LÁ - Nuachtán na nGael


Déardaoin 29 Feabhra 1996
Imleabhar 15 Uimhir 9

Is le haghaidh NetScape 1.1N nó níos moille atá na leathanaigh seo scríofa.


Pacáiste nua do Adams

le hEoghan Ó Néill

Bhí cruinniú rúnda ag oifigigh Rialtas na hÉireann le ceannairí Shinn Féin in Iarthar Bhéal Feirste an Satharn seo caite, 48 n-uair an chloig roimh chruinniú Mhartin Mc Guinness le Patrick Mayhew ag Stormont.

Tuigtear gur pléadh ann plean do phróiseas úr a thiocfadh le Gearóid Mac Adaim a thabhairt chuig an IRA féachaint le sos cogaidh úr a bhaint.

Ní fios cén uair a bheidh an plean sin réidh ach tuigtear go dtógfaidh sé roinnt seachtainí.

Agus in agallamh le LÁ dúirt urlabhraí leis an IRA nach bhfuil cealú cogaíochta úr as an cheist.

'Duine ar bith ar spéis leo a leithéid, mholfainn dóibh ráiteas an IRA ar 9 Feabhra a léamh arís,' ar seisean.

'Tugadh le fios ann gur éirigh an IRA as a sos cogaidh de thairbhe nár tugadh faoi chainteanna ilpháirtí gan réamhchoinníoll agus nár tugadh iarracht dháiríre dul i ngleic leis na bunfadhbanna.

'Faoi láthair seasann sin go fóill.'

Le cois an chruinniú idir oifigigh Rialtais is Sinn Féin agus an cruinniú ag Stormont, bhí cruinniú ag Anthony Lake, Comhairleoir Slándála Bill Clinton, le George Mitchell agus Bill Flynn, beirt a bhí anseo le déanaí chun eolas a bhailiú don Uachtarán faoi na dála polaitiúla tar éis cealú shos cogaidh an IRA.

Tá an tUachtarán Clinton á choinneáil ar an eolas faoi na hiarrachtaí chun próiseas úr a atógáil.

Tá curtha in iúl ag Gearóid Mac Adaim, Martin Mc Guinness agus Seán Hiúm, go gcreideann siad gur leor dáta cinnte do chainteanna ilpháirtí chun an IRA a thabhairt isteach sa phróiseas arís.

Tá pacáiste á bheartú ag an dá Rialtas chun cainteanna ilpháirtí a chur sa siúl faoi mhí Bealtaine.

Níl an leagan amach a bheidh ar an tionscnamh úr iomlán soiléir fós ach creidtear go bhfógrófar dáta do thoghcháin, dáta do reifreann den saghas atá molta ag Seán Hiúm, agus spriocdháta do chainteanna ilpháirtí.

Beidh an dá Rialtas ag fógairt a bplean úr an tseachtain seo más féidir leo aontú.

San agallamh le LÁ, thug urlabhraí an IRA leid go bhfuil sé ar chumas na heagraíochta cogadh, ar scála nach bhfacthas riamh roimhe, a chur ar siúl sa Bhreatain mura dtógtar próiseas úr síochána.

Leag sé an milleán ar Rialtas Shasana as cliseadh an phróisis deiridh.

Ag cuimhneamh tuar a rinne sé in agallamh le LÁ ceithre mhí ó shin ar seisean,

'Mhaígh mé an t-am sin go raibh iomrall áirimh ollmhór déanta ag na Sasanaigh, gur shíl siad go dtiocfadh leo gan an próiseas a fheidhmiú agus nach rachadh an IRA ar ais i mbun gnó.

'Thuar mé an t-am sin go bpléascfadh an polasaí sin ina n-aghaidh dá leanfaidís leis.

'Agus is oth liom a rá gur lean siad leis.

'Mura mbeadh ach toradh amháin ar na buamaí a pléascadh go dtí seo ba é gur thug sé práinn ar ais sa chuardach chomhréitigh.

'Ní féidir le dream ar bith neamhaird a dhéanamh den chuardach sin a thuilleadh.'

Deirbhle chun tosaigh i Seachtain na Gaeilge

Déanfar Seachtain na Gaeilge a lainseáil in Ionad Scannán na hÉireann an Luan seo nuair a nochtfaidh Deirbhle Ní Churraighín ó 'Now You're Talking' clár imeachtaí na bliana seo.

Tá Conradh na Gaeilge ag geallúint an fhéile is fearr riamh agus beidh béim ann ar imeachtaí ceoil is drámaíochta go háirithe.

Is ar 11.00 r.n. maidin Dé Luain, 4 Márta, a dhéanfaidh Deirbhle an fhéile a lainseáil san Ionad Scannán, 6 Sráid Eustace.

Tá fáilte isteach roimh an phobal.

Arsa Uachtarán an Chonartha, Gearóid Ó Cairealláin,

'Tá iarracht mhór déanta againn i mbliana chun an fhéile seo a leathnú amach, chun daoine a thabhairt isteach ann nach mbeadh baint acu de ghnáth léi.

'Beidh go leor de na himeachtaí ag titim amach thart faoi Shráid Grafton is Barra an Teampaill agus le cois imeachtaí istigh beidh go leor imeachtaí sráide ann.

'Tá mé ag iarraidh ar phobal na Gaeilge, agus ar na daoine sin atá báúil leis an teanga ach ar bheagán Gaeilge, teacht amach, spraoi bheith acu agus san am céanna a dtacaíocht a nochtadh don teanga dhúchais.'

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ach scairteadh ar Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.


Cartún le Doll
[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]

[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]


Níl ríomhphost ar fáil