Nuachtanailís


Raidió Uladh - seachtain iomlán de scoth na gclár Gaeilge

Tá cláir Ghaeilge ar BBC Raidió Uladh gach uile oíche sa tseachtain anois, deir PEADAR Ó BRIAIN

Tosaíonn siad uile ag 6.30 gach tráthnóna ach amháin an Satharn nuair a bhíonn an clár Caschlár ann ag toú ar 6.25 i.n.

Chuir Gearóid Ó Cairealláin, Uachtarán Chonadh na Gaeilge, fáilte an tseachtain seo roimh an bhiseach rialta atá tagtha ar chás na Gaeilge sa BBC le tamall anuas.

Dúirt sé áfach, gur gá forbairt níos mó bheith ann agus gurb éigean tosú a sholáthar rogha leathan clár Gaeilge ar an teilifís.

Goitse is ainm do chlár Gaeilge Raidió Uladh oíche Luain agus oíche Chéadaoin.

Bíonn tráchtaireacht reatha ar chúrsaí phróiseas na síochána agus cúrsaí na polaitíochta, nuacht Ghaeilge, agallaimh le daoine a bhíonn sa nuacht, anailís ar scéalta eachtracha, tuairiscí spóirt.

Oíche Chéadaoin bíonn béim ar ealaíona na Gaeilge sa chlár.

Antaine Ó Donaille an láithreoir agus tá clú tuillte aige go forleathan cheana as a stíl bhríomhar chur i láthair.

Meascra is ainm do chlár dátheangach a bhíonn ann oíche Mháirt nuair a bhíonn Ann Creag ag labhairt le pobal na Gaeilge ar fud na Sé Chontae agus níos faide i gcéin.

Déardaoin is é Antaine Ó Donaille a bhíonn ag cur i láthair arís, an iarraidh seo ag caint le haíonna ar leith faoina saol, an saghas ceoil is fearr leo agus a leithéid.

Cineál `Desert Island Disks' na Gaeilge.

Tearmann an teideal ar an chlár seo agus tá an tsraith ag teacht chun deiridh go luath.

Beidh quiozchlár Gaeilge Raidió Uladh ann ina áit.

Oíche Aoine is í Ann Creag a bhíonn ina láithreoir ar Camchuairt.

Ar an chlár seo bíonn seisear comhfhreagraí ag cur scéalta ar fáil, ina measc Patsaí Dan Mac Ruairí ó Oileán Thoraí agus comhfhreagraí Gaelach ó Albain.

Dé Sathairn bíonn Caschlár ann, clár iarratais agus ceoil á chuirtear i láthair ag Brian Mullen.

Agus chun an dlaoi mhullaigh a chur ar an ghnó is é Cormac Ó hAdmhaill a chuireann i láthair an clár Coda oíche Dhomhnaigh, bailiúchán de na míreanna is fearr a craoladh ar chláir na seachtaine.

Más mian leat tuilleadh eolais faoi chláir Ghaeilge Raidió Uladh scairt ar Aonad na Gaeilge, teil - Béal Feirste 338044.


FÓGRA BBC Thuaisceart Éireann AONAD NA GAEILGE

Láithreoirí á lorg!

* An bhfuil suim agat i gcúrsaí raidió?

* Ar mhaith leat clár a chur i láthair?

* An bhfuil smaointe agat d'ábhar cláir?

Mar chuid d'fhorbairt leanúnach i gcúrsaí clár anseo in Aonad na Gaeilge, táimid anois ag iarraidh liosta a dhréachtú de dhaoine a dtiocfadh leo ról a imirt i gcur amach na gclár Gaeilge ar Raidió Uladh.

Má shíleann tú go ndéanfá láithreoir den scoth agus más suim leat bheith páirteach i gcraoltóireacht Ghaeilge ar Raidió Uladh, déan teagmháil linn anseo in Aonad na Gaeilge, Teach Craolacháin, Ascaill Ormeau, Béal Feirste, BT2 8HQ, guthán: 338043/338456, roimh 19 Aibreán.

Bí linn nó i sé BBC s'agatsa atá ann!


[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]

Níl ríomhphost ar fáil