
Eagarfhocal
Sin teachtaireacht shoiléir a thug siad i léirsithe fud fad na tíre an deireadh seachtaine seo caite.
Is teachtaireacht í a chloisfidh gach taobh atá páirteach sa choimhlint anseo agus fios acu anois go mbeidh siad thíos leis má dhéanann siad neamhaird den phobal.
Ach ní leor ribíní bána is focail dheasa chun síocháin a bhaint amach.
An rud atá de dhíth orainn ná próiseas fiúntach síochána, próiseas a thugann le chéile chun cainte an dá thraidisiún ar an oileán seo.
Ainneoin na mbuamaí bheith ag pléascadh, ainneoin na dtrúpaí Briotanacha bheith ag filleadh ina sluaite ar shráideanna na Sé Chontae, tá ábhar dóchais fós ann.
Tá an IRA fós i bhfách le comhréiteach.
Tá curtha in iúl acu sin a raibh plé acu leo cheana, Martin Mc Guinness, John Hume is Gerry Adams, go dtiocfadh an IRA ar ais ar bord dá mba rud é go bhfógrófaí dáta cinnte do chainteanna ilpháirtí.
Tá curtha in iúl ag ceannairí de chuid an OUP gur dócha go mbeidís sásta plé a dhéanamh le Sinn Féin dá mba rud é go nglacfadh Sinn Féin páirt sna toghcháin do thionól nua.
Tá Rialtas na Breataine níos láidre faoi, dá mbeadh páirt ag Sinn Féin sna toghcháin agus dá mbeadh sos cogaidh eile ann bheadh cárta iontrála isteach chuig cainteanna ilpháirtí do Shinn Féin tar éis na dtoghchán.
Mar sin is é dáta do chainteanna ilpháirtí an chéad rud atá le socrú le go dtiocfadh linn tosú as an úr ar phróiseas na síochána.
Tá dóchas ann go dtiocfaidh sin gan mhoill má bhíonn cruinniú mullaigh idir an Taoiseach agus an Príomhaire Major.
Tá sé ansin faoi Shinn Féin, faoi John Hume is Ailbhe Mac Raghnaill, agus faoi idirghabhálaithe, an IRA a thabhairt ar ais ar bord.
Beidh ar Shinn Féin a seasamh faoi thuarascáil Mhistéil a shoiléiriú.
Agus beidh ar na Náisiúnaithe páirt a ghlacadh i dtoghchán tionóil - fiú mura bhfuil siad chun suí sa Tionól sin amach anseo.
Níl aon chinnteacht fiú ansin go mbeidh Aontachtaithe sásta suí agus labhairt leis an SDLP ná Sinn Féin.
Is dóichí ná a mhalairt go ndiúltóidh siad déanamh amhlaidh nó tuigeann siad má bhíonn cainteanna ann go mbeidh orthu rud éigin a ghéilleadh agus níor ghéill Aontachtaithe aon rud ó bunaíodh an stát ó thuaidh.
Is ag an phointe sin a fheicfimid méid na coimitminte atá ag Rialtas na Breataine don phróiseas.
Theip ar an phróiseas deiridh de thairbhe nár cuireadh bonn polaitiúil faoin phróiseas síochána.
In áit bheith ag caitheamh a chuid ama is fuinnimh ag iarraidh na Phoblachtaigh a thabhairt isteach go croílár an phróiseas agus cainteanna a chur sa siúl, chaith Rialtas Shasana seacht mí dhéag ag iarraidh constaicí a chur sa bhealach rompu is ag tacú le diúltachas na nAontachtaithe.
Más rún dóibh an rud céanna a dhéanamh an iarraidh seo, ansin ní mhairfidh aon phróiseas úr níos faide ná cúpla mí.
Más rún do Rialtas na Breataine fíorphróiseas a thógáil áfach, más rún dóibh bonn polaitiúil a chur faoin chealú cogaíochta, ansin ní mór dóibh na hAontachtaithe a thabhairt chuig an tábla cainte.
Is Rialtas é Rialtas na Breataine, ní mionpháirtí polaitiúil.
