
Eagarfhocal
Ag dul sa seans ar son na síochána
Go dtí seachtain ó shin bhí
an dá Rialtas ag obair ar straitéis chomhaontaithe le próiseas na síochána
a bhrú chun tosaigh.
Ba é a gcuspóir ná cainteanna ilpháirtí a chur sa
siúl roimh dheireadh mhí Feabhra.
Leis an aidhm sin a bhaint amach bhí
roinnt rudaí de dhíth.
Ó thaobh na Náisiúnaithe de bheadh orthu
géilleadh beagán ar roinnt ceisteanna.
Sa chéad dul síos bheadh ar an
IRA bogadh éigin a dhéanamh i dtreo díchoimisinithe.
Bunaíodh Coimisiún
Mitchell le go dtiocfadh le sin titim amach.
Leag Mitchell síos plean a
thabharfadh ar an IRA bogadh éigin a dhéanamh ar cheist na n-arm agus ar
cheisteanna eile.
Níor dhiúltaigh an IRA nó Sinn Féin dó. Ina áit sin
thug Gearóid Mac Adaim leid go bhféachfaidís leis na Sé Phrionsabal a
dhréachtaigh Mitchell a chur i bhfeidhm.
Rud eile a bhí riachtanach ó
Náisiúnaithe le go n-oibreodh an chuid seo den phróiseas ná go dtabharfadh
siad aird ar mhian na nAontachtaithe go mbeadh tionól ann.
Thug na
Náisiúnaithe de gach aicme aird ar an phointe sin fosta.
Chuir Rialtas
na hÉireann in iúl go mbeadh siad sásta a leithéid a phlé, thug an SDLP le
fios go mbeadh fiúntas i dTionól ach tar éis do chainteanna ilpháirtí
bheith curtha sa siúl.
Tugadh ar Shinn Féin bogadh fosta agus dúirt
Mitchell Mc Laughlin go mbeadh siad sásta machnamh faoi thionól fad is go
raibh sé soiléir go mbeadh ról teoranta aige agus fad is go raibh
cainteanna ilpháirtí sa siúl.
Ghéill na Náisiúnaithe cuid mhaith chun a
chinntiú nach dteipfeadh ar an chuid seo den phróiseas.
Chuaigh siad sa
seans ar son na síochána.
Go díreach mar atá ról ag Rialtas na hÉireann
na páirtithe Náisiúnaíocha a mhealladh is a bhrú chun bogadh óna seasamh
fadbhunaithe, tá dualgas ar Rialtas Shasana na páirtithe Aontachtacha a
bhrú is a mhealladh óna seasamh fadbhunaithe.
In áit bheith ag
comhlíonadh an dualgais sin thacaigh Rialtas Shasana céad faoin chéad le
hiarrachtaí na nAontachtaithe chun fanacht reoite sa stair, chun tionól nua
a chur ar bun ag Stormont.
Ní amháin go ndearna John Major feall sa
dualgas a bhí air sa chuid seo den phróiseas ach le cois, rinne sé é ar
shlí a thaispeáin gur cuma leis sa sioc cad a shíleann Rialtas na hÉireann
nó Náisiúnaithe na hÉireann.
Ní raibh sé de mhúineadh ann fiú a chur in
iúl do Rialtas na hÉireann roimh ré go raibh sé ag dul a chliseadh ar an
ghealltanas a thug sé dóibh.
An aon ionadh go raibh lúcháir thar na
bearta ar bhinsí na nAontachtaithe ag Westminster Déardaoin seo caite?
An aon ionadh é go raibh ísealphointe ann sa chaidreamh idir an dá
Rialtas?
Is é an t-aon toradh a thiocfaidh as feall John Major an
tseachtain seo caite ná cur leis an leamhsháinn i bpróiseas na
síochána.
Ní éireoidh le Tionól sa ghearrthréimhse mar ní oibreoidh sé
gan tacaíocht iomlán na Náisiúnaithe.
Thug George Mitchell an méid sin
le fios sa tuarascáil a dhréachtaigh sé.
Ní bheidh ról tábhachtach ag
Tionól sa chuid seo de phróiseas na síochána is cuma cad é an brú a
chuirfidh John Major is na hAontachtaithe.
