
Chuir mé sonrú san eagarfhocal a bhí agaibh le déanaí faoin lucht taistil.
Bhí pointí ann a n-aontóinn leo ach shonraigh mé dhá laige nár phléigh an t-eagarfhocal leo ar chor ar bith.
Sa chéad dul síos, ní ceart an dlí a úsáid chun argóintí na ndaoine nach n-aontaíonn leat a smachtú.
Nár chuir LÁ agus go leor eile in aghaidh Alt 31 go díreach de thairbhe gur smachtaigh sé saoirse cainte? Cad é an dóigh, mar sin, a dtiocfadh libh tacú le cúisiú Paddy Kenneally, comhairleoir poiblí, as nochtadh tuairim atá ag go leor daoine, bíodh is go bhfaighfeadh go leor eile an tuairim sin samhnasach?
Má fhaigheann daoine tuairim áirithe samhnasach, nach é an bealach chun cur in aghaidh na tuairime sin ná taispeáint, trí phlé poiblí is anailís is díospóireacht, go bhfuil an tuairim sin gan mhaith?
Ní éireoidh le haon iarracht chun cosc ar dhaoine tuairim áirithe a nochtadh.
Le cois air sin, shíl mé nár thug sibh aird dá laghad ar an fhíorchúis go bhfuil an pobal seasta go minic in adharca leis an lucht siúil.
Is é sin an dóigh a mbíonn suímh s'acu go minic ag cur thar maoil le bruscar; bíonn madraí nó fiú capaill ag rith thart gan srian, agus bíonn na suímh míshleachtmhar.
Ní bhíonn meas acu ar a dtimpeallacht féin nó ar an timpeallacht thart orthu.
Cad é an réiteach atá ar an fhadhb sin? Réiteach amháin, sé sin go dtabharfaí ar thaistealaithe an meas céanna a nochtadh don timpeallacht is a nochtann an chuid eile againn.
Is mise,
Ainm leis an eagarthóir
Níor mhaith le Niamh eolas a bheith againn ar an stair. Cad é an cineál Aire Oideachais atá againn ar chor ar bith?
Aire a mholann go mbainfí de theagasc na staire i dtír ina bhfuil an stair, agus na leaganacha éagsúla di, ina hábhar rialta coimhlinte is fuatha.
Ba cheart do Niamh éirí as. Ní féidir meas ar bith a bheith agat ar Aire Oideachais nach dtuigeann an méid sin féin.
An t-aon bhealach amháin chun na tradisiúin éagsúla sa tír seo a chur ar an eolas faoina chéile agus a chur i mbun athmhuintearais de shaghas éigin ná daoine a chur ar an eolas faoi stair is tradisiúin a chéile seachas iad a bheith beo ar na miotais a fhaigheann siad taobh amuigh den scoil.
Is ábhar misnigh dom an seasamh láidir a thóg múinteoirí in aghaidh an mholta seo ag a gcomhdhálacha bliantúla.
Tá súil agam go leanfar leis an fhreasúra seo do mholtaí an Aire Oideachais ó thaobh na staire de agus d'aon iarracht chun athrú ar chritéir do Ghaelscoileanna.
Ní shilfidh mise deoir an lá a imeoidh Niamh agus tá súil as Dia agam go dtuigfidh a comharba cúrsaí oideachais sa chiall leathan de.
Is mise,
Seán Ó Conaill
Ascaill Philipsburg
Baile Átha Cliath 9
Ba mhór an tógáil croí dom an méid a dúirt John Bruton an tseachtain seo caite faoin tslí chun cinn sna Sé Chontae.
Tá a fhios agam go maith go bhfuil easpa creidiúna ag John Bruton i measc náisiúnaithe sna Sé Chontae, agus a gcúis acu bheith lagmhisniúil mar gheall air sin.
Is mór an difear idir an dearcadh a léirigh seisean agus an dearcadh a léirigh an t-iar-Thaoiseach Albert Reynolds, le linn dósan bheith i gceannas ar an Rialtas.
Ach lena cheart a thabhairt dó, tá John Bruton ag insint na fírinne nuair a deir sé go bhfuil gá le náisiúnaithe aghaidh a thabhairt ar shuimeanna an phobail dílseora/Aontachtaigh ó thuaidh. B'fhéidir gur chaith John Bruton barraíocht ama le déanaí ag cur sin chun tosaigh seachas bheith ag tabhairt aghaidhe ar an dearcadh náisiúnach ach is fíor é, fosta, go gcaithfidh náisiúnaithe aghaidh a thabhairt ar shuimeanna na nAontachtach má tá síocháin le baint amach.
Sílim gur casadh maith sa scéal cinneadh an Uas Bruton a pholasaí a leasú, seachtain ó shin.
Tá curtha in iúl aige, ar shlí iontach láidir, (1) nach nglacfaidh aon Rialtas de chuid na hÉireann le réiteach inmheánach - go deo!. (2) Dhearbhaigh sé nach nglacfadh an Rialtas leis an chlár oibre Aontachtach ar neamhaird den chlár oibre náisiúnach.
Agus (3), thar rud ar bith, dúirt sé go mbeadh Rialtas na hÉireann ag úsáid an phróisis seo chun athruithe bunúsacha a chur i gcrích sna Sé Chontae, leasuithe a bhainfeadh den naimhdeas a mhothaíonn an pobal náisiúnach don stát.
Anois, cibé lochtanna a bhí ar John Bruton i súile na náisiúnaithe go dtí seo, agus glacaim leis go raibh fáthanna maithe acu leo sin, tá an scéal athruithe anois.
Tá coimitmint tugtha ag John Bruton tús áite a thabhairt do shuimeanna an phobail náisiúnaigh ó thuaidh sa phróiseas seo.
An t-aon rud amháin atá uaidh chun go mbeidh sé ábalta sin a dhéanamh ná sos cogaidh ón IRA, rud a neartódh lámh na náisiúnaithe go mór agus a thabharfadh ar ais go dtí an talamh ard morálta iad.
Tá comhghuaillíocht náisiúnach intógtha - ach ní mór do shos cogaidh bheith mar bhunchloch ina leithéid de chomhghuaillíocht.
Is mise
Risteard Ó hEanaí