Nuacht


Scéal bisiúil ó phobal Boisniach na hÉireann

Le hEOGHAN Ó NÉILL

Tá lárionad pobail dá gcuid féin ag an phobal Boisniach i mBaile Átha Cliath anois.

Ba í Joan Bruton, an tAire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha, a d'oscail an lárionad i Sráid an Phiarsaigh go hoifigiúil an tseachtain seo caite, an ghné is déanaí d'iarrachtaí an phobail Boisniaigh in Éirinn chun a gcaidreamh lena chéile agus leis an mhórphobal a dhlúthú.

Cheana féin tá nuachtlitir dá gcuid féin ag muintir Bhoisnia agus eagraíonn siad clár leathan d'imeachtaí sóisialta is cultúrtha i rith an ama.

Déantar gach iarracht le cois, teagmháil a choinneáil idir an pobal sa bhaile agus an pobal anseo in Éirinn.

Dúirt an tAire Stáit Bruton le linn na hoscailte go bhfuil fáilte roimh an 550 Boisniach, a tháinig go hÉirinn le blianta beaga anuas fanacht anseo más sin an rud ab fhearr leo.

Ar sise,

`Ar ndóigh beidh cuid agaibh, i gcomhthéacs ar tharla ag Dayton agus an próiseas síochána, beidh cuid agaibh b'fhéidir ar mhaith libh filleadh ar an fhód dúchais.

`Ach an tromlach a bhfuil fréamhacha curtha acu anseo anois, a bhfuil páistí s'acu ar scoil anseo agus a bhfuil fostaíocht acu anseo, tá fearadh na fáilte romhaibh agus tá súil agam go bhfanfaidh sibh linn.'

Beidh an Bosnia Community Development Project lonnaithe sa lárionad nua agus beidh sé ina ionad bualadh le chéile fosta don phobal Boisniach atá ina gcónaí in Éirinn anois.

Cuidíonn an Project le daoine as Boisnia scíleanna a fhoghlaim le go dtiocfadh leo fostaíocht a fháil.

Ní bhíonn a n-obair teoranta dó sin áfach.

Cuidíonn siad le nuachtlitir a fhoilsiú don phobal agus le caidreamh a thógáil idir an pobal agus an mórphobal.

Tá tuairim is 550 duine ó Bhoisnia ina gcónaí anseo anois, a mbunús mór a tháinig mar gheall ar an chogadh sa bhaile.

D'fhéadfadh an pobal sin méadú fós nó tá cuid de ghaolta na ndaoine atá anseo i dteideal anois teacht go hÉirinn.

Níl aon rún ag an Rialtas faoi láthair tuilleadh teifeach ó Bhoisnia a cheadú nó tá dóchas acu go gcuideoidh an réiteach ag Dayton le síocháin a chur i réim sa tír anois.

NUACHTÁIN AGUS TRÉIMHSEACHÁIN

GEARAILT MAC EOIN

Agus buairt ar Mhicheál D. Ó hUiginn faoi chruachás na n-irisí Gaeilge chinn sé ar an bhfreagracht as na socruithe, faoina gcuirtear airgead ar fáil do nuachtán seachtainiúil i nGaeilge agus tréimhseacháin áirithe i nGaeilge, a aistriú go Bord na Gaeilge.

Bhí stuaim leis an gcinneadh seo mar gurb é an Bord atá freagrach cheana as an Áisíneacht Dáiliúcháin Leabhar, agus gurb é a n-iris féin, Saol, is fearr a dhéanann freastal, ar ardchaighdeán iriseoireachta, ar an margadh ar a mbíonn sí dírithe. Ach ceithre leathanach a chur le Saol, d'fhéadfadh sí freastal ar léirmheastóireacht na litríochta, freisin, agus bearna léanmhar a líonadh, ar mhaithe linne, scríbhneoirí, agus lenár bhfoilsitheoirí, ach í a scaipeadh níos forleithne.

Chonaic mé fógra ón mBord ar Anois, 6/7 Eanáir 1996 a lorg moltaí faoin ábhar seo ó bhaill den phobal nó ó eagraíochtaí, roimh an 19ú lá den mhí chéanna! Más fíor, is nós ag daoine san earnáil phoiblí fógra gairid a thabhairt don phobal nuair a bhíonn a n-intinn féin socraithe cheana. Ar dtús, shíl mé iarracht a dhéanamh ar lucht léinn agus léireolais Chraobh na hÉigse a thiomsú chun go n-ullmhóidís aighneacht don Bhord, ach bhí an fógra róghearr, go háirithe agus an chuid is mó acu ar saoire.

