LÁ - Nuachtán na nGael


Déardaoin 28 Márta 1996
Imleabhar 15 Uimhir 13

Is le haghaidh NetScape 1.1N nó níos moille atá na leathanaigh seo scríofa.


£2.4M AS SCOLAÍOCHT GHAEILGE
Ó THUAIDH

Le hEOGHAN Ó NÉILL

Tá 12 bhunscoil, naíscoil is naí-ionad Gaelach le hoscailt sna Sé Chontae idir seo agus an t-am seo ar an bhliain seo chugainn.

Ach is faoin phobal Gaelach, pobal a d'íoc corradh agus £2.4m le ceithre bliana anuas as scoileanna Gaeilge gan deontas Rialtais á maoiniú, a bheidh sé na scoileanna is naí-ionaid úra a íoc.

Deir `Gaeloiliúint', an t-eagras neamhspléach atá freagrach as cothú oideachas Gaeilge ó thuaidh, go bhfuil sé in am ag an Rialtas ó thuaidh tacú go díograiseach leis an fhás ollmhór seo.

`Beidh roinnt de na naí-ionaid is bunscoileanna seo i bhFear Manach,' arsa Cathal Ó Donnghaile, Ardrúnaí Ghaeloiliúint.

`Ciallaíonn sé sin go mbeidh oideachas Gaelach ag dul ar aghaidh anois in ngach uile chontae sna Sé Chontae.

`Tá pobal na Gaeilge, seachas na húdaráis, ag iompar ualach an fháis seo.

`Measimid gur íoc an pobal sin corradh agus £2.4m le ceithre bliana anuas as 400 dalta a mhaoiniú i scoileanna Gaeilge nach bhfuil ag fáil deontas stáit.

`Níl sé cothrom go n-iarrtar ar an phobal an t-ualach sin a iompar.

`Caithfear plé leis an oideachas Ghaeilge ar bhonn cothrom le saghsanna eile oideachais, ní ionann is gur gaol bocht atá inti.'

`Tá na naíscoileanna, bunscoileanna agus naí-ionaid nua spréite ar fud na Sé Chontae.'

In áiteanna ar nós Áth an Airgid, Port an Dúnáin, Camloch, Dún Lathaí, Doire, Inis Ceithleann, Rúscach i dTír Eoghain, Bóthar Ormeau i mBéal Feirste is go leor leor áiteanna eile tá tacadóirí tosaithe cheana féin ag bailiú airgid chun na scoileanna a chur ar bun agus ar reáchtáil ranganna Gaeilge do thuismitheoirí na ndaltaí.

Tá speis sa Ghaelscolaíocht ag ardú i rith an ama agus tá sé deacair go leor ag `Gaeloiliúint' freastal ar an éileamh.

I mí na Nollag seo caite chuaigh Cathal Ó Donnghaile ar camchuairt go Meiriceá feachaint le spéis a chothú ann i gcás na scolaíochta Gaeilge sna Sé Chontae.

Bunaíodh Fondúireacht don Oideachas Gaeilge i mBostún dá bharr agus tá Cathal dóchasach go mbeidh airgead ag teacht ó na Stáit go luath chun tacú leis an oideachas Gaeilge.

Cheana féin tá beagnach gach scoil is aonad oideachais Gaeilge sna Sé Chontae ag fáil tacaíochta ó Ghaeil sna Stáit Aontaithe.

San iomlán, go dtí seo, tá 22 naíscoil is naí-ionad Gaelach mar aon le 10 mbunscoil is dhá mheánscoil ó thuaidh.

Tá Meánscoil Feirste fós gan aitheantas is deontas ceart beagnach sé bliana tar éis di teacht ar an saol.

Tá líón na ndaltaí ag an scoil úd ag ardú i rith an ama agus faoin fhómhar seo beidh beagnach 200 dalta ann.

Dul chun cinn suntasach
i mbunú T na G

Thug Cathal Goan, Ceannasaí Theilifís na Gaeilge, cuntas cuimsitheach ar an dul chun cinn i mbunú na seirbhíse ina léacht, An Bealach Romhainn, léacht Bhord na Gaeilge, i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, 20 Márta 1996.

Ina léacht, thagair an tUas. Goan do ról cumhachtach na teilifíse sa saol comhaimseartha agus liostáil na dúshláin atá roimh Theilifís na Gaeilge agus í ag iarraidh freastal ar phobal ilchineálach an oileáin a bhfuil rogha leathan seirbhísí teilifíse ar fáil acu cheana.

Leag an tUas. Goan béim ar fhís agus ar an úire a chaithfidh Teilifís na Gaeilge a chur i láthair an phobal ina cláir, idir ábhar nua agus athghuthaithe. Bhí dóchas aige go n-éireodh leis, a dúirt sé, agus bhí na cláir atá faighte ag Teilifís na Gaeilge ag cur leis an dóchas sin.

Bhí súil aige nárbh fhada anois go mbeadh conradh sínithe do léiriú an tsobail, Ros na Rún, a bheadh á chraoladh gach lá den tseachtain agus a bheadh ar an chonradh coimisiúnaithe is mó a síníodh riamh idir an earnáil neamhspleách agus craoltóir sa Poblacht.

Thagair sé do na seirbhísí agus don cháipéisíocht tacaíochta atá á soláthar ag Teilifís na Gaeilge don earnáil léirithe neamhspleách agus thug ardmholadh don obair déanta ag Údarás na Gaeltachta agus ag Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, chun sainchúrsaí oiliúna agus léinn a sholáthar mar chuid bhunúsach den obair bhunaithe do Theilifís na Gaeilge.

Mar sin féin, d'admhaigh an Ceannasaí go raibh gá le breis fhorbartha agus oiliúna agus mhaígh nach go hiomlán a thuig forais eile léinn agus fhorbartha an deis agus an fhreagracht a bhí orthu ina leith seo.


Cartún le Doll
[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]

[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]


Níl ríomhphost ar fáil