Eagarfhocal

Eagarfhocal


Ní leor bainistiú géarchéime i gcás na ndrugaí

Oideachas. Sin an arm is tábhachtaí sa troid in aghaidh lucht drugaí.

Más mall is mithid agus bhí cinneadh an Rialtais chun clár oideachais frithdhrugaí a chur sa siúl i ngach aon scoil sa stát ina chéim chun tosaigh.

Ní dhéanfaidh tromlach mór an phobail iad féin a ídiú má thuigeann siad gur ídiú atá i gceist agus ní mór don tsochaí a theagasc do dhaoine óga gur ídiú atá i mí-úsáid drugaí.

Caithfidh an Roinn Oideachais agus na ranna eile Rialtais féachaintl chuige go bhfuil maoiniú ceart ar fáil don chlár nua seo, go bhfuil oiliúint chuí do na múinteoirí a bheidh á theagasc agus go mbíonn iomlán na n-áiseanna atá de dhíth curtha ar fáil do scoileanna.

Ach fiú dá n-oibreodh an clár teagaisc seo gan locht ón tús, agus mar is dual do na rudaí seo b'fhéidir nach n-oibreodh, ní réiteoidh sé fadhb na ndrugaí sa ghearrthréimhse.

Fiú i dtíortha a chaitheann airgead mór ar oideachas den saghas seo, ar nós Tíortha Lochlannacha, níl fadhb na ndrugaí iomlán faoi smacht.

Níl san oideachas ach modh amháin chun plé le fadhb atá thar a bheith casta.

Ceann de príorachtaí a chaithfidh bheith ann áfach, le cois an oideachais, ná aimsiú na mbarúin drugaí agus á gcur i bpríosún.

Níor thug aon Rialtas sa stát seo tosaíocht don phríoracht sin go dtí ar na mallaibh.

Is fada atá Rialtais agus Airí ag déanamh beag de dhaoine ar nós Tony Gregory a dúirt nach raibh siad ag déanamh go leor chun troid in aghaidh lucht drugaí, nach raibh siad ag cur na n-áiseanna ar fáil don Gharda le lucht drugaí a aimsiú.

Ach anuraidh agus i mbliana tá an tAire Dlí is Cirt ag foilsiú molta tar éis molta do reachtaíocht a chuirfidh le cumhachtaí an Gharda Síochána chun na barúin drugaí a smachtú.

Cad chuige nár tugadh na moltaí seo chun tosaigh dhá bhliain ó shin? Bliain ó shin?

Is léir nach bhfuil go leor reamhphleanála á déanamh chun plé le fadhb na ndrugaí.

Pléann polaiteoirí agus Rialtais leis an fhadhb nuair a bhíonn poiblíocht mhór ann sna meáin.

Ach tá gá le níos mó ná sin má tá an tsochaí seo le sábháil ó na tubaistí a d'fhulaing tíortha eile i ngeall ar fhadhbanna drugaí.

Sa chéad dul síos caithfear an maoiniú agus na háiseanna a chur ar fáil don Gharda chun cur leis an fhórsa frithdhrugaí.

Tá curtha in iúl go minic ag an Gharda go bhfuil gá le maoiniú breise chun díriú níos mó ar lucht drugaí.

Ní mór breathnú arís ar na cumhachtaí atá ag an Gharda chun daoine a chuardach.

Le cois, ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim aird níos mó a dhíriú ar na barúin drugaí agus a maoin.

Is gnó fadálach é seo ach is obair a thabharfaidh toradh cinnte san fhadtréimhse.

Ach thar rud ar bith eile ní mór do na polaiteoirí éirí as bheith ag úsáid na ceiste seo chun bob a bhualadh ar pholaiteoirí eile nó chun aird na meán a tharraingt orthu féin trí bheith ag eisiúint ráiteas ar mhaithe le ráitis a eisiúint.

Is bagairt í fadhb na ndrugaí don tsochaí, fadhb láithreach.