Ach ní fhéadfadh aon duine moltaí praiticiúla a dhéanamh gan suirbhé margaíochta agus gan eolas cruinn ó na tréimhseacháin. Taobh amuigh de bhliainirísí nó irisí séasúracha a dhéanann freastal ar spéiseanna speisialta, is iad na cinn a bheadh i gceist:-

* Anois agus LÁ (seachtaineáin) Comhar, Feasta, An tUltach, Agus, An Dréimire agus Saol (míosacháin), An Timire, An Sagart agus Mahogany Gaspipe (ráitheacháin).

Mar fhoghlaimeoir agus mar scribhneoir, is i is fearr liomsa ortha ná An tUltach, agus, ar nós mórán daoine eile, bím ag tnúth le LÁ, faoi mar a bhímis go léir ar bís go dtiocfadh Feasta tráth a mbíodh sí ina reviú tábhachtach conspóideach don Litríocht, don Eolaíocht, don Pholaitíocht agus don Smaointeachas Éireannach.

I measc an eolais a theastódh chun an Bord a chomhairliú níor mhór an t-eolas seo a leanas a fháil ó gach iris.

1. Polasaí eagarthóireachta, cuspóirí agus an margadh/na margaí ar a bhfuil siad dírithe. Agus a gcórais margaíochta agus dáiliúcháin,

2. An mó cóip a chlóbhuaileann siad de gach eagrán?

3. An mó cóip a dhíoltar agus go n-íoctar astu?

4. Cén fáth nach féidir leo táillí córa a íoc le scríbhneoirí cruthaitheacha agus le léirmheastóirí? Is cosúil nach bhfuil sé ar achmainn ag na hirisí dóthain léirmheastóirí acadúla a mhealladh chun leabhair a léamh agus a mheas. Agus maidir leis an scríbhneoir cruthaitheach, mar shampla, ní bhfuair mise thar £10.00 an míle focal ar ghearrscéalta ó thrí iris éagsúla anuraidh le hais gnáthráta £45.00 ar phíosaí aistriúcháin ó dhreamanna eile. Baineann dianléitheoireacht, faoi dhó, nó faoi thrí, agus cuid mhaith den chuardach agus den taighde i leabharlanna agus eile le leabhar a mheas go cothrom. An dornán dínn a dhéanann an obair seo, go minic ar níos lú ná £1.00 an uair an chloig, is "ar son na cúise" é. Is lú fós den chéad ghlúin eile a bheidh sásta an íobairt sin a dhéanamh.

5. Cad is cúis leis na botúin chló? Nach iomaí dán agus scéal a mhilltear acu! An é nach féidir íoc as léitheoireacht profaí? An féidir an scéal a leigheas?

6. An bhféadfaidís córas margaíochta agus dáiliúcháin a bhunú dá bhfaighidís ardú deontais? Cuir i gcás, mura n-íocfaí cuid den deontas breise ach "punt ar phunt" ar dheimhniú ghlandíolacháin íoctha, mar ba chóir bheith déanta ag Bord na Leabhar Geilge fadó. Nó arbh éifeachtaí dá leagfaí margaíocht na leabhar agus na n-irisí in éineacht ar ÁIS chomh maith leis an dáiliúchán, ach an eagraíocht sin a mhaoiniú chuige. Dá nglacfadh Bord na Leabhar le socrú uileghábhálach mar sin, ba mhór an cúnamh é, cé gur bhreá an spreagadh scéim "punt ar phunt" d'fhoilsitheoirí áirithe leabhar tacú lena gcuid scríbhneoirí ó thaobh na poiblíochta de, stórais an laíon adhmaid a ghlanadh amach agus srian a chur le "Foilsitheoireacht Ghaisce".

Ar eagrán an Fhómhair de An Léitheoir, bróisiúr poiblíochta leabhar a eisíonn Bord na Gaeilge in aghaidh na ráithe, ar a líostaítear "Irisí na Gaeilge", ní luaitear LÁ ná Anois agus níl aon liosta ar eagrán an Gheimhridh.

Is é an seachtaineán is mó díol in Éirinn ná an RTÉ Guide, agus sa Bhreatain, an Radio Times. Mholas cheana do Anois agus ansin do LÁ dul i gomhairle le R. na G., R. na Life, RTÉ, agus BBC agus le stáisiúin eile a mbíodh cláir Ghaeilge acu féachaint le forlíonadh breá daite a sholáthar le sonraí ar na cláir uile, le léirmheasanna, pictiúir agus aistí spéisiúla. Mholas freisin forlíonadh ar leith do gach ceantar Gaeltachta le haistí agus nuacht áitiúil á soláthar ag tuairisceoirí R. na G., le cabhair ó Ú. na G. Tugadh an chluas bhodhar dom. Agus T. na G. ar ghort an bhaile, arbh fhiú féachaint ar na moltaí sin arís?


[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]

Níl ríomhphost ar fáil