Nuacht

Oirdheisceart na Gréine

Le Seán Ua Cearnaigh


Úrscéal úr ó Mháirtín Ó Corrbuí

Tá breis agus ceithre scór bliain sáraithe ag Máirtín Ó Corrbui, bail ó Dhia air. Tá sé ag saothrú ar son na Gaeilge le blianta fada. I mBaile Átha Cliath atá cónaí air, na laethanta seo, ach baineann sé ó dhúchas le Contae Thiobraid Árann agus chaith cuid mhaith dá shaol ag múineadh scoile i gContae Luimnigh.

Scríbhneoir Gaeilge den scoth é. Suas le tríocha leabhar dá chuid foilsithe. Is é an scríbhneoir is ildánaí agus is mó saothar a d'eascair riamh as Contae Thiobraid Árann.

Bíonn míreanna as úrscéal nua dá chuid, Grá gan Ghruaim, ar an pháipéar seo gach seachtain agus táim cinnte go mbaineann léitheoirí LÁ ard-taitneamh astu.

Anois, tá an Gúm tar éis úrscéal nua de chuid Mháirtín a fhoilsiú. Leabhar beag atá ann (68 leathanach), é dírithe ar dhéagóirí, agus, fosta, ar dhaoine fásta atá ag iarraidh teacht isteach, athuair, ar léitheoireacht na Gaeilge. Gaeilge an leabhair, tá sí deas simplí ach an-saibhir ag an am céanna agus tá roinnt aistriúcháin Bhéarla de na focail dheacra ar na himill atá iontach cuiditheach.

Fuath agus Feall is teideal don seoidleabhar seo. An scéal féin, tá sé iontach spéisiúil, é inste - mar a insítear chomh minic sin i gcás scéalta Mháirtín - sa chéad phearsa. Baineann sé le Cogadh na Saorise i dTiobraid Árann, díreach mar a fheictear é trí shúile ógánaigh.

Tagann cailín óg isteach sa scéal - col ceathar leis an bhuachaill atá ag insint an scéil. Cailín óg urchóideach í, áfach, a tógadh i Sasana, a chaill a tuismitheoirí agus a thug gráin do Éirinn agus dá gaolta Éireannacha.

Dílseacht mhuintir Thiobraid Árann do Éirinn aimsir Chogadh na Saoirse, naimhdeas agus sotalacht lucht an Tí Mhóir, feall, fuath agus tragóid, léirítear iad uilig sa scéal álainn seo.

Tá éacht amháin eile curtha i gcrích ag Máirtín Ó Corrbuí. Tréaslaímid leis.

Comóradh '98 san Astráil

Thug triúr ball de Comóradh `98 (an t-eagras atá i mbun ullmhúcháin chun Éirí Amach 1798 i Loch Garman a cheiliúradh i 1998) thug siad cuairt ar an Astráil, ar na mallaibh. Is iad an triúr a rinne an turas fada seo ná Cathal Caomhánach, Cathaoirleach Chomóradh `98, Ruairí Ó Murchú, Cathaoirleach Chomhairle Chontae Loch Garman, agus Bearnárd de Brún, Oifigeach Forbartha Chomóradh `98.

D'éirigh go hiontach leo. Thriall siad ar Sydney, Melbourne, Brisbane agus ar go leor bailte agus cathracha eile. Labhair siad ar an raidió agus ar an teilifís san Astráil agus bhuail siad le an-chuid daoine de bhunadh na hÉireann.

Scríobhadh alt fúthu san ARA NEWS, mor-iris sheachtainiúil Astrálach.

Léirigh an-chuid daoine spéis mhór ina bhfuil ar siúl in Éirinn chun Éirí Amach 1798 a cheiliúradh agus gheall siad go mbeidís féin agus a gcuid cairde ag triall ar an tír seo i 1998 nuair a bheidh na hócáidí comórtha faoi lán seol.

Ó thaobh cúnamh airgid de, cheannaigh leathscór de na Gaeil-Astrálaigh suíochán Seanaid (ar £2,000 an ceann) agus gheall 40 eile, ar a laghad, go ndéanfaidís amhlaidh amach anseo.

Gaelscoil Inis Córthaidh

Is mian le coiste Ghaelscoil Inis Córthaidh fíorbhuíochas a ghabháil le Coiste Ghaelscoil Oileán Chiarraí, Co. Chiarraí, i ngeall ar an chúnamh fial airgid a thug siad dóibh, roinnt seachtainí ó shin.

Is é seo an dara huair a tháinig muintir Oileán Chiarraí i gcabhair ar Ghaelscoil Inis Córthaidh. Tá buíochas mór ag dul do Sheán Ó Ciardhúbháin agus a chairde.

Is mian le Coiste Ghaelscoil Inis Córthaidh buíochas a ghabháil, fosta, leis na Gaelscoileanna eile a chuidigh leo agus a chuir airgead chucu anuraidh.

Féile Chois Siúire

Bhí Féile Chois Siúire ar siúl i Móin Choinn, Co. Chill Chainnigh, ar na mallaibh, agus d'éirigh go hiontach léi. Is féile dhátheangach a mhaireann naoi lá í seo, a cuireadh ar bun roinnt bheag blianta ó shin. Éiríonn go breá léi i gcónaí agus tá an-chreidiúint ag dul do Sheosamh Ó Floinn agus dá chairde a eagraíonn na himeachtaí éagsúla.

Bhí neart imeachtaí tarraingteacha ar siúl i mbliana - idir cheol, chraic, rince, amhránaíocht agus iomáint - gan trácht ar Aifreann Gaeilge agus comórtais thráth na gceist!

Bhí comórtais ar leith ann don aos óg inar cuireadh an bhéim ar chomhrá agus ar aithriseoireacht i nGaeilge agus ar an cheol traidisiúnta. Bhí caighdeán na gcomórtas teanga an-ard ar fad, na comórtais bhunscoile go háirithe.

FÓGRA

Leabharliosta ar fáil ar iarratas go

LEABHAIR GHAEILGE

P.O. Box 2559 nó buail isteach Satharn éigin ag 39 Lower Ormond Quay, Baile Átha Cliath, idir 11.00 am agus 4.00 pm

[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]


Níl ríomhphost ar fáil