Tá sí níos mó ná fadhbanna eile agus mar sin caithfear tosaíocht a thabhairt di.

Caithfidh na polaiteoirí agus an pobal aontú agus oibriú as lámh a chéile má tá an tsochaí le teacht slán ón fhadhb seo.

Ciallaíonn sin go gcaithfidh an Rialtas polasaí cuimsitheach frithdhrugaí a fhorbairt anois agus a chur i bhfeidhm.

Ní amárach, ní an lá dár gcionn ach gach aon uile lá, fiú nuair a imíonn an scéal ó na meáin agus nuair nach bhfuil an pobal ar na sráideanna ag agóid.

Ní leor bainistiú géarchéime chun fadhb na ndrugaí a shárú nó ní gnáthfhadhb í.

Níl sí cosúil leis na fadhbanna eile sóisialta, eacnamaíocha agus eile atá ag an stát.

Is cás beatha nó bás na sochaí atá i gceist le fadhb na ndrugaí.

Caithfidh sí bheith ag barr clár oibre na bpolaiteoirí uile inniu agus i gcónaí.

An tOireachtas i nGaoth Dobhair

Is mór an spreagadh é do phobal Gaelach na Sé Chontae cinneadh Choiste an Oireachtas an tOireachtas a reáchtáil i mBéal Feirste i 1997.

Cuireann an cinneadh seo in iúl do phobal Gaelach na Sé Chontae go bhfuil páirt thábhachtach acu sa ghluaiseacht athbheochana.

Bhí seo le mothú cheana féin nuair a chinn an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta babhta ceannais an chomórtais a reáchtáil i mBéal Feirste agus le socrú Chonradh na Gaeilge a nArd-Fheis a reáchtáil sa chathair i mbliana.

Ach is i nGaoth Dobhair a bheidh An tOireachtas i mbliana agus is cinnte mar sin go mbeidh Oireachtas ar leith ann.

Tá clú agus cáil ar fud na tíre ar Ghaeil Dhún na nGall as a bhflaithiúlacht agus as a ndíograis do gach gné den chultúr dúchasach, ó scéalaíocht go hamhránaíocht sean-nóis, ó véarsaíocht go ceol traidisiúnta.

Beidh féile ar leith ann i nGaoth Dobhair i mbliana gan amhras agus cuirfidh sin arís eile le stádas an Oireachtais i measc an phobail Ghaelaigh agus i measc phobal na tíre i gcoitinne.

Ní amháin gur féile ealaíon atá san Oireachtas ach is é príomhfhéile ealaíon na tíre seo é.

Níl féile ealaíon den stádas céanna i saol an Bhéarla; fiú i bhféilte ar nós Féile Ealaíonn na Gaillimhe is a leithéid, is rudaí iad sin atá teoranta ó thaobh raon na n-imeachtaí.

Is féile náisiúnta í an tOireachtas agus is leithne an réimse imeachtaí a bhíonn aige ná ag aon fhéile eile sa tír.

Tá cuid mhaith den chreidiúint as an athbheochan atá tagtha ar an Oireachtas le roinnt blianta anuas ag dul do Nóirín Ní Chonghaile, a bhí ina hArdrúnaí le blianta fada.

Gan í ní bheadh an stádas céanna ag an Oireachtas is atá aige an lá inniu.

Táimid dóchasach áfach, go mbeidh a comharba, Liam Ó Maolaodha, lán chomh bríomhar agus chomh héifeachtach.

Faill atá san Oireachtas do phobal na Gaeilge a dtallanna, a ndíograis, a n-eagsúlacht mar phobal a léiriú dúinn féin agus don phobal i gcoitinne.

Beidh faill ar leith againn sin a dhéanamh i bhfómhar na bliana seo i nGaoth Dobhair.

Tugaimis faoin obair ullmhúcháin anois.


[CLÁR][1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]

Níl ríomhphost ar fáil