Gaeilgeoirí sa Lóiste Úr i mBéal Feirste.
Le tamall
anuas bhí muintir na háite i gceantar
náisiúnaíoch amháin, an Lóiste Úr, ag
iarraidh a mbloic árasán a athainmniú.
Chuir sé
isteach orthu go raibh na naoi mbloc ainmnithe as ceannairí míleata
is cathanna de chuid Shasana, leithéidí Churchill, Alemein, Templar.
Mar sin reáchtáil siad feachtas chun na bloic a
athainmniú, feachtas a raibh toradh air an tseachtain seo caite nuair a
d'imigh ainm Churchill agus glacadh leis an ainm Cú Chulainn, cuireadh
deireadh le Victoria agus cuireadh Gráinne ina háit agus mar sin.
Bord na
Gaeilge.
Más fíor d'éan beag tá an Bord tar éis
diúltú d'iarratas ó Chonradh na Gaeilge do chabhair airgid le
seachtain na Gaeilge a reáchtáil.
Tá próifíl
ard ag an Bhord ar ndóigh agus cuid den straitéis
phoiblíochta ná fógraíocht a cheannach ag
cluichí sacair, ag rásaí capall, corn a urrú ag
rásaí con, agus urraíocht a dhéanamh ag cluiche
ceannais na camógaíochta.
Níl fadhb dá laghad ag
Scéaltacht le ceann ar bith acu sin nó tá an pobal mór
níos eolaí faoi Bhord na Gaeilge ná faoi aon eagras eile a
chuireann an teanga chun cinn.
Ach cad é atá cearr le
hurraíocht a dhéanamh ar cheann de na príomhimeachtaí
Gaeilge sa bhliain, Seachtain na Gaeilge?
Gael-Linn.
Tamall beag ó shin dúirt an colúnaí ar
an Irish Times go raibh an cúrsa foghlama Gaeilge de chuid
Gael-Linn a rinne sé ar an sladmhargadh ab fhearr dá bhfuair
sé riamh.
Agus an mhaidin dár gcionn d'oscail Scéaltacht
litir ó Ghael - Linn ag fógairt comórtas Gaeilge
d'ollscoileanna dár teideal Caidreamh '96.
Preasráiteas
iomlán - as Béarla!
Ní seo an chéad uair ar
ndóigh a chuir eagrais nó institiúidí Gaeilge
preasráiteas as Béarla go LÁ.
Agus cuirfear an ceann seo
san áit céanna ar cuireadh na cinn eile - sa channa
bruscair.
Máirtín Ó Cadhain
Agus an Conradh ag caint faoi
Fháinne Úr a chur ar fáil ó mhí Feabhra ar
aghaidh cuimhníonn duine dár leitheoirí dúinn gur
chaith Máirtín Ó Cadháin tamall fostaithe mar thimire
ag an Chonradh agus é de dhualgas air an Fháinne a
bhrú.
Ach ní ar dhíol an Fháinne is mó a
bhí aird Mháirtín.
Deirtear gur mó a d'ardaigh
ballraíocht an IRA ná lucht an Fháinne sna ceantair ar thug
Máirtín Ó Cadhain cuairt orthu.
Alan Murray, iaririseoir leis an Irish Press agus atá anois
ina iriseoir neamhspléach i mBéal Feirste.
Tá clú
ar Murray as a dhlúth-theagmhálacha leis na dílseoirí
paramhíleata agus le hoifigigh Rialtas Shasana.
Ar chlár
cúrsaí reatha ar UTV, Dé Luain seo caite, thuar an tUas
Murray go bhfógródh John Major toghchán do Thionól sa
House of Commons Dé Céadaoin.
Is aige a bhí an ceart, a
bhuí dá theagmhálacha le hoifigigh Rialtais de réir
dealraimh.
Is trua nach bhfuil teagmhálacha Rialtas na hÉireann
chomh maith céanna.
An tAiléar
Draíochta
Cé atá breá
sona? Séamas Mac Annaidh, úrscéalaí Gaeilge as
Fear Manach mar aon le craoltóir raidió, ceoltóir is fear
léinn.
Tá Séamas tar éis tithe maorga na
nOllscoileanna a thréigean chun clár teilifíse do
pháistí na Sé Chontae a chur i láthair ar maidin ar
BBC 2.
Is as Gaeilge a bhíonn an clár amanna agus as
Béarla amanna eile.
An t-Ailéar Draíochta is ainm don
chlár - agus tá sé thar barr.
Seán Buí
Cé hé Príomhaire na
Breataine? Más fíor do Leni Fischer, Uachtarán
Chomhairle na hEorpa, is é John Bruton Príomhaire na
Breataine.
Sin mar a chuir sí síos ar an Taoiseach nuair a
labhair sé ag an Chomhairle an tseachtain seo caite.
Téann
clú duine roimhe.
Ná déan
dearmad
Cé nach ndéanfaidh dearmad? Bill
Clinton a bhfuil seomra sa Teach Bán maisithe aige le cuimhní a
chuairte ar Éirinn anuraidh.
Tuigtear go bhfuil an tUachtarán ag
brath bheith páirteach i bParáid na Féile Pádraig i
Chicago, an chéad Uachtarán le bheith páirteach i
bparáid na Féile Pádraig le fada an lá.
'Go dtí seo tá teipthe uirthi go
tubaisteach'
P J Stone, Ardrúnaí
Cúnta Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána agus
é ag caint ar an Aire Dlí agus Cirt, Nóra
Owen
'Cuireadh an scéal seo as a riocht ar
fad'
An Dr Micheal Herity, saineolaí ag
Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, ag caint faoi thuairisc go
bhfuil iarsmaí aimsithe a thugann le fios gur tháinig na
Rómanaigh go hÉirinn
'Tá a thacaíocht sa
chine dubh i Meiriceá míle leathan. Ach níl sé orlach
domhan.'
Ceannaire pobail den chine dubh ag caint faoi
dhearcadh Meiriceánach dubh ar OJ Simpson
'Níl an
ród seo gan dainséar ach is iontach an toradh a bheidh ann ag ceann
scríbe'
Tuarascáil Mhistéil ar
dhíchoimisiniú arm ag moladh do na páirtithe uile glacadh
lena moltaí
'Dhumpáil John Major an próiseas
débhealach. Is léir go bhfuil sé ag iarraidh
réamhchoinníoll nua a chur chun tosaigh de thairbhe gur scor
Mitchell den chéad réamhchoinníoll s'aige Tá John
Major ag tacú le clár oibre
Aontachtach'
Gearóid Mac Adaim, ceannaire Shinn
Féin
'Tá mise ag cloí leis an mhéid a
d'aontaigh an dá Rialtas i mí na Samhna anuraidh, is é sin go
bhfuil sé mar rún againn cainteanna ilpháirtí a chur
sa siúl faoi dheireadh mhí Feabhra'
John
Bruton ag cur in iúl nach Tionól ach cainteanna
ilpháirtí príomhchuspóir a Rialtais
'Seo
bunchloch dár stát Palaistíneach'
Yasser
Arafat ag caint faoina bhua sa toghchn
Palaistíneach
'Tá taise agam do Fred Goldman cionn is
gur chaill sé mac nuair a dhúnmharaigh duine eigin an mac sin. Ach
tá mé feargach leis fosta nó dúirt sé
féin is clann Brown rudaí fúm atá gan bunús ar
fad'
O J Simpson, ina chéad agallamh
teilifíse ó fuarthas neamhchiontach é as marú Nicole
Brown agus Ronnie Goldman
[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] []
Níl ríomhphost ar fáil