Ní féidir le Tionól an
próiseas a bhogadh chun tosaigh sa ghearrthréimhse.
Níl ach aon rogha
amháin ann chun an próiseas a chur chun cinn ag an am seo.
Is é sin
cainteanna ilpháirtí.
Níor chuir ceachtar den dá Rialtas aon rogha
bheochumasach ar sin chun tosaigh.
An dualgas atá anois ar John Major ná
a dhéanamh le hAontachtaithe an rud céanna is a rinne Rialtas na hÉireann
le Náisiúnaithe.
Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh John Major úsáid a
bhaint as gach modh atá ar fáil aige, na meáin, a chóras caidreamh poiblí,
brú polaitiúil, cairde sa chúirt agus cibé bealach eile atá réasúnta chun
na hAontachtaithe a mhealladh nó a bhrú óna seasamh fadbhunaithe.
Beidh
air dul sa seans le haghaidh na síochána.
Beidh air bheith cúramach is
stuama ach níl an dara rogha aige.
Nó mura mbogfaidh Aontachtaithe, mura
gcloífidh John Major leis an ghealltanas a thug a Rialtas chun cainteanna
ilpháirtí a chur sa siúl roimh dheireadh mhí Feabhra, beidh sé ag cruthú do
chách nach bhfuil Rialtas Shasana ag brath próiseas na síochána a fheidhmiú
a thuilleadh.
Agus chuirfeadh sin an próiseas ar fad i mbaol. Tá an
próiseas ag dul a oibriú cionn is go gcomhlíonann an dá Rialtas a gcuid
dualgais nó tá sé ag dul a thitim de thairbhe go loiceann Rialtas amháin nó
an dá Rialtas ar a ndualgais.
Tá sé in am ag John Major rogha a
dhéanamh.
Stáisiúin Garda faoin tuath
Is é an toradh is measa ar an
choiriúlacht atá ag titim amach in Iarthar na hÉireann faoi láthair ná go
bhfuil sé ag creimeadh ar an mhuinín atá ag an ghnáthphobal as an
Gharda.
Ní hiad an Garda atá freagrach as laigí an pholasaí
frithchoiriúlachta ach an Rialtas.
Caithfidh an Rialtas athmhachnamh a
dhéanamh faoi chúrsaí póilíneachta i gcoitinne.
Ní mór dóibh cinneadh
ar cheart cur le líon na nGarda nó nár cheart.
Ní mór dóibh breathnú
arís, anois go bhfuil na trioblóidí thart, ar athlonnú Gardaí atá fós
lonnaithe cois teorann.
Ba náireach an tslí nár leanadh le Príosún an
Chaisleáin Riabhaigh ainneoin tacaíocht an Aire Dlí is Cirt, agus ní mór
don Rialtas athmhachnamh ar sin.
Is éigean don Rialtas breathnú arís ar
an pholasaí de bheith ag druidim stáisiúin Gharda tuaithe nó gan amhras ar
bith is é an t-arm is láidre in aghaidh na gcoirpeach ná an dlúthchaidreamh
idir an Garda agus pobal na tuaithe.
Ceist eile is gá a scrúdú ná
rialacha an Roinn Leasa Shóisialaigh maidir le pinsín do sheandaoine.
Is
de thairbhe go bhfuil siad buartha go gcaillfidh siad an pinsean a
choinníonn seandaoine airgead faoi cheilt ina dtithe féin seachas é a chur
i dtaisce sa bhanc.
Táimid beo in am a mbeidh méid áirithe coiriúlachta
ann i gcónaí.
Is amhlaidh is tábhachtaí mar sin go dtabharfar na
háiseanna don Gharda ní amháin le gníomhú in aghaidh coirpeach ach go
lonnófar Gardaí i measc an phobal tuaithe le go leanfaidh siad leis an
dlúthchaidreamh atá acu leo.
Is é an caidreamh sin an tslí is
éifeachtaí.
[CLÁR][1] [2] [3] [4] [5] [6]
[7] [8] []
[10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]
Níl ríomhphost ar fáil