Buille Íseal An Buille Íseal


An Slugger Ó Tuathail


Conrad Adenaur na Carthanachta agus Clonscairt an Chroiméil

Seans gurb í an tréith chúiteach is tréine de chuid Chonradh na Gaeilge, tréith a thaispeánann í féin go dosheachanta mar dheachúil athfhillteach na teanga, geall leis, ná an dea-thoil agus an fonn a léiríonn an eagraíocht eidhneánach, le croí mór maith, chun an ceintiméadar breise úd ar bhóithrín scagach na síochána a ghlacadh.

Nuair a bhí gá le tua an bhua a chur sa talamh crua, ar na mallaibh, ní raibh Uachtarán reatha an Chonartha drogallach: níor chlis sé sa triail, níor loiceadh air nó níor fágadh fual-folamh é sa dúshlán ach an oiread. Ní hionadh, b'fhéidir, go mbaisteann saoithe stairiúla áirithe `Conrad Adenaur na Carthanachta' air, san `eardarlúid iar-Adolf'.

Tharla an geáitse Gaelach seo ina chathair dhúchais féin go feiliúnach, nuair a sheinn sé coinséartó na caoinbhéasaíochta go deonach trí litreoireacht chuí órga a smearadh go smaointeach ar na soithigh salachair i sráideanna sárnaofa Bhéal Feirste óna ndéantar cóipeanna cromchinn leis na lusleathanaigh bhuí a reic gach Domhnach is Dálach: an Bindependent.

Sheinn sé adagio an athmhuintearais go speisialta do na mallfhoghlaimeoirí muesli belt mar Jonathon Phlebitis-Bowtie, Dec `The Neck' Lynch, Shane de Rossa agus Eyelash O Handjob, a tháirgeann, go seachtainiúil, gan staonadh, dramhaíl an dearcadh dependency culture, truflais na teanga thar tír isteach, cosamar an chultúir cringe, ráiméis an Réamonnachais, suarachas na seoiníneachta, fuílleach na Fine Gallstones, miodamas na meán Monday Club, graiseamal an ghalldachais agus, ná dearmadaigh, seafóid na seifteanna shifty eye. Do chléireach-chlóscríobhaithe na cumarsáide cretin, is é focal an LAE, ná: BRUSCAR.

Sampla: `You don't hear much about anti-Semitism in Ireland but when Ita Daly (Domhnach is Dálach) was recently researching in newspaper files of the early Fifties, she found it was accepted with chilling nonchalance.'

Nuair a dhamnaigh an Lentin Pastoral (foilsíodh an Tréadlitir Charghais seo faoi na Taibhsí Mínaofa: Unholy Ghosts an Ghaelachais sa Droichead Órga/Órphlátáilte) an díobhail dhorcha a rinneadh do na dílleachtaí dearóla, d'fháiltigh tuairisceoirí na tuairimíochta timpeallghearrtha sa Bindependent go teofholach leis: ar éigean gur féidir leis an Tuathallach Timpeallghearrtha (Shalom, Slugger!) feitheamh le foilsiú an Lentin Pastoral ina ndéanfar na haer-ruathair Holocaust Effective atá á riaradh agus á roinnt saor in aisce anuas i bhfoirm Fhíonchaora na Feirge ar na dídeanaithe sa Grape Crisis Centre thíos ar an talamh. Tá Hizbullah Boss na hIriseoireachta Gaeilge ar bís ag tnúthán leis an dara foilsiú seo, ina ndíreoidh an Lentin Pastoral 2 aire mhíchéatach ar sháinn agus chruachás Mhuintir na Tyre.

Léigh an Tuathallach Timpeallghearrtha faoi Fhíonchaora na Feirge i papel higénico na hIriseoireachta Hava Nagiza. É seo a bhí le léamh mar cheannlíne katyusha, agus an t-otharcharr taibhsiúil, is é pulctha le dílleachtaí dochosanta, á bhrostú chun na reilige: `A Shattering Experience: Palestinians of my Cradle Days pay their dues.'

Nuair a lúbadh lóbaí inchinne na leibeanna leibideacha sa láib agus nuair a rinneadh mionbhruar marietta de na buachaillí briste briosca agus de na cailíní crólinnteacha creamcracker sa chré chéadrais, bhain papel higénico na hIriseoireachta Haddad's Army macalla mórchroíoch as an gháir ghallda gotcha ina snasleathanaigh: `Shit made of Shi'ites!'

Fág faoin Donnybrook Deontasgang leis an dearcadh dawn raid seo a dhroimscríobh go dúthrachtach tríd an cheannlíne katyusha a léamh amach ina gclár athláimhe - `Cad a deirtear sna Nuachtáin'. Tá ainm feiliúnach ar an mhullach sléibhe ar a bhfuil an cuaille teileachumarsáide tógtha lena ndéantar an clár a chraobhscaoileadh ó shléibhte Dhuibhlinne: Yom Kippure.

