Seán Seán Ó Cearnaigh Ó Cearnaigh


Macalla Gaeltachta


Finscéal Chlann Uí Chinnéide

Síltear in Éirinn go raibh an tUachtarán Seán Ó Cinnéide ar dhuine de na daoine a ba mhó i Meiriceá a shíolraigh riamh ó shliocht na nGael. Sna seascaidí, bhíodh Seán Ó Cinnéide agus a chlann chomh minic sin i mbéal an phobail abhus is go sílfeá gurbh é Uachtarán na hÉireann é.

Go dearfa, níor mhiste leis an stát agus an Eaglais a leithéid a chothú, bíodh sé fíor nó bréagach, nó dar leo gur neartaigh an ceangal úd urraim an domhain dóibh féin. Nárbh é seo an chéad uachtarán Caitliceach de shliocht na tíre nár cheil a chreideamh riamh agus a bhí bródúil as ceangal Éireannach an teaghlaigh? Lena chois sin, bhí sé óg agus saibhir agus é pósta ar bhean álainn a raibh na milliúin i ngrá léi!

Ar ndóigh, dála gach finscéal, ba bheag de a bhí fíor agus de réir mar a thagann an fhírinne amach, is amhlaidh is deacra a chreidbheáil go raibh maitheas ar bith ag baint leis an teaghlach nó leis an uachtarán féin.

Ba ghadaí é an t-athair, Seosamh Ó Cinnéide, i dtús a shaoil, agus rinne sé an chéad chuid den airgead go mídhleathach in aimsir an Chosctha i Meiriceá. Ina dhiaidh sin, d'éirigh sé glic ar an stocmhargadh agus nuair a bhí sé fíorshaibhir, chuaigh sé isteach sa pholaitíocht.

Thug an tUachtarán Roosevelt Ambasadóireacht na Breataine dó i dtús an chogaidh sula raibh na Stáit ag baint leis, ach rinne sé prácás de sin siocair go raibh sé i bhfách leis na Naitsithe agus nár cheil sé a thuairimí claonta.

Nuair a thosaigh na Gearmánaigh ag buamáil Londan, d'fhág sé an chathair agus chuaigh a chónaí sa tír, ach níorbh fhada ina dhiaidh sin gur ghlaoigh Washington air pilleadh `na bhaile nuair a bhí sé amuigh air go mbíodh sé ag moladh Hitler agus ag dúil le bua Gearmánach.

Rinne sin dochar mór dó agus cé go raibh rún aige féin iarracht a thabhairt ar an Teach Bán, d'aithin sé go mbeadh a leithéid d'fheachtas dodhéanta.

Bhí Joe ina chleasaí, áfach, agus cionn is go raibh airgead mór aige, dar leis nach bhféadfadh aon rud é a chloí. Leag sé amach, mar sin, go gcuirfeadh sé Seán, an mac a ba dhóighiúla dá raibh aige, chun tosaigh mar Theachta Comhdhála agus ábhar uachtaráin, agus phioc sé an chuid a ba Chaitlicí de Bhoston mar bhunáit.

Thugadh sé airgead mór mar bhronntanais d'eagraíochtaí agus d'institiúidí Caitliceacha agus chothaigh sé cairdeas an Easpaig agus daoine measúla eile. Chaith sé a oiread airgid thart is nárbh eagal do Sheán an chéad toghchán a chailleadh agus, ar 5 Samhain 1946, rinneadh Teachta Comhdhála de.

Ba é an chéad bhogadh eile i dtreo an Tí Bháin ná an Seanad a bhaint amach agus, sa bhliain 1952, rinneadh Seanadóir de Sheán Ó Cinnéide nuair a bhain sé a shuíochán de Henry Cabot Lodge óg, duine de na daoine a ba cháiliúla sa Pháirtí Phoblachtach.

(Mar a léiríodh thuas, bhí Joe níos faide ar thaobh na láimhe deise den pholaitíocht ná Poblachtaí ar bith, ach b'éigean dó cloí leis an Pháirtí Daonlathach siocair nach raibh an Páirtí Poblachtach sásta tacaíocht a thabhairt do Chaitliceach; ní raibh mórán airde ag Joe ar chreideamh ach bhí a bhunáit sa Chaitliceachas agus bhí a fhios aige nach bhféadfadh sé baint gan é, ainneoin a chuid airgid.)

Is cosúil nach raibh Seán róláidir ina dhearcadh riamh agus, dála Joe féin, ní raibh aon tuigbheáil aige don mhoráltacht. Ní raibh dúil aige sa pholaitíocht ag an tús ach oiread ach nuair a mhothaigh sé draíocht an tsaoil phoiblí, ghlac sé léi go fonnmhar.

