
An Gorta Mór i nGaeltacht Thír Chonaill atá mar théama ag éigse na bliana seo.
Cuirfear tús leis an Éigse Dé hAoine an 1ú lá ag 8pm le clárú in Óstán Radharc an Eargail, Doirí Beaga.
Beidh Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, as Gaoth Dobhair, ann leis an Éigse a oscailt go hoifigiúil.
I ndiadh na hoscailte, bhéarfaidh Séamas Ó Cnáimhsí, Roinn an Staidéar Gnó, Ceardcholáiste Réigiúnach Leitir Cheanainn, caint na hÉigse.
Beidh suipéar ann ar 10 i.n. agus ina dhiaidh seo beidh cabaret agus ceol le scoláirí Phobalscoil Ghaoth Dobhair.
Cuirfear tús le himeachtaí an tSathairn ar 11.30 r.n. le taispeántas sa Chrannóg i nDoirí Beaga.
Ag 2 i.n. cuirfear tús leis an chomórtas aithriseoireachta, An Béal Binn, i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.
Beidh léacht, An Gorta Mór, sa Chrannóg, Doirí Beaga, ag 2.30 i.n. agus ina dhiaidh sin beidh comórtas díospóireachta, do choláistí tríú leibhéal ar siúl sa Chrannóg.
Ar 7.30 i.n. cuirfear tús leis an chraobh den Bhéal Binn in Óstán Radharc an Eargail, Doirí Beaga.
Beidh fóram oscailte le seisear cainteoir ar siúl sa Chrannóg Dé Sathairn ag 8 i.n.
A phlé ag an bhfóram seo beidh Am an drochshaoil i nGaeltacht Thír Chonaill.
Cuirfear críoch le hÉigse Uladh '96 le hAifreann Cuimneacháin an Ghorta i dTeach Pobail Mhuire, Doirí Beaga.
£5.00 an táille chláraithe don Éigse.
Tá gach eolas i dtaobh na hÉigse le fáil ón uimhir ghutháin. 075-31008.
Maidir leis an chomórtas díospóireachta, tá tuilleadh eolais le fáil ó 075-32188 nó 32208.
Is í Máire Mhic Niallais, Áras Cholm Cille, Ard na gCeapairí, riarthóir Éigse Uladh.
AN BéAL BINN
Mar chuid d'Éigse Uladh, tá an coiste ag reáchtáil comórtas aithriseoireachta, An Béal Binn, do naíonraí, do bhunscoileanna agus d'iarbhunscoileanna ar an Satharn, 2 Márta.
D'éirigh go han-mhaith leis an chomórtas seo le deich mbliana anuas; is é atá i gceist ná go ndéanfadh gach dalta dán Gaeilge nó véarsaí as dán Gaeilge a aithris ar an Satharn.
Is féidir leis an dalta dán Gaeilge ar bith dá rogha féin a aithris.
Tá seacht roinn sa chomórtas: naíonraí; bunscoileanna naíonán; ranganna a 1 agus 2; ranganna a 3 agus 4; ranganna a 5, 6 agus 7; iarbhunscoileanna go Teastas Sóisearach agus go hArdteastas.
Beidh duaiseanna fiúntacha ag dul do na buaiteorí, trí dhuais i ngach roinn agus an phríomhdhuais, Corn Cuimhneacháin Phat Uí Rabhartaigh, do An Béal Binn agus Corn Raidió na Gaeltachta don iomaitheoir bunscoile nó iarbhunscoile is fearr.
Beidh duaiseanna speisialta á mbronnadh i mbliana ar na dánta nuachumtha is fearr a dhéanfar a aithris.
Is féidir an dán bheith faoi ábhar ar bith.
Ní bheidh cead ag dalta an dán a d'aithris sé nó sí anuraidh a aithris i mbliana arís.
Ní ghlacfar le hiarratais ar bith i ndiaidh na Céadaoine, 28 Feabhra.
Tá gach eolas le fáil ó Noel Ó Gallchóir, Gort an Choirce, guthán (baile), 074-35305, nó (scoil) 075-31311.
Tá Nora Owen ag athbhreithniú a plean chun reifreann a reáchtáil faoi na dlíthe bannaí mar gheall ar fhreasúra ón Lucht Oibre agus Daonlathas Clé.
Bhí an tAire chun moltaí a chur i láthair na Comhaireachta ar an mhí seo chugainn ach mar gheall ar bhrú ó Dhaonlathas Clé is an Lucht Oibre tá sí ag athscrúdú a plean.
Beidh moill dá bharr ar dhréachtú moltaí don Chomhaireacht.
Tá coimhlint mhór idir Fine Gael agus a bpáirtnéirí Rialtais ní amháin faoi cheist leasú na ndlíthe bannaí ach faoin iarracht chun Banc Coigiltis na nIontaobhaithe a dhíol.
Tuairiscíodh ag deireadh na seachtaine seo caite go bhfuil an Tánaiste ag cosc iarrachtaí chun seachtó a cúig faoin chéad de scaireanna sa Bhanc a dhíol.
Chuir an plean chun na dlíthe bannaí a leasú alltacht ar Dhaonlathas Clé is ar an Lucht Oibre.
Maíonn siad sin go mbeadh impleachtaí troma do chearta sibhialta sa phlean agus go mbainfí den bharántas go mbíonn gach duine soineanta go dtí go cruthaítear a mhalairt.
Tá ráite go rialta ag an dá pháirtí seo go mbeadh fadhbanna móra acu le aon reachtaíocht a leasódh na dlíthe bannaí.
Le cois an fhreasúra óna bpáirtnéirí sa Chomhaireacht tá Fine Gael buartha go mbeadh orthu tuilleadh spáis a sholáthar sna príosúin dá ndéanfaí na dlíthe bannaí a leasú.
Meastar go mbeadh suas le 600 áit bhreise de dhíth sna príosúin má dhéantar na dlíthe bannaí a leasú agus má choinnítear faoi ghlas amhrasáin á ligtear amach ar bhannaí faoi láthair.
Bheadh costas caipitiúil £60m ar sholáthar na spásanna seo agus costas reatha £20m sa bhliain gach bliain ina dhiaidh sin.
Thabharfadh sin fadhbanna móra don Aire Owen atá go mór faoi bhrú cheana mar gheall ar an easpa spáis sna príosúin.
Tá Fianna Fáil ag brú leasú na ndlíthe bannaí i rith an ama agus chuir urlabhraithe dá gcuid sraith de cheisteanna ar an Aire Owen sa Dáil an tseachtain seo caite.
Is rún dóibh an cheist a thógáil sa Dáil arís eile ar an tseachtain seo chugainn.
Feiceann siad go dtiocfadh leis an cheist seo scoilteanna taobh istigh den Chomhaireacht a ghéarú agus is rún dóibh leanúint leis an bhrú ar an Rialtas is go háirithe ar an Aire Owen.
`Saothrú na Gaeilge i measc an phobail'
ar 1 a chlog, Dé hAoine, 1 Márta
Fáilte roimh chách
Níl ríomhphost ar fáil