Ón Scéaltacht


Seoda gan loinnir

Cé nach mbeidh ag tabhairt cic don mhadadh a thuilleadh?

An fear sin sa leabhar scoile Gaeilge, Seoda.

Sraith de leabhair bhunscoile é Seoda a d'fhoilsigh C.J. Fallon.

I gceann amháin den 22 leabhar taispeántar duine de na príomhcharachtair, Colm, ag scairteadh `Imigh leat' agus ag tabhairt cic do mhadra a chomharsan.

Deirtear sa teacs, `Agus tharraing sé cic ar an madra bocht.'

Bhuel, ní bheidh Colm, nó duine ar bith eile, ag tarraingt cic ar dhuine ar bith feasta.

Tar éis do na Westmeath Friends of Animals gearán a dhéanamh leis na clódóirí agus leis an Aire Oideachais, tá socraithe ag muintir Fallon athchoiriú a dhéanamh ar chló úr den leabhar agus an píosa áirithe seo a fhágáil ar lár.

Ní i gCo na Mí amháin atá saol na Gaeilge á chur in oiriúint le bheith ceart de réir na polaitíochta comhaimseartha.

Cad a tharla do `Dia Duit' a deir tú má amharcann tú ar `Now You're Talking?'

D'imigh an bheannacht áirithe úd ar fad a bheag nó a mhór - cé gurb é an bheannacht is coitianta fós i measc Gael.

Cibé faoi tá sé i bhfad níb fhéarr ná Haló agus Hái.

Agus ní sin an t-aon iarracht amháin a rinneadh chun an tsraith a chur in oiriúint.

Deir éan beag liom gur tugadh ar chailín a bhí páirteach i radharc sa chlár d'fhoghlaimeoirí, slabhra le cros air a cheilt nuair a bhí sí os comhair ceamaraí.

Cad é an chéad rud eile?

Aisteoir ar bith a bhfuil an t-ainm Mac Giolla Dé air?

Comrádaí Mac Annaidh

Cé a bhí breá sásta gur scríobh sé an leabhar?

Séamas Mac Annaidh.

Is cuid de stair na litríochta Gaeilge anois é gur cuireadh Rúisis ar chéadleabhar Mhic Annaidh, Cuaifeach mo Lon Dubh Buí agus gur díoladh sciar mór den 100,000 cóip a cuireadh i gcló san iar-Aontas Sóivéadach.

Níor shaothraigh Mac Annaidh aon bhrabach dá bharr áfach nó thit an Cúirtín Iarainn agus ní raibh luach ar bith le hairgead na Rúise.

Ach ní thagann olc i dtír ....

Chuaigh Mac Annaidh óg a lorg a chéad jab i leabharlann in Inis Ceithleann ag tús na 1980í.

Ní raibh mórán dóchas aige go háirithe nuair ba bhean Shasanach, damhsóir bailé, a bhí ag cur agallaimh air.

Níor shíl sí mórán dá chuid O-Leibhéil, ALeibhéil nó cailíochtaí eile.

Bhí iomlán dóchais caillte aige go bhfaigheadh sé an post agus é ar tí éirí as nuair a chonaic an bhean cóip de Cuaifeach mo Lon Dubh Buí ina mhála.

`Oh, you write in the indigenous language of the island, how quaint. Wonderful.'

B'fhéidir nár shaothraigh Cuaifeach mo Lon Dubh Buí saibhreas rúbal do Shéamas Mac Annaidh - ach shaothraigh sé jab dó agus, mar a deir siad, níor amharc sé siar ó shin.

Craoltóir raidió, craoltóir teilifíse ar chláir Ghaeilge do pháistí an BBC, agus scríbhneoir aitheanta.

Agus anois tá athchló curtha ag Coiscéim ar Cuaifeach mo Lon Dubh Buí.

Gabh amach agus ceannaigh é.

Et tu M.J.

Cé atá trína chéile?

