de CreagSeanbhoc mar mé a bhíonn ag cuimhneamh ar ghramafón le hadharc mhór air, ba bheag m'aird riamh ar theilifís i dteanga ar bith. Ní hé gurb olc liom teilifís bheith i nGaeilge ach tharla m'aird ar Ghaeilge an t-am ar thainig an teilifís rinne mé leathcheal ar theilifís de dheasca mé bheith gafa le Gaeilge.
Agus sin an tuige nár bhac mé riamh le ceadúnas teilifíse a lorg. Ná le ceadúnas gunna, ná ceadúnas gluaisteáin, ná ceadúnas do mhadaí. Bhí mé ró-ghafa le Gaeilge le haird a thabhairt ar rud ar bith eile. Mar ní raibh ceadúnas a dhíth ar dhuine faoi choinne bheith ag gabháil don Ghaeilge.
Ach tá Gearóid Ó Cairealláin leis an scéal a reiteach lá ar bith feasta.
Más beag m'eolas ar theilifís ná síleadh sibh go bhfuil mé chomh dall céanna ar chúrsaí scannán.
I m'óige dom, chuaigh mé níos mó ná uair nó dhó chuig na pictiúir le heolas a chur ar ealaín an scaileáin mhóir. Siar sna daichidí, b'fhéidir fáil isteach sa Ghaeity i Sráid North ar naoi bpinginí. Ba sin an luach a bhíodh ar na suíocháin tosaigh mar a mbíodh solas an scaileáin ag baint na súl díot agus do mhuineál casta siar agat leis an pictiúr a leanúint.
Fáth eile na suiocháin tosaigh bheith chomh saor sin go raibh siad gan cuisíní orthu na uillinní ag scaradh na ndaoine ó chéile. Bhí a bhuntáiste féin ag baint le sin: dá mbeadh stócach agus cailín ina suí taobh le chéile b'fhéidir iad bheith snaidhmthe isteach ina chéile.
Ach arís, bhí contúirt áirithe ag baint leis an scéal bheith amhlaidh. Dá mbeifeá i do shuí taobh le cailin a mbeadh focal uirthi b'fhurasta duit bheith gafa go tobann i scirmisc. Ní hé go raibh mise maith ar chor ar bith ag troid ach bhí mé maith ag cur cuma fhear crua bagrach orm féin agus amanna thugadh sin slán as éigeandáil mé.
Ach tá Teilifís na Gaeilge ag teacht agus moltar do lucht na Gaeilge bheith ullamh chuige.
Insítear dom gurbh é Dennis Potter, a d'éag i mbliain a 1994, an scríbhneoir scripteanna teilifíse ab fhearr riamh. De réir socru a d'iarr sé féin, tá dráma dá chuid á léiriú ar BBC 1 le linn dó bheith á chur ar fáil ar Channel 4. Chuaigh mé chuig teach chomharsin faoi choinne a fheiceáil oíche Domhnaigh. An oíche ina dhiaidh sin thug mé amach gléas a dhiúltaigh lucht bruscair a chartadh ar shiúl uaim agus chuir mé dóigh air le Channel 4 a fháil leis an rud céanna a fheiceáil don dara huair.
B'fhéidir gur thuig Potter é fein gur ghá a fheiceail faoi dhó le brí an rud a thógail.
Baineann an scéal le fear mar Photter é féin, sé sin scríbhneoir aitheanta, meas ar a shaothar, a chomhoibrithe ag géilleadh slí dó fiu nuair nach maith leo gach rud a dhéanann sé. Ach ta an tsláinte ag teip air. Agus mura mbeadh féin tá sé ag ól barraíocht.
Tá sin uilig ag baint le hábhar agus tá tábhacht fiú le hainm an dráma, Karaoke, óir is é sin fosta ainm an dráma a bhfuil an scríbhneoir seo ag obair air. Rud atá saoithiúil ann féin. Mar is ionann Karaoke agus iarracht Sheapánach le teacht chun réitigh le popchultúr Stáit Mheiriceá.
Is é brí agus uafás an scéil go dtosaíonn an scríbhneoir seo ag samhlú go bhfuil gnáthdhaoine gach timpeall air ag gabháil páirteanna sa script leathscríofa dá chuid.
"They're speaking my lines!"
Ionann agus dá mba ortha draoíochta a bhí sa script, agus é ag gabháil i bhfeidhm ar dhaoine ag tabhairt orthu gníomhú agus labhairt de réir patrúin a chum seisean dóibh.
Nílim ag rá go dtuigim cad atá i gceist ag Potter, ach nach fíor go bhfuil ár mbunús gafa istigh i scripteanna a bhí réamhscríofa dúinn?
Anois, is fíor go bhfuil daoine ann a aithníonn a gcás agus a dhéanann iarracht éalú amach as an script ar scríobhadh iad isteach ann. Ach is beag buíochas a fhaigheann siad ar a shon.
Ar an pholaitíocht abhus in Éirinn atá mé féin ag smaoineamh, an dóigh a n-imríonn duine nó dream amháin a bpáirt i slí a thugann faill dá gcuid naimhde polaitiúla an pháirt 's acusan a imirt i bhfreasúrat dóibh. Oráistigh agus Caitlicigh, Óglaigh agus Póilíní, Gaeilgeoiri agus Béarlóirí - i muinín a chéile atáimid leis an chluiche a choinneáil ag gabháil, an seó a choimeád ar an ród.
Agus is bréagaí arís an dráma stáitse mar a bhíonn sé ar siúl acu sna Tithe Parlaiminte, i Westminster agus i nDáil Éireann.
Agus an té a dhiúltaíonn don ról a tugadh dó go hóg, agus a chromann ar fhocail a chumadh as a stuaim féin ag déanamh neamhiontais do línte na scripte atá ina lámha aige.... tugtar íde na muc agus na madaí dó.
B'fhéidir gur Conor Crús atá ar intinn agam....
Níl ríomhphost ar fáil