Leathanach 19


GRÁ GAN GHRUAIM

Úrscéal do dhéagóirí a scríobh Máirtín Ó Corrbuí

CAIBIDIL VI

Ba dhóigh leat go raibh a fhios ag Brian an t-ábhar cainte sin bheith ag Daid is mé féin. Nuair a chuaigh an bheirt againn isteach chuige an oíche sin bhí sé ina shuí cois na tine agus a cheann crom. Bhíog sé nuair a chuala sé sinn, ach thuigeamar go maith gur néal codlata a bhí air, mar bhí sé beagáinín trína chéile go ceann nóiméid nó dó. Ach nuair a tháinig sé chuige féin i gceart mar a déarfá, bhí sé cainteach cabanta, agus dea-aoibh air faoi mar ba ghnáth.

"Bhuail an sagart isteach chugam inniu", a deir sé, "agus bhí comhrá fada againn. Chuir sé an ola orm, agus dúirt sé go dtiocfaidh sé chugam gach Aoine as seo amach."

"Is maith sin," arsa Daid. "Déarfaidh mé le Máire é, agus beidh gach rud réidh aici ina chomhair."

Thug mé faoi deara ansin go raibh leabhar ar a ghlúine ag Brian. Bhí sé dúnta, ach - cé nach bhfeictear a leithéid go minic na laethanta seo - bhí a fhios agam gur leabhar urnaithe a bhí ann. Ní dóigh liom go bhfaca sé mé ag breathnú air, ach cibé scéal é thóg sé ina lámh é, d'oscail é, gus bhí ag cuardach nó go bhfuair sé an rud a bhí uaidh - grainghraf a bhí sean go maith agus a dhath tréigthe beagán.

"An cuimhin leat mo dheartháir Séamas, a Thomáis?" a deir sé.

"Ní cuimhin," arsa m'athair. "Ní cuimhin liom é ar chor ar bith. Bhí sé imithe as Gort na mBláth sular rugadh mé. Tú féin a d'inis é sin dom uair."

"Sea muise, tá an ceart agat. Seo pictiúr de a fuair mé óna mhac roinnt blianta ó shin. I gCalifornia atá cónaí orthu."

D'fhéach Daid is mé féin ar an ngrianghraf. Seanduine a bhí ann, agus cailín dhá bhliain déag nó mar sin lena ais.

"An í sin a iníon?" a deirim - ceist amaideach go leor mar ba léir go raibh an fear an-aosta.

"Ní hí," a deir Brian. "Sin Eibhlín, iníon a mhic - mo gharneacht, táa fhios agat. Ach an bhfeiceann sibh an mothall mór gruaige báine atá ar Shéamas! Agus breis is ceithre scór bliain aige! Agus mise agus gan ach cúpla ribe orm bíodh is go bhfuil mé seacht mbliana níos óige ná é."

"B'fhéidir gur toupee atá á chaitheamh aige,", arsa m'athair agus draid gháire air.

Shíl mé nach dtuigfeadh Brian cad a bhí i gceist aige, ach m'anam gur thuig. Rinne sé gáire freisin.

"B'fhéidir é," ar seisean. "Ní bheadh a fhios agat cad a bheadh ar bun i Meiriceá acu."

"Tá sé beo i gcónaí?"

"Tá - chomh fada agus is eol dom. Ní raibh focal agam uaidh, ná ó aon duine eile acu, ó fuair mé an pictiúr sin a cúig nó a sé de bhlianta ó shin. Ach b'in an saghas é i gcónaí."

Thugamar an grianghraf ar ais dó agus chuir sé isteach sa leabhar arís é.

"Bíonn sé i dtaisce agam ansin anois," a deir sé, "ó tharla nach bhfuil de ghaolta agam ach Séamas agus a chlann agus clann a chlainne. Is fada uaim a bhí siad i gcónaí, ach buíochas le Dia bhí comharsana maithe agam. Agus cuireann sé sin rud eile i gcuimhne dom. An ndéanfaidh tú gar beag dom amárach, a Thomáis?"

"Déanfaidh mé cinnte," a deir m'athair, "má tá ar mo chumas."

"Ó, ní bheidh trioblóid ar bith agat. Seo mar atá an scéal - ba mhaith liom m'uacht a dhéanamh. An mbuailfidh tú isteach mar sin chuig Dónall Ó Máille - an dlíodóir, tá a fhios agat, i Sráid na Banríona. Abair leis teacht amach chugam ar an Déardaoin murar miste leis, ach gan teacht róluath nó ní bheidh mé i mo shuí."