Tá sé amaideach acu a chur in iúl nach dtiocfadh leo tionchar a imirt ar na hAontachtaithe lena dtabhairt chuig an tábla cainte.
Úsáideann siad a dtionchar eacnamaíoch, polaitiúil, taidhleoireachta is eile lá in aghaidh lae chun an tAontas Eorpach a bhrú.
Úsáideann siad a meáin gach lá chun brú a chur ar Rialtas na hÉireann nó ar na páirtithe Náisiúnaíocha.
Tá sé in am acu anois an chumhacht sin a úsáid chun brú a chur ar na hAontachtaithe lena dtabhairt go dtí an tábla cainte.
Mura bhfuil siad sásta fiú ansin teacht chuig an tábla cainte, beidh sé de dhualgas ar Rialtas na Breataine an rud a gheall an dá Rialtas a dhéanamh sa Chomhfhógra a d'éisigh siad.
Gheall siad ansin mura mbeadh toradh ar a n-iarrachtaí leis na páirtithe a thabhairt le chéile go ndéanfadh an dá Rialtas moltaí dá gcuid féin a dhréachtú is a chur chun cinn.
Tá ról lárnach ag Rialtas na Breataine i dtabhairt le chéile Aontachtaithe is Náisiúnaithe na hÉireann chun caint a dhéanamh.
Má dhéanann Rialtas na Breataine neamhaird den pháirtípholaitíocht, má ghníomhaíonn siad ar son na síochána seachas ar a leas gearrthréimhseach féin ansin tá cúis mhaith leis an dóchas a mhothaigh pobal na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite.
Ach má dhiúltaíonn Rialtas na Breataine oibriú gan stad leis an dá thraidisiún a thabhairt le chéile chun cainte ní bheidh síocháin againn.
Agus beimid ar ais i gcogadh nár mhaith le duine ar bith.
Is iontach sin go háirithe cionn is go bhfuil mná ag croílár shaol na Gaeilge.
Mná is iad bunús mór na múinteoirí i nGaelscoileanna.
Mná is iad a iompraíonn an t-ualach is mó i dtógáil clann le Gaeilge.
Agus cé go bhfuil níos mó agus níos mó ban ag obair in eagrais is institiúidí Gaeilge is iad fir amháin atá i gceannas i mbeagnach gach ceann acu.
I sochaí na hÉireann an lá inniu tá glactar forleathan leis go fóill gurb iad mná a bhíonn freagrach as cúram clainne.
Má bhíonn rogha le déanamh faoi cén tuimsitheoir a fhanfaidh sa bhaile agus cén tuismitheoir a rachaidh amach ag obair glactar leis beagnach i gcónaí gur cheart don bhean fanacht sa bhaile.
Is constaic mhór í seo ar na hiarrachtaí chun cur le stádas eacnamaíoch na mban sa tsochaí.
Má tá aon rud amháin a chuideodh go mór leis an chás a fheabhsú ba é an stát bheith ag soláthar áiseanna cúram páistí saor in aisce do mhná a roghnaíonn dul amach ag obair.
Ní mór don stát aitheantas a thabhairt don ról luachmhar atá ag mná, ní amháin sa bhaile ach taobh amuigh de.
Léiríonn tuairisc áit eile sa pháipéar seo go bhfuil níos mó agus níos mó ban ag roghnú teacht isteach san fhórsa oibre ainneoin na bhfadhbanna a chuirtear sa bhealach orthu, ainneoin na gconstaicí.
Agus ní mór don phobal Gaelach aitheantas cuí a thabhairt fosta do chás na mban.
Ní cheart go reáchtálfaí aon mhórimeacht Gaeilge gan naíolann bheith curtha ar fáil do mhná a bhfuil páistí acu le go dtiocfadh leo freastal ceart a dhéanamh ar an ócáid.
Ní sháróidh a leithéid fadhbanna an leatroim a dhéantar in aghaidh ban sa tsochaí.
Ach ba thús beag maith é ar an ród.
Níl ríomhphost ar fáil