Bhí dúil ar leith aige sna mná agus, ar ndóigh, nuair a d'éirigh sé clúiteach, bhí siad sin le fáil aige gach áit. Go dearfa, bhí dúil ag cuid fear an teaghlaigh uilig sna mná agus, de réir scríbhneora amháin, ba ghnáth leo iad a bhogadh thart ó dhuine go duine, agus ba mheasa an t-athair ná aonduine de na mic. Agus, ar ndóigh, is fíor a rá gur thóg na mná céanna níos mó trioblóide dóibh ná a gcuid naimhde sa bhaile agus thar lear.

Chuir Frank Sinatra bean darbh ainm Judith Exner in aithne do Sheán i Las Vegas agus, i bhfaiteadh na súl, bhí siad ag codladh le chéile go rialta. I ngan fhios do mhac Uí Chinnéide, áfach, bhí Exner ag codladh le Sam Giancana ag an am céanna - an fear a bhí gceannas an Mhafia!

Chuir sise Giancana in aithne do Sheán nuair a bhí sé ag troid thoghchán na hUachtaránachta agus d'iarr sé cuidiú airgid ón Mhafia don fheachtas polaitiúil. Chruthaigh an FBI gur tugadh an t-airgead do Sheán Ó Cinnéide ag an am a raibh Roibeard, a dheartháir, ag rá go raibh rún aige éirí crua leis na coirpigh a bhíodh ag déanamh dochair don tír!

Mar sin, bhí tacaíocht airgid an Mhafia acu, agus tacaíocht na heaglaise, chomh maith. Bhí margadh déanta ag Joe leis an Chairdinéal Cushing de chuid Bhoston agus níos moille, sa bhliain 1966, dúirt an Cairdinéal le Hubert Humphrey, an fear a bhí i gcoimhlint le Seán, an méid seo a leanas:

"Inseoidh mé duit cé chuir Seán isteach. Ba é a athair agus mé féin a rinne é, sa seomra seo ina bhfuil muid anois."

Ar ndóigh, níor chuntas sé an Mafia san áireamh! D'éirigh le Seán bheith tofa mar ábhar uachtaráin ar 13 Iúil 1960 ach bhí a bhean, Jackie, réidh le scaradh leis gur thug Joe milliún punt di le go bhfanfadh sí ina tost.

Ba é Joe a roghnaigh Lyndon Johnson le seasamh mar leas-Uachtarán agus a stiúir an feachtas polaitiúil chomh maith. Mar sin, toghadh Seán mar Uachtarán ar 8 Samhain 1960, ach ní raibh ach 0.1% de vótaí aige os cionn an mhéid a tugadh do Risteard Nixon.

Ón uair sin go dtí gur maraíodh é i 1963, bhí Seán gafa ag na fórsaí seo a thug an chumhacht dó. Nuair a bhíodh trioblóid leis na cumannaigh, ba dhaoine eile a leag amach polasaí agus ba é Seán a rinne an chaint.

Bhí bua na cainte aige agus rinne Joe cinnte de go mbeadh buntáiste ar leith aige ar an teilifís nuair a cheannaigh sé an oiliúint ab fhearr dó. Ach taobh amuigh den bhua sin, agus a chuma dhóighiúil, ní raibh a dhath eile aige ach airgead, agus is ábhar imní é go raibh cinniúint an domhain i lámha duine mar é.

Is doiligh a chreidbheáil gurbh ionann é agus an polaiteoir lách, liobrálach a d'fheicimis fada ó shin. Go dearfa, ní chreidfidh muintir na hÉireann é ar chor ar bith, an lá atá inniu ann. Nuair a dhéanann na Gaeil dia beag nó rí de dhuine, is doiligh leo scaradh leis an íomhá nó tá sé sa dúchas acu a bheith umhal. Nuair a loic daoine mar De Valera orthu, mar shampla, ghortaigh sé go mór iad ach nuair a bhíonn an Rí i bhfad ar shiúl, mar a bhí Seán Ó Cinnéide, is féidir leo `na súile a dhruid agus na cluasa a dhalladh.'

Tá na Sasanaigh níos fearr ag fáil lochta ar a gcuid gaiscíoch, measaim, nó ní bhíonn moill orthu macasamhail Anraoi XIII a cháineadh nó Cromal féin. Ceistítear gníomhartha Sir Walter Raleigh faoin bhanríon Eilís I agus is minic a cháintear an bhanríon mhór í féin anois.

Sílim go bhfuil sin ag baint leis an Reifirméisean agus an t-athrú meoin a bhí ag an phobal ina dhiaidh, ach cá bith is cúis leis, is mairg nach mbíonn níos mó de in Éirinn ionas go dtiocfadh linn fáil réidh leis an chineál aislinge a thugann orainn smaoineamh gur ghaiscíoch é duine mar Sheán Ó Cinnéide.


[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]

Níl ríomhphost ar fáil