Leanamar orainn ansin ag caint ar seo agus siúd, ach maithfear dom é má deirim nach ar rud ar bith eile ach an dlíodóir agus an uacht a bhí mé ag smaoineamh.

Nuair a bhíomar ar ais sa bhaile d'inis Daid do mo mháthair faoin ngar bhí á lorg ag Brian air.

"Och muise," a deir sí, "an fear bocht. Nach maith uaidh cuimhneamh ar a leithéid chun nach mbeidh sé ag tabhairt trioblóide do dhaoine nuair a bheidh sé imithe. Cén sórt dóighe a bhí air anocht?"

"Ní raibh sé go dona, muise. Thug an sagart cuairt air inniu, dúirt sé."

"Is maith sin. D'iarr mé ar an Athair Ó Laoi an Domhnach seo caite teacht i leith chuige."

D'inis sé di ansin faoin ngrianghraf a bhí ag Brian, agus chaith siad tamall ag dul siar ar ar chuala siad féin faoi Shéamas Ó Gormáin, agus mar ar éirigh sé i lár na hoíche, agus d'imigh leis gan slán a fhágáil ag aon duine. Agus nach raibh a fhios acu cá raibh sé, nó ar bheo nó marbh dó, nó go bhfuair siad litir bliain ina dhiaidh sin ag insint dóibh go raibh sé i gCalifornia, agus go raibh ag éirí go maith leis. Níor fhill sé abhaile riamh.

"Beidh mé ag dul síos chuige maidin an Déardaoin faoi mar a théim gach maidin," a deir mo mháthair, "agus fágfaidh mé an doras ar oscailt don dlíodóir. Fanann Brian sa leaba an lá go léir go minic anois, agus é ina shámhchodladh uaireanta. Is maith an rud é go bhfuil an eochair againn."

Ach nuair a d'imigh sí síos ar an Déardaoin ní ina chodladh a bhí Brian ach é ar shlí na fírinne.


GIOLLA EASPAIG MAG CéADAIGH

Uimhir a hAon de shraith fínéad le Micheál Ó Maoileoin

Rógaire ceart. Dúil mhór sna mná aige agus intinn ghéar aige. Ach féadaim a rá nach ndearna sé maith ar bith leis na mná nó b'fhada ó lig sé a mhaidí le sruth. Bhí a thásc agus a thuairisc gach aon áit mar bhí bua na cainte aige. Is é a bhí iléirimúil ach ní raibh ag éirí go maith leis siocair nach raibh ag éirí le saol na Gaeilge.

Bhí sé tintrí tobann ach níor dhuine é a bhí tugtha don achrann. Bhí sé, mar a d'admhaigh sé féin, síochánta. Ina dhiaidh sin bhí air a dhroch-cháil a chosaint, rud a thug ar Sheán an Mhaoisigh a shíleadh gur capall dubh a bhí ann. Bhí suim aige sa saol agus a mhuintir agus sa duine indibhidiúil fosta.

Bhí scéal grinn a d'insíodh sé faoin duine a chuaigh chuig an dochtúir agus a d'admhaigh go raibh coimpléasc ísleachta aige ach dúirt an dochtúir leis nérbh é rud go raibh coimpléasc aige ach go raibh sé íseal. Bhí a shaith imní ar Sheán an Mhaoisigh go ndéarfadh Mag Céadaigh seo fá dtaobh de Sheán féin, ach ní dúirt agus ní déarfadh.

Bhí uair ann nuair a chonaic an Maoiseach go raibh freang i gceann de shúile Mhig Céadaigh agus cionn is go raibh taise i gcroí Sheáin an Mhaoisigh, ghoill seo air go mór. Ba é rud é gur shíl sé go raibh Dia i ndiaidh éamh a fhágáil ar an duine bocht.

Duine leochaileach i bhí i nGiolla Easpaig Mag Céadaigh agus is iomaí rud a ghoilleadh air. Ainneoin go raibh sé féin tugtha don chaint ghoilleadh go minic, nó anois agus arís, barraíocht cainte air. D'admhaigh Mag Céadaigh go raibh sé beadaí fá rudaí airithe. Ach ar feadh a dtiocfadh le Seán an Mhaoisigh a dheánamh amach bhí dóchas riamh ag Giolla Easpaig Mag Céadaigh as an saol. Ba mhinic é ag beartú scéimeanna, cuid acu a n-éiríodh leo agus cuid acu nach n-éiríodh. Rachadh cuid de na daoine a raibh aithne aige orthu a gháire nuair nach n-éiríodh leo.

