Ón Scéaltacht


A Dhiarmuid - tóg sos!

Cé nach dtógann sos?

An Dr Diarmuid Ó Doibhlin ó Ollscoil Uladh ag Cúil Raithin.

Bhí bua ar leith ag an Doibhlineach níos túisce i mbliana nuair a thug sé na céadta duine, idir Aontachtaithe is Náisiúnaithe, Chaitlicigh is Phrotastúnaigh, le chéile lámh leis an Bhaile Meánach chun comóradh a dhéanamh ar Róis Ní Ógáin.

Bhí Róis ar dhuine de na hAontachtaithe úd ag tús an chéid a chuir spéis in athbheochan na Gaeilge agus a shaothraigh le hamhráin is scéalta Gaeilge a bhailiú is a chaomhnú.

Ní amháin go ndearna an Doibhlineach an ócáid a reáchtáil, ach rinne sé an phoiblíocht don ócáid fosta, ag dul ar Raidió na Gaeltachta, ar Raidió Uladh agus fiú ag brú ar theilifís an BBC tuairisc as Gaeilge a chur ar an phríomhnuacht Bhéarla.

Agus seo uile ó fhear a bhíonn i rith an ama ag léachtóireacht agus ag déanamh na gnáthoibre a bhaineann le léachtóireacht.

Cad a dhéanann sé ina am saor?

Más fíor do scéal áirithe scríobhann sé filíocht i nGaeilge agus ní fada go mbeidh cnuasach dá chuid ar na leabhragáin.

Moladh amháin agam duit a Dhiarmuid - tóg sos!

76 bliana ag fanacht ar m'Fháinne

Cé atá tarraingteach do gach aoisghrúpa?

Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Gearóid Ó Cairealláin.

Is minic a bhíonn an Caireallánach ag tabhairt le fios gurb é a phríomhchuspóir an t-aos óg a mhealladh isteach sa Chonradh agus i saol na Gaeilge i gcoitinne.

Ach níl duine óg ar bith ann atá lán chomh tógtha faoin Uachtarán is atá a `fan' uimhir a haon, Annie Shaw as Béal Feirste.

Tá Annie 92 bhliain d'aois agus bíonn sí ag freastal go laethúil ar lárionad do sheandaoine lámh leis an Chultúrlann i mBéal Feirste, Lárionad Mhontague.

Tá measarthacht de Ghaeilge ag an Seoigheach agus bhí i bhfad níos mó aici nuair a bhí sí óg.

Ach nuair a rinne sí scrúdú an Fháinne i 1920 diúltaíodh ceann di nuair a fuarthas amach go raibh a deirfiúr ag siúl amach le saighdiúir Sasanach.

Ó shin i leith chleacht sí rud beag Gaeilge ach níor bronnadh an Fáinne uirthi riamh - go dtí gur tháinig Gearóid Ó Cairealláin ar an láthair.

Bhí an Caireallánach chomh corraithe sin faoina scéal is go deachaigh sé go Lárionad Mhontgue, bhuail le hAnnie, chuir scrúdú beag béil uirthi agus bhronn Fáinne Airgid uirthi - 76 bliana tar éis di an scrúdú a dhéanamh an chéad uair.

Bhí Annie breá sásta agus le cois a cairde sa Lárionad tháinig scaifte mac léinn ó Mheánscoil Feirste isteach chun ceiliúradh léi.

Bhí togha lá scléipe ann agus tá spéis anois ag roinnt de na seandaoine eile sa Lárionad an Ghaeilge a fhoghlaim.

Cruthúnas do gach foghlaimeoir go dtiocfadh leis an Fháinne a bhaint - fiú má thógann sé 70 bliain chuige.

Idir an dá linn tá ag éirí go breá leis an Fháinne Úr, an Fáinne a láinseáil Conradh na Gaeilge i mí Feabhra chun comóradh ochtó bliain den Fháinne a cheiliúradh.