M. J. O'Brien ó Chill Dhéagláin, Co na Mí.

I litir chuig an Irish Independent faoin cheannlíne, `Irish is a dead language', lascann M.J. comhfhreagraí eile as bheith ag cur in iúl go bhfuil milliún cainteoir Gaeilge sna 26 Chontae.

Tugann sé `fanatics' ar lucht na Gaeilge, agus maíonn `Irish is a dead language and no amount of taxpayers money being spent on new TV stations will revive it.'

Ag deireadh na litreach seo ag damnú na Gaeilge mar theanga mharbh tugann M J s'againne le fios go bródúil gur céimí sa Laidin é.

Anois an bhfuil dul amú orm nó an bhfuil rud éigin cearr le duine a mhaíonn as bheith cáilíthe sa Laidin ag scríobh isteach chuig nuachtán ag cáineadh na Gaeilge mar theanga mharbh, ag cáineadh caiteachas airgid ar an teanga agus ag lochtú díograiseoirí Gaeilge mar `fanatics?'

An raibh an ceart ag Barnham?

Béal uachtair in airde

Cé a shíleann a mhór de Churchill?

An Taoiseach, Seán de Briotún.

De réir teagmhálaí Scéaltachta tá pictiúr de Churchill crochta ag an Taoiseach ina sheomra in Oifigí an Taoisigh.

Agus murar leor é chun dílseachtaí Sheáin a nochtadh tá grianghraf eile crochta aige ansin - grianghraf de féin agus an Prionsa Séarlas ag croitheadh lámh.

Cé a dúirt go n-aithníonn tú daoine ar a gcairde?

Focal le Gaoth

`Cáineann an clann gach grúpa paramhíleata. Níor mhaith leo baint ar bith bheith acu le ceann ar bith acu agus níor mhaith leo go mbeadh baint ag aon paramhíleataigh le tórramh a mic'

Ráiteas ó chlann Ed O'Brien, an comhalta den IRA a cailleadh i bpléasc ar bhus i Londain

`Má fhógraíonn an dá Rialtas dáta cinnte do chainteanna ilpháirtí bheadh ualach trom morálta ar Phoblachtaigh dul chuig an IRA agus sos cogaidh nua a lorg uathu'

Martin Mc Guinness, urlabhraí le Sinn Féin

`Níl an daonlathas ag brath ar Chomhairle Airm an IRA, daoine gan aithint, daoine gan aon sainordú polaitiúil, daoine nach bhfuil freagrach ar shlí ar bith don phobal'

An Taoiseach John Bruton ag caint ag léirsiú ar son na síochána i gCo na Mí Dé Domhnaigh seo caite

`Níor vótáil mé ar son na nAontachtaithe riamh roimhe'

Sam Mc Aughtry, seanadóir nua

`I 1994 cuireadh in iúl dom nach raibh duine de na gníomhaithe, a raibh mise ag plé leis, chomh hionraic is a mheas mé. Fágadh an FAI £110,000 gann.

De thairbhe gur ormsa a bhí an locht as bheith ag plé leis an ghníomhaí áirithe seo mhothaigh mé gurbh éigean dom an easpa seo a ghlanadh.

Tuigim anois gur cheart dom a chur in iúl do bhall de Chomhairle an FAI i mí na Samhna 1994 gur mar sin a tharla cúrsaí'

Joe Delaney, cisteoir an FAI

`An t-aon chúiteamh amháin atá uaim ná bheith ábalta ainmneacha na mban rialta seo a thug an drochíde dom a phoibliú'

Cathleen O'Neill, a ídíodh le linn di bheith i ndílleachtlann de chuid na mban rialta

`Tá mé brean de bheith ag cloisteáil daoine ag caint faoi na cearta atá ag dul dóibh cionn is gur saoránaigh iad - b'fhearr liom go dtabharfaidís aird ar a ndualgais mar shaoránaigh'

John Lonergan, Gobharnóir Phríosún Mhuinseo


Cartún le Con



[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]


Níl ríomhphost ar fáil