Síneann cúlra ceartchreidmheach an chultúir katyusha cois Life i bhfad siar, go 1904, le bheith beacht, nuair a ghreamaigh an seoinín sterngang úd, Séamas Ó Seoigh, réalta ríchiontach ghlas ar bhrollach an tSaoránaigh, dúradán brománta a shaothraigh mar scigaithris shoghlactha de gach uile Paddy Stink agus Mickey Mudd a bhfuair a gcuid scolaíochta ag lámha leathair na mBráithre Críostaí.

Le cabhair óna mhadadh mór mire, Garryowen na Gaeilge, ag drantán go dainséarach, agus trí stánbhosca brioscaí de chuid an chomhlachta Jacob (íoróin!), chuir sé an ruaig ó Éirinn, i bhfoirm tábhairne Barney Kernan, ar an Íosánach manqué úd, laoch na liobrálaithe Limerick Pogrom cois life: Leopold `Sleeveen' Bloom.

Molann An Slugger Tuisceanach Ó Tuathail do Chonrad Adenaur na Carthanachta catphlaba katyusha a chur go smaointeach ag bun na mboscaí a bhfuil an focal úd atá gar don `knuckle' (mar a thugtar an an alt méire ar an chlár grúbhaí úd, Cúrsaí All-in')- BRUSCAR, d'aon turas, chun éascaíocht a dhéanamh don Chláiríneach atá ina chláiríneach, Daniel Quilp an Daonlathais, agus a línte liobrálacha sa Leprechaun Language á sacadh uaidh.

Is minic gurb é an timpeall timpeallghearrtha an t-aicearra is túisce a ghlactar: ar aghaidh, mar sin, go tapa, an deich mbliana seachas an deichniúr (den Choróin Mhuire) ó 1904 go 1914, an bhliain chinniúnach inar tháinig papel higénico na hIriseoireachta Herdsman's Shed chun blátha sa tSráid Dhoiléir cois Life lofa.

Sea, b'shin í go díreach an bhliain inar chéad mhol na Seoiníní Secret-scripture-of-the-P.O.O.R. go mbeadh (a) an Citeal seachas an Chláirseach ina chomhartha náisiúnta suaitheantais; agus (b) go mbeadh `Somme Enchanted Eveining' ina dhreas náisiúnta ceoil.

D'éinne a bhfuil sé de phribhléid aige/aici `An Oirishman's Diarrhoea' a láimhseáil, sé sin, an stuif buí reatha a scaoileann Kevin M'Arse chomh héasca agus chomh héifeachtach sin uaidh, síos cosa na gcolún eagarthóra ar Snasleathanaigh S.H.I.T. na Sráide Doiléire, tuigfidh sé/sí, ar an toirt, go seasann an P.O.O.R. thuas, do: Protestant Oirish of Republik.

Tugtar Herrenvolk na hIriseoireachta Hooray Henry orthu, chomh maith, agus liostaigh M. M'Arse liodán leadránach liteartha `an mhionlaigh is saibhre scil ar domhan, taobh amuigh de na Giúdaigh' go smaointeach (Yeats, Shaw, Beckett, Joyce - is Prod oinigh é S.JJ) go speisialta chun sróna smugacha Paddy Stink agus Mickey Mudd a chuimilt isteach sa salachar, an tsubstaint is fearr a fheileann do shróna na Saoránach Shi'ite, cibé ceantar ar dhromchla an domhain a bhfuil cónaí orthu.

Comhalta oinigh, faoin am seo, den P.O.O.R. (a bhíonn de shíor linn, seachtó cúig de bhlianta i ndiaidh slán a bheith fágtha ag fórsaí slándála Lloyd `Through his Teeth' George) is ea É Féin, réalta dháigh na díospóireachta dolby sound: cuirigí bhur lámha le chéile a léitheoir(í) dhil(e) don urlabhraí is oilte, is ollfoirfe, is oirircí, is ornáidí, is, sea, Oilimpí, is osnádúrtha, is, sea, Otamanaí, is olanda, is olagarcaí, is oirmhinní, is oirchillí, is, sea, Oráistí (sa chiall Ollannach), is oirnéalta, is oirshiollóige, is oirfidí, is oireachtasaí (sa dá chiall), is oighearshlaodaí, is oiltiúlaí, is oibleagaidí, is ocsamórónaí, is ochtaganaí, is obainne: a chairde (a chara) Jailteacht, tugaim daoibh, go humhal:....Einstein Ervine.

Ní don chéad uair, tharraing Einstein Ervine (`Na bac leis an Chroiméal, déan an ÉIRIM a chuimilt') clú an chomhréitigh agus iomrá an idirghabhálaí air féin, ar na mallaibh, ag Cúinne Amen an Angla-Aryannachais nó Apprentice Boyzone na Bolscaireachta Britbigot nuair a rinne sé eadráin thráthúil idir a Chroiméal agus na Ceannairí. Tráthúil, toisc go raibh an sluachorraíl thart agus an scliúchas dulta ar gcúl, gan trácht ar an bhobailín bheith scaoilte amach.

Is fearr le Einstein Ervine a ghialla a bhriseadh le hilsiollaí seachas blaoscanna a scoilteadh le smachtíní: `With respect, I would appeal to the indigenous Croppies of the Ormeau Road to adopt a semi-recumbent posture in the interests of reconciliation.'

D'éirigh leis san áit ar chlis go tubaisteach ar Forrest McGimpsey, lena bhaothbholscaireacht bhosca seacláide siúd: chuaigh óráid oráisteach Einstein Ervine (foilsithe ag JAFFA PLC, a shoirbhíonn an Saorstát Oráiste) chomh mór sin i bhfeidhm ar an Taigue Ó Tuathail (sea, an nia) gur iompaigh seisean chun na tuairime gur chóir go mbeadh sé de chead ag na printísigh san Ord Orange Utang a bhfrámaí zimmer a chaitheamh uathu agus a ndintiúirí, mar naisc chaillte an Naitsíochais (na dintiúirí Darwin agus na dintiúirí Dachau), a bhaint amach trí luascadh ó chuaille lampa go cuaille lampa ar an Bhóthar Ormeau. Ina theannta sin, thig leo tosú chomh moc agus is mian leo: beidh an Taigue Ó Tuathail in ann éirí. Dála a uncail shoghonta, ní bhíonn sé riamh rómhoc chun masla a mhealladh.

Is é seoladh eagraíocht Einstein Ervine ná, nádúrtha go leor, IQHQ agus is díol suime an dóigh aisteach gurb é ainm na heagraíochta ar an talamh, mar a déarfá, ná: Óglaigh Fhórsa Uladh. Ach, a luaithe agus a chaitear na cinnlitreacha suas go haerach san aer, go gclaochlaítear iad, go: UFO.

Is deacair don duine comónta an dochtrún seo a scaoileadh: fágtar faoin úrsmaointeoir ubhcheannach a bhfuil an Croiméal a chaith a athair, tráth, le sonrú os cionn a bhéil, chun fuascailt na faidhbe a aimsiú. Níl sé neamhfhollasach nach bhfuil ach an t-aon mhachnóir mór eile ar oileán liathghlas na hAyran a bhfuil an lí chuí liath ar gheansaí a inchinní iolracha le tabhairt faoin dúshlán: HHHH féin!

Díreach sa dóigh gur fianaise iontaofa iad na spotaí dearga ar chraiceann an othair go bhfuil an bhruitíneach á fulaingt aige, mar an gcéanna, is comhartha cinnte inmhuiníneach é an Croiméal Mór go bhfuil inchinní iomarcacha ag an úinéir.

Ainneoin go mbaineann Hyperventilating Hibernian na hIriseoireachta Hack-work agus Einstein Ervine le traidisiúin chontrártha (mar ba léir ón chlár iomráiteach argóna teilifíse eatarthu: `The Clash of the Tash'), fós féin, gineann a gcomhfhadhbanna Comhbhá agus Comhthuiscint (C.A.C.) eatarthu. Mar shampla, na deacrachtaí a dhéanann síor luíochán orthu sa saol laethúil. Faigheann siad deacair na geansaithe liatha ina bhfuil a n-inchinní millteanacha fillte a reic san ollmhargadh oscailte agus is tromluí gan staonadh dóibh an uireas fánán ag foirgnimh (i.e. ceártaí craolacháin): níl sé éasca d'fhoclóir fathachúil a iompar céimeanna aníos i mbarra rotha ar do bhealach isteach go díospóireacht eile teilifíse.

Tugann an tuiscint chomónta eatarthu tuar dearfa don todhchaí: an démholadh ón dís gur chóir Duibhlinn a dhúbailt nó a chúpláil le Béal Bláfar Feirste: an Ormeau a nascadh leis an Gormo.

Ça va sans dire gurb é an Gormo an téarma muirneach ciorraithe den Teach Gealt is mó cois Life lofa: Grangegorman.

E x 2 = MC

Einstein Ervine = Mór-Chroiméal

[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]


Níl ríomhphost ar fáil