Nuacht


Flatley ar ais le Tiarna an Rince

LE DAMIAN Ó CLÉIRIGH

Tá an comhlacht idirnáisiúnta ceoil is scannán, Polygram, tar éis socrú ar urraíocht a dhéanamh ar Michael Flatley is a sheó úr, `Tiarna an Rince'.

Dúirt an tUas Flatley gur iontach an scéal é go bhfuil Polygram ag dul a infheistiú £1.2m sa seó ardáin a nochtfar, den chéad uair, in Amharclann an Point i mBaile Átha Cliath, ar 2 Iúil.

Tá díol maith ar na ticéid don ócáid sin cheana agus is é an t-eagraí is aitheanta in Éirinn, Jim Aiken, atá ag reáchtáil na hócáide.

Fanfaidh `Tiarna an Rince' i mBaile Átha Cliath seacht lá agus ansin rachaidh sé ar chamchuairt na hÉireann is go dtí `West End' Londan.

Tá rún ag an Uas Flatley an seó a thabhairt go Meiriceá ar ball ach braitheann sin ar an ghlacadh a bhíonn leis anseo in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór.

Mar aisíoc ar a n-infheistíocht mhór sa seó rince seo, beidh fo-chomhlacht de chuid Polygram, VVL, ag fáil cearta fístéipe don seó.

Dhíol fístéip `Rince na hAbhann' corradh le milliún go leith cóipeanna i Sasana go dtí seo agus tá súil ag Polygram is ag Micheal Flatley araon go dtiocfadh leo an margadh céanna a aimsiú don seó úr.

Is é John Reid, bainisteoir an cheoltóra, Elton John, atá ag stiúradh `Tiarna an Rince'.

Tá sé iontach díograiseach faoi bheith ag tabhairt an seó go Sasana agus go Meiriceá.

Níl sé soiléir go fóill cad é mar a chuirfidh an iomaíocht ó Michael Flatley is a sheó úr isteach ar `Rince na hAbhann'.

Tá an seó úd ar chamchuairt na hÉireann i rith an ama agus ag déanamh go fíormhaith i gcónaí.

Díoladh amach é i mbeagnach gach áit a raibh sé go dtí seo agus tá camchuairt eile i Meiriceá á beartú don fhómhar seo.

Is le Micheal Flatley cóipchearta uilig `Thiarna an Rince'. Argóint faoin chóipcheart do `Rince na hAbhann' a ba chúis leis an scoilt idir an Uas Flatley agus `Rince na hAbhann'.

Geallann an SDLP go ndéanfar leasú an RUC a phlé

LE hEOGHAN Ó NÉILL

Is rún don SDLP leasú an RUC a chur chun tosaigh ar a gclár