Fáinne mór atá ann, déanta as ór 9 gcarat agus tá sé iontach tarraingteach.

Is tá greamaitheoir fíoréifeachtach le cinntiú nach dtiteann an rud ó do chóta.

Is féidir Fáinne Úr a fháil ach scairteadh ar Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

A Eric, a chara

Cé a fágadh ina dtost?

Baill den DUP a bhíonn ag dréim leis an chaighdeán is airde frith-Éireannachais óna laoch an tOir Eric Smyth, Ardmhéara Bhéal Feirste.

Is fada clú ar an Oir Smith as a sheasamh láidir in aghaidh Náisiúnaithe, Poblachtach agus fiú inchur ar bith ón `Saorstát.'

Ach tá lucht tacaíochta an Uas Mhic Gabhann iontach meallta lena iompar ar na mallaibh.

Coicís ó shin bhuail an tOir Smyth le toscaireacht ó Thír Chonaill, go leor de lucht na Gaeilge ina measc, chun an tseirbhís nua bus idir Béal Feirste agus Gaeltacht Dhún na nGall a lainseáil.

Bhí Eric chomh sásta sin is gur cheadaigh sé grianghraf de féin ag seasamh le muintir Thír Chonaill.

Ach ní stopann sé ansin.

An scéal is déanaí, agus níl ann ag an am seo ach scéal scéil, ná go bhfuil Eric chun fáiltiú oifigiúil a cheadú do Chonradh na Gaeilge i mí Bealtaine nuair a bheidh Ard-Fheis an Chonartha ann i mBéal Feirste.

B'fhéidir féin go dtiocfaidh sé chuig an tseirbhís eaglasta uilechreidmheach Ghaeilge/Ghàidhlig a bheidh ann don Ard-Fheis.

Fáilte romhat, a Eric dhíl.

Bradáin fheasa agus crosóga Bhríde

Cé a bhí sásta?

Muintir Theilifís na Gaeilge agus Bord na Gaeilge.

Ba é taispeántas ollmhór s'acu, an Bradán Feasa, an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an lucht féachana ag Paráid na Féile Pádraig i mBaile Átha Cliath.

Ní fios cá mhéad a chaith an dá eagras ar an taispeántas seo ach is beag duine a déarfadh nár caitheadh an t-airgead seo go maith.

An bhfuil aon fhírinne leis an scéal atá cloiste ag `Scéaltacht' go bhfuil an Bradán Feasa le bheith ina lógó don stáisiún úr go díreach mar a bhí crosóg Bhríde ina mana do RTÉ ag an tús?

Is fearr cara sa chúirt .....

Cé a bhfuair moladh ar leith?

Cé eile ach bhur gcolún is fearr, `Ón Scéaltacht.'

Bíodh is nár fhógair siad os ard é an aithníonn sibh rud ar bith ar leith sa sliocht seo ó thuarascáil an choiste a scrúdaigh Anois agus a mhol nach ndéanfaí a chonradh a athnuachan?

`Tá gá le míreanna beaga eolais agus biadáin (gan bheith clúmhillteach) mar shampla, plé ar na daoine a d'fhéadfadh bheith san áireamh do phoist a mbeadh spéis ar leith ag Gaeilgeoirí iontu.

`Mar shampla i dTeilifís na Gaeilge nó in Ollscoil na Gaillimhe cuir i gcás.'

Anois an aithním an colún áirithe seo ansin?

Bhuel, do cibé dream a gheobhaidh an conradh le nuachtán seachtainiúil Gaeilge a chur ar fáil bíodh a fhios acu go bhfuil an Scéaltacht réidh agus toilteanach leanúint leis an tseirbhís seo - agus fiú cur léi.

Níl le déanamh ach an t-airgead cuí a lóisteáil i mo chuntas banc, Banc Lorraine, La Rue de Lorrent, Zurich na hEilbhéise.


Cartún le Con



[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]


Níl ríomhphost ar fáil