Leathanach 19


GRÁ GAN GHRUAIM

Úrscéal do dhéagóirí le Máirtín Ó Corbuí

Caibidil X

Nuair a d'fhiafraigh mo mháthair d'Eibhlín an raibh tuirse uirthi, nó ar mhaith léi dul a luí go luath, shéan sí go láidir gur mar sin a bhí.

"Ach má thagann Pól liom", a deir sí, "ba bhreá liom amach agus an áit i mo thimpeall a fheiceáil sula dtagann an oíche. Níl uaim nóiméad ar bith a chur amú fad táim anseo".

"Beidh áthas orm dul leat", a dúirt mé, agus b'in an fhírinne. Bhí mé tar éis bearradh agus éadaí eile a chur orm roimhe sin, agus ní fhéadfainn aon rud níos taithnramhaí a shamhlú ná bheith ag siúl léi, agus gan ann ach an bheirt againn. I dtreo an Mhullaigh a chuamar, agus ar feadh na slí bhí sí do mo cheistiú faoi fiche rud. Na páirceanna ar gach taobh dinn, na hainmhithe a bhí iontu, na héin sna crainn agus na sceacha, agus bláth ar bith a bhí fós le feiceáil. Agus nuair a bhaineamar an baile beag amach ba é an scéal céanna é. Chuamar isteach i ngach siopa beagnach agus cheannaigh sí rudaí beaga ar chuir sí suim iontu - cuimhneacháin den chuid ba mhó de.

Ar deireadh thugamar cuairt ar an séipéal, agus bhí sé ag dul ó sholas nuair a chuireamar chun siúil ar ais arís. Faoin am seo ní raibh scáth ná cotadh - ná imní - d'aon saghas ag cur isteach orm, agus ní hé amháin gur shíl mé gur chailín álainn í, ach bhí mé i ngrá go mór léi. In uillin a chéile - faoi mar a bhí a seanathair agus í féin sa ghrianghraf - a thángamar ar ais go dtí an teach.

Sa seomra suí a bhí gach duine cruinnithe ar ndóigh, agus shuigh Eibhlín agus mé féin le chéile ar an tolg. Bhí an triúr - Máirín, Orla agus Darach - ar chlé uainn, agus rug mé orthu cúpla uair agus iad ag scrigireacht agus ag cogarnaíl. Bhí a fhios agam gur chugam a bhí siad, ach lig mé orm nár thug mé aon ní faoi deara. Ní fhéadfainn mórán a rá ná a dhéanamh leo ar aon chuma, mar bhí ar intinn agam a iarraidh orthr roinnt oibre a dhéanamh sa ghairdín dom ar theacht abhaile dóibh ón scoil an chéad lá eile. Bheadh mise róghnóthach agus Eibhlín á tionlacan agam anseo is ansiúd de réir mar a bhí beartaithe agam.

Ar éigean a chodail mé néal an oíche sin ach mé suaite ag na mothúcháin nua seo a ghlac seilbh orm ón uair a leag mé súil ar an gcailín seo ó Chalafornia. Bhí mé tuirseach go maith mar sin an lá arna mhárach, ach nuair a chuala mé - bhí coinne agam leis ar bhealach - a glór sa chistin agus í ag caint le duine éigin, phreab mé as an leaaba agus ghléas mé mé féin faoi dheabhadh. An Chádaoin a bhí ann, agus mar nach mbíodh m'athair ag obair ar an lá sin, ba ghnáth leis tamall breise a chaitheamh ina luí. Agus mé ag dul thar dhoras an tseomra ina raibh sé ghlaoigh sé orm.

"Beidh do mháthair is mé féin ag siopadóireacht i gCluain Meala inniu", a deir sé. "Má thagann Eibhlín is tú féin linn déanfaimidne a bhfuil le déanamh againn, agus tig libhse an carr a bheith agaibh ar feadh cúpla uair an chloig. D'fhéadfá na háiteanna is spéisiúla sa bhaile mór a thaispeáint di ar dtús, agus bualadh amach sa cheantar máguaird ansin. Ar mhaith leat é sin?"

"Ó, ba mhaith", a deirim. "Is breá an smaoineamh é. Go raibh míle maith agat".

Mar a dúirt mé cheana bhí Daid ag brath ar an gcarr agus é ag dul ag obair agus ag filleadh abhaile, mar nár fheil clár ama na mbusanna dó. Thug sé an-aire don charr mar sin, agus ní minic a ligfeadh sé domsa é a thiomáint. Ní foláir, a dúirt mé liom féin, nó tá an-mheas aige ar Eibhlín agus é a thabhairt dom gan é a iarraidh fiú amháin.

"Imígí libh anois", a deir mo mháthair linn nuair a thuirling Dais is í féin i gCluain Meala san iarnóin. "Ach tugaigí aire doibh féin. Ná tiomin róthapa, a Phóil".

B'in - nó rud éigin cosúil leis - a dúirt sí liom uair ar bith a bhí mé i mbun an rotha stiúrtha. Chuireadh sé iarracht chantail orm mar b'ionann é dar liom agus a rá nárbh fhéidir liom tiomáint go ciallmhr cúramach, ach níor chuir sé as dom i gcaoi r bith an lá seo. Agus Eibhlín le m'ais ní raibh ar intinn gam aon rud a dhéanamh a a bheadh contúirteach - agus go háirithe ní raibh mé chun brostú ar ais go Cluain Meala arís.

