Tugann an tuarascáil seo uchtach
mór dom agus tréaslaím a nobair le hÚdarás na Gaeltachta.'
Ní lú an sonas
a bhí ar an Údarás féin ar ndóigh.
Dúirt Seán Ó Neachtáin, cathaoirleach an
Údaráis gur ábhar misnigh na figiúirí agus go bhfuil dóchas aige gur féidir
dlús a chur faoin fhás seo.
Bhí deascéal ag an Uas Ó Neachtain fosta dóibh
sin atá ag brú turasóireachta sa Ghaeltacht.
Bíodh is go bhfuil baint i
gcónaí ag an Údarás le cúrsaí turasóireachta ansin beidh siad ag cur béim
níos mó amach anseo ar chuidiú a sholáthar do ghnó na turasóireachta sa
Ghaeltacht agus go háirithe turasóireacht chultúrtha.
Dúirt an tUas Ó
Neachtáin go bhfuil sé iontach muiníneach go rachaidh an casadh úr seo go mór
chun leas phobal na Gaeltachta.
D'oscail Ambasáid Iosrael sa tír seo don chéad uair riamh Dé Domhnaigh seo
caite.
Thug an tAmbasadóir nua, Zvi Gabay 'lá stairiúil' ar an ócáid agus
thuar go dtiocfadh biseach ar an chaidreamh idir an dá thír.
Bhí Éire ar an
tír dheireanach san Aontas Eorpach chun ligean d'Iosrael Ambasáid a oscailt
ann agus tugann an oscailt chun deiridh an seal fada naimhdis idir an dá
thír.
Cuireadh caidreamh taidhleoireachta idir Iosrael agus Éire ar bun 21
bhliain ó shin ach go dtí an tseachtain seo b'éigean feidhmiú trí Ambasáid
Iosrael i Londain.
Dhiúltaigh an Rialtas roinnt uaireanta d'iarrachtaí
Iosrael chun Ambasáid a oscailt in Éirinn, comhartha den déistin a chuir
gníomhartha thrúpaí Iosrael i ndeisceart na Liobáine ar Rialtas na
hÉireann.
Maraíodh go leor trúpaí de chuid na hÉireann ar dualgas leis na
Náisiúin Aontaithe in ionsaithe a rinne trúpaí Iosrael, is trúpaí dúchasacha
faoi scath Iosrael, ar na hÉireannaigh.
Bhí an chuma ar an scéal nach
gceadódh an Rialtas Ambasáid Iosraelach go deo ach i 1993 nuair a thosaigh an
próiseas síochána idir Iosrael agus Eagras Fhuascailt na bPalaistíneach
cheadaigh an Rialtas ambasáid Iosraelach.
Ar an lá céanna d'fhógair siad go
raibh siad ag ceadú d'Eagras Fhuascailt na bPalaistíneach oifig a oscailt i
mBaile Átha Cliath.
Níl aon Ambasáid Éireannach in Iosrael.
Ní hiad
cúrsaí na polaitíochta amháin a chur isteach ar seo ach le cois ní raibh an
tairgead ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha chun ambasáid a oscailt ansin.
Má
shocraítear a leithéid a oscailt feasta, agus má bhíonn fás ar trádáil idir an
dá thír is dócha go socrófar ar sin a dhéanamh, beidh an Ambasáid nua i dTel
Aviv.
Tá Meiriceá chun ambasáid s'acu a bhogadh ó Tel Aviv go hIarúsailéim
mar gheall ar fhonn na nIosraelach a chur in iúl gurb é Iarúsailéim a
'bpríomhchathair shíoraí.'
Ach deir foinsí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha go
mbeidh aon ambasáid Éireannach in Iosrael i dTel Aviv.
Ina measc sin a bhí
páirteach i gceiliúradh an Domhnaigh seo caite bhí Ardmhéara Bhaile Átha
Cliath, Seán, 'Cuan Bhaile Átha Cliath,' Loftus, agus baill den phobal Giúdach
in Éirinn.
Níl ríomhphost ar fáil