Bhí sé i Sasana aon uair amháin agus bhí an Sasanach seo ag iarraidh bheith plámásach leis nó bhí acmhainn mhaith ghrinn ag Mag Céadaigh ainneoin go raibh sé íogair, agus arsa an Sasanach leis,

"Tá na hÉireannaigh uilig bómánta ach níl tusa."

Arsa Giolla Easpaig Mag Céadaigh leis,

"Níl na Sasanaigh uilig bómánta ach tá tusa."

Ba sin a raibh de.

Dúradh fá dtaobh de gur Protasúnach-Caitliceach a bhí ann.

Bhí aithne mhór ag an fhear a dúirt seo ar Mhag Céadaigh.

Chuireadh Seán an Mhaoisigh seo síos don tógail a fuair sé agus na háiteanna ar chaith sé a shaol. Ach thar gach rud eile bhí sé saothrach agus eolas mór aige ar chuid mhór ábhar. Bhí filíocht uilig nó a bunús uilig léite aige agus curtha amach as a intinn aige. Bhí sé ag luí isteach ar theangacha. Mheas Giolla Easbaig Mag Céadaigh go dtiocfadh le Seán an Mhaoisigh a intinn, sé sin intinn Mhig Céadaigh, a léamh maith go leor ach ní fhacthas don Mhaoiseach go raibh aon chumas nó aon rud ar leith déanta aige le seo.

Bhí Mac Céadaigh breá eolach ar shíceolaíocht uilig an fhichiú céad agus ní labhródh sé ar an rud a bhí ar a intinn féin. B'amhlaidh don Maoiseach ach nach raibh an tsíceolaíocht léite aige.

Bhí cara ag an Mhaoiseach darbh ainm Giolla Dé Albanach agus mhaigh seisean nach labhródh sé ar an rud a bhí ar a intinn féin agus nach nochtfadh sé barúil i dteach tábhairne. Chuir an Maoiseach deann creatha croí de féin nuair a mhachnaigh sé ar seo. Ní dhearna Mag Céadaigh neamhshuim den chaint seo a nocht an Maoiseach ach dúirt go gcaithfeadh duine a shamhlaíocht a chosaint.

Chailleadh Mag Céadaigh a mhíthapa anois agus arís ach thuigfeá gurbh í a fhís ba chúis le seo.

Ba dheacair a dheánamh amach cad é a spreag Mag Céadaigh nó cad é an rud a raibh tionchar aige air.

Ba minic a shamhlaigh Seán an Mhaoisigh go raibh baint aige féin le spreagadh no tionchar Mhag Céadaigh cé go ndúirt Mag Céadaigh gur duine an dóchais bhig a bhí i Seán an Mhaoisigh cé nár dhearc Seán riamh ar an rud mar sin.

Bhí dúil ag Mag Céadaigh i Londain agus theith sé ansin roinnt uaireanta. Mhaigh cara de Mhag Céadaigh agus corrdhuine eile gur scoth teoiriceora a bhí ann agus dúirt fear amháin a raibh Drabhlás Mac an Bháird air nach ndeánfadh sé, sé sin Mag Céadaigh, rud ar bith, sé sin, ní raibh sé sásta rud ar bith a dhéanamh.

Fuair máthair Mhag Céadaigh bás agus chuaigh an Maoiseach chuig an tórramh. Nuair a bhí siad uilig sa teach tábhairne i ndiaidh an Aifrinn thiontaigh Mag Céadaigh chuig cara mór leis agus arsa seisean leis

"Ach, a Dhoiminic, thiocfadh leis na Gaeil réabhlóid a chur i gcrích dá mba mhian leo. Arú, breast iad. Is í a bronntanas féin an tsuáilce!"

Agus tiontaigh sé chuig an Mhaoiseach agus arsa seisean

"Cad é atá cearr leatsa, a Sheáin? An bhfuil tú ag iarraidh dúcheist na cruinne a réiteach?"

Ní dhearna Seán ach a cheann a chromadh go humhal agus mhothaigh sé bómánta, bómánta, agus bómánta faoi sheacht.

Tá Seán an Mhaoisigh agus Giolla Easbaig Mag Céadaigh mórchaírdiúil le chéile ar fad.


[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]

Níl ríomhphost ar fáil