Níor fhanamar ach tamall gearr sa bhaile mór, mar shíl mé go mbeadh an cailín tuirseach de shráideanna agus d'fhoirgnimh tar éis di teacht ó chathair mhór Shacramento. Bhertaigh mé mar sin ar ligean di beagán den dúiche taobh amuigh de Chluain Meala a fheiceáil.

Bhí foirgnimh áirithe, áfach, ba mhian liom go mór a thaispeáint di, agus mar sin siar ó thuaidh a ghabhamar, ag déanamh ar Chaiseal Mumhan. D'inis mé beagán di faoin gCarraigh cháiliúil agus faoi Shéipéal Chormaic, ach ní fiú tada a bheith ag caint orhtu siúd nuair nach bhfeictear iad chomh maith. Níl a fhios agam cad leis a bhí sí ag tnúth nuair a bhí deireadh ráite agam, ach is cinnte gur fágadh balbh í nuair a chroicheamar ceann riain. Rinne sí grainghraf is fiche, déarfainn, agus tar éis dúinn cupán caife a bheith againn i mBrú Ború ar aghaidh linn arís.

Ó dheas thriallamar ansin go dtí an Chathair mar a rabhamar cois na Siúire arís, agus leanamar orainn go hArd Fhionnáin. Sheasamar le hais a chéile ar an droichead fada sa bhaile sin agus bhí ag caint tamall, agus nuair a ghluaiseamar chun cinn bhainemar amach an ball álainn úd a dtugann Béarlóirí an "Vee" air. Ansiúd tá radharcra chomh hálainn is atá le fáil in áit ar bith in Éirinn. Bhí Cnoc Maoldonn ó dheas uainn, agus machairí méithe Thiobraid Árann ag síneadh ó thuaidh go Caiseal féin.

Ar an mbealach ar ais go Cluain Meala stopamar seal beag aga Tobar Phádraig. Chuir Eibhlín an-suim go deo ann nuair a d'inis mé di gur thug Gaeil agus Giúdigh i gCalafornia na mílte dollar chun slacht a chur air.

"Chuile sheans", a dúirt sí, "go raibh mo sheanathair ar dhuine de na Gaeil sin. Tá's againn ar aon nós gur chuidigh sé lena lán Cumann a bhunaigh Gaeil i gcathracha an Stáit sin. Ach níor labhair sé riamh faoina raibh déanta aige".

Bhí mé ar tí a rá gurbh ait an rud é nár chuidigh sé lena dheartháir, Brian, ach ní dúirt mé é. Níor ghnó é sin ar aon chuma a bhain liomsa.


LÚCAS MAG SHAMHRAIN

Uimhir a ceathair de shraith fínéad
le Micheál Ó Maoileoin
Bhí cloigeann giobach agus cuma mharmarach air. Bhí na málaí a bhí air an-tomógach agus thógfadh sé a shúile nuair a thiocfadh fonn imníoch go tobann air.

Ba Bhaisteach é, is é sin, stad sé de bheith ag cleachtadh an cheidimh Chaitlicigh agus thóg sé suas creideamh na mbaisteach mar a thugtar air.

Ní raibh ar a aird ach a chúrsaí féin agus cé go raibh suim aige san iascaireacht tá den saol, ní raibh anois. Ligeadh sé air féin go raibh spéis aige san iascaireacht ach chonacthas do Sheán nach raibh. Ní raibh uaidh ach síocháin agus níor chuala Seán riamh ag caint é ar cheartas.

D'admhaigh bean de na comharsana go gciceáladh sé ar fad leis an chois eile. Ba é Séafra Mac Iomaire a chara chroí.

Ach b'fhear cineálta é in amanna. Rinne sé sú roinnt uaireanta do Sheán agus thug tabac dó. Dhíol sé tabac Ollannach le Seán fosta ar £4.00 ar 50 gram. Bhí a bhean ag mairseachtáil i leithligh uaidh. Bean a raibh cuma shuaimhneach uirthi, ro-shuaimhneach ba léir do Sheán ach níor nocht sé barúil ar bith mar gheall air seo. Bhí dúil mhór aici sa teilifís, agus san ól. Go dearfa, ba phótaire í. Ach bhí sí cneasta. Níor mhothaigh Seán aici fein nó ag a fear barúlacha láidre ar bith nó fiamh nó faltanas ar bith do dhuine ar bith. Ba dhaoine fiúntacha iad cé gur luigh sise uair amháin, mar chuala Seán lena chluasa féin, le fear eile agus ghoill seo ar Lúcas ach ina dhiaidh sin mhaith Lúcas an gníomh di. Bhí iníon acu a bhí ina pótaire fosta agus nach raibh uaithe ach am maith.

Ach bhí gliceas iontu uile nár léir do Sheán. Ní thiocfadh leis a mhéar a chur air.

Bhí Seán istigh leis uair amháin agus thug sé stobhach thiubh i mbabhla dó a bhí fíormhaith. Bhí an teilifís ar obair agus dúradh gurbh fhear an-olc é Gorbaiteof. Chreid Seán an Mhaoisigh go raibh an seansaighdiúir seo de chabhlach na Sasana ag insint na fírinne mar Éireannach macánta agus scanraigh an chaint seo Seán.

"Go bhfóire Dia ar an saol," arsa Seán leis féin in a chroí.

Go dearfa ní thiocfadh leat gan dúil bheith agat sa duine seo. Bhí Lúcas ag iarraidh maireachtáil agus le seo a dhéanamh i measc na gcomharsana ansin, chaithfeadh sé bheith críonna agus thiocfadh leis nó bhí Dílseoirí ann a raibh intinní faisisteacha acu.


[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]

Níl ríomhphost ar fáil