Leathanach 19


Vótaí a theastaíonn ónár muintir thar lear

LE SEÁN MAC CRAITH
I SASANA

"Tá sé tábhachtach dúinne, Éireannaigh anseo sa Bhreatain, go bhfaigheadh muid cóip den pháipéar comhchomhairle, Ionadaíocht do Eisimircigh i Seanad Éireann, a d'eisigh an tAire Comhshaoil, Márta 1996."

Sin an rud a léigh mé ar cheann de na nuachtáin Éireannacha (Londain) a foilsítear anseo, agus sheol mé litir chuig an Roinn Comhshaoil, láithreach bonn, ag iarraidh cóipe den leabhrán 24 leathanach.

Mar is léir ón teideal, níl sé ar intinn ag an rialtas an buncheart atá ag gach Éireannach .i. vóta a chaitheamh le haghaidh toghadh teachtaí Dála, níl sé ar intinn acu an ceart sin a thabhairt d'eisimircigh.

Is é atá ar intinn acu `foráil a dhéanamh le haghaidh toghadh triúr comhalta de Sheanad Éireann ag eisimircigh Éireannacha'.

Agus leanann an chéad pharagraf sa leabhrán: `Seasca comhalta a bheidh i líon Sheanad Éireann i gcónaí agus is in ionad triúr den aon chomhalta déag a ainmnítear, faoi na forálacha bunreachtúla atá ann faoi láthair, ag an taoiseach, a bheidh na comhaltaí nua.'

Feictear domsa nach bhfuil mórán de dhifríocht idir an córas ina roghnaíonn an Taoiseach 11 bhall do Sheanad Éireann agus an ceann atá anseo, i Sasana, a ndéantar an-cháineadh air, ina n-ainmníonn an Príomhaire, go pearsanta, baill nua do Theach na dTiarnaí.

An amhlaidh go bhfuil an rialtas i mBaile Átha Cliath ag baint úsáide as eisimircigh le pribhléid áiféiseach (ach bunreachtúil) seo an Taoisigh a mhaolú beagáinín?

Ar ndóigh, tá vóta don Seanad ag eisimircigh cheana féin .i. ag gach céimí de chuid ollscoileanna na hÉireann. Is cuma Síneach nó Eskimo thú agus tú i do chónaí i bpuball sneachta ar an Mhol Thuaidh, tá vóta agat más céimí ollscoile de chuid na hÉireann tú; agus, de réir dealraimh, níl sé ar intinn ag an rialtas aon athrú a dhéanamh i dtaca leis an socrú sin. Ach amháin lena chinntiú nach mbeidh dhá vóta ag imirceach:

`Ní bheidh duine i dteideal bheith cláraithe mar thoghthóir eisimirceach má tá an duine cláraithe de thuras na huaire...mar thoghthóir i dtoghdas ollscoile de bhun Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937.'

Is ríshuimiúil liom an t-alt seo a leanas:

`Uair amháin gach dara bliain ar a laghad, cuirfidh an t-oifigeach clárúcháin scéala chuig gach duine atá ar an chlár (vótóirí) chun a fháil amach an bhfuil na sonraí atá taifeadta i ndáil leis an duine i gceart. Mura dtabharfaidh an duine freagra laistigh de thréimhse shonraithe, bainfidh an t-oifigeach clárúcháin ainm an duine den chlár.'

Ní dhéantar a leithéid i gcás na gcéimithe sa bhaile nó thar sáile, go bhfios dom. An amhlaidh go gceapann an rialtas go gcaithfear súil ghéar a choimeád ar na heisimircigh a mbronnfar an vóta don Seanad orthu mar go mbaineann siad leis an chosmhuintir? Agus sin i ndiaidh dóibh bheith díbeartha as a dtír féin cheana, de cheal oibre!

Beidh duine i dteideal a bheith cláraithe mar thoghthóir eisimirceach más duine é a raibh cónaí air in Éirinn ar feadh tréimhse íosta deich mbliana. Cuimhnímis go raibh Michael Davitt, a rugadh 150 bliain ó shin, ina pháiste óg nuair a chuir sé fréamhacha i Haslington, Lancashire.

Agus caithfidh an vótóir gan a bheith ina chónaí lasmuigh den Stát le níos mó ná fiche bliain anuas. Go minic, is iadsan atá ar phinsean a dhéanann an obair dheonach i measc imirceach mar is acu a bhíonn an t-am agus an acmhainn.

Sa chuid Bhéarla den leabhrán seo, úsáidtear an focal `emigrant' i gcónaí, focal nach dtaitníonn leis na hÉireannaigh thar lear, mar a thugann siad orthu féin, mar go mbaineann boladh long cónra an ghorta leis an fhocal sin `eimigrant', dar leo.

Agus ní róshásta atá siad leis na moltaí a phléitear sa leabhrán seo, ach oiread.

Is dream iad ar éirigh go maith sa saol lena bhformhór. Tá a fhios acu go bhfuil an vóta ag eisimircigh thíortha eile na hEorpa, don chuid is mó. Ní bheidh siad sásta go bhfaighidh siad an vóta le haghaidh toghadh teachtaí go Dáil Éireann.

Tá an leabhrán, Ionadaíocht d'Eisimircigh i Seanad Éireann - Páipéar comhchomhairle arna eisiúint ag an Aire Comhshaoil, ar fáil ón Roinn Comhshaoil i mBaile Átha Cliath.

Iarrann an Roinn `tuairimí ar bith i dtaobh na dtograí atá leagtha amach sa pháipéar comhchomhairle seo' bheith curtha chucu roimh dheireadh mhí na Bealtaine, 1996. Seo thíos an seoladh:

An tUas. Paul Baxter

An Rannóg Vótála

An Roinn Comhshaoil

Teach an Chustaim

Baile Átha Cliath 1


FÓGRA

Turas go Ráth Chairn

á réachtáil ag Club Chonradh na Gaeilge

Dé Sathairn-Dé Domhnaigh, 25-26 Bealtaine

Táille (lóistín agus taisteal): £18.00 (baill an Chlub); £20.00 (dóibh siúd nach baill iad)

Áirithint roimh an Aoine, 3 Bealtaine


[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]

Níl ríomhphost ar fáil