Is le haghaidh NetScape 1.1N nó níos moille atá na leathanaigh seo scríofa.
Toscaire síochána
le hEoghan Ó Néill Tá
cath taidhleoireachta fíochmhar ar siúl i Stáit Aontaithe Mheiriceá
an tseachtain seo de réir mar a fhéachann Náisiúnaithe is a dtacaithe thall
tabhairt ar Bill Clinton toscaire síochána a cheapadh do na Sé Chontae. Tá
an tUachtarán Clinton ag meabhrú faoi thairiscint ó George Mitchell chun 'cuidiú
ar cibé slí is féidir liom le cúis na síochána in Éirinn.' Bhain Gearóid Mac
Adaim Meiriceá amach inné, Dé
Céadaoin, agus beidh cruinniú aige ag an Teach Bán ar an tseachtain seo chugainn. Tá
Niall O'Dowd agus Bruce Morrison, beirt de na Gaeil Mheiriceá a raibh
ról lárnach acu i bhfógairt sos cogaidh an IRA, tá siad beirt ag iarraidh ar
an Uachtarán Clinton toscaire síochána a cheapadh chun an leamhsháinn i bpróiseas
na síochána a chealú. Mhaígh Bruce Morrison, Teachta Comhdhála, go bhfuil
cúrsaí go dona agus go gcaithfidh an tUachtarán Clinton teacht i dtarrtháil ar
an phróiseas. Bhuail George
Mitchell leis an Uachtarán Clinton Dé Luain agus chuir sé ar an eolas é faoina
thuarascáil. Thairg sé leanúint ar aghaidh ag obair ar son na síochána in Éirinn
dá mba mhian leis an Uachtarán go ndéanfadh sé sin. Tuigtear go raibh
teagmhálacha rialta an tseachtain seo idir oifigigh Rialtas na hÉireann agus Tony
Lake, comhairleoir slándála Bill Clinton. Chuir Rialtas na hÉireann a n-imní
faoi sheasamh Rialtas Shasana in iúl don Teach Bán. Sa bhaile tá sraith
de chruinnithe beartaithe ar gach
taobh de réir mar a dhéantar iarracht an dochar a rinne ráiteas John Major i
Westminter seachtain ó shin a chóiriú. Buailfidh Patrick Mayhew le Dick Spring
inniu, Déardaoin, agus bhí roinnt cruinnithe idir oifigigh an dá thaobh cheana
féin an tseachtain seo. Beidh cruinniú níos déanaí an tseachtain seo idir
an SDLP is John Major agus idir Sinn Féin is Patrick Mayhew. Tá Rialtas na
hÉireann ag iarraidh bualadh le David Trimble chun a phlean do thionól a phlé. Agus
bhí cruinniú níos túisce
an tseachtain seo idir an PUP, páirtí na ndílseoirí paramhíleata, agus an SDLP. Dúirt
John Hume go raibh an cruinniú iontach dearfach is bisiúil agus go
bhfuil go leor talamh comónta ag an dá pháirtí. Bhí Gusty Spence, iarcheannaire
an UVF, ar thoscaireacht an PUP. Tá an dá pháirtí atá cóngarach do na
dilseoirí paramhíleata, an PUP is an UPP, iontach buartha faoi phlean Rialtas Shasana
chun tionól a bhunú níos déanaí i mbliana. Tá siad buartha nach bhfaighidh
siad vóta mór agus nach mbeidh
ionadaíocht acu sa Tionól úd. Tá curtha in iúl go minic ag leithéidí David
Ervine nach féidir síocháin a bhaint amach gan na páirtithe dílseora paramhíleatach
bheith páirteach ann.
Togha bliain don Údarás
Bhí a bliain
ab fhearr riamh ag Údarás na Gaeltachta i 1995 thug Ruán Ó Bric le fios Dé
Luain nuair a rinne sé tuarascáil bliantúil an Údaráis a fhoilsiú ag ócáid in
Eastát Tionsclaíoch Ghaoth Dobhair. Cruthaíodh 1,250 post úr sa Ghaeltacht i
1995 ainneoin iomaíocht mhór idirnáisiúnta,
rud a hiallaíonn go bhfuil 6,835 duine fostaithe anois faoi scáth
an Údaráis. Ach tá drochstaid na mbóithre sna ceantair Ghaeltachta ag cosc
ar an Údarás níos mó jabanna fós a mhealladh, tugadh le fios. Agus cailleadh
suas le 700 post sa Ghaeltacht mar gheall ar iomaíocht ó Oirthear na hEorpa, áit
a bhfuil earraí á dtáirgeadh ar phraghas i bhfad níos ísle ná mar isr féidir
iad a tháirgeadh in Éirinn. A ainneoin sin áfach, bhí togha bliain ag an Údarás,
thug an tUas Ó Bric le fios
agus d'fhógair sé go bhfuil cead faighte ag an Údarás anois chun béim níos mó
a chur feasta ar thurasóireacht, is go háirithe ar thurasóireacht chultúrtha
sa Ghaeltacht.
Peannchairde
Tá cimí Poblachtacha sa Jailtacht, an
sciathan Gaeilge i bpríosún na Ceise Fada, ag iarraidh ar chailíní/mhná a bhfuil
Gaeilge acu agus ar spéis leo scríobh chucu, dul i dteagmháil leo. Is féidir
freagraí a sheoladh go dtí Bosca 34, LÁ, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste,
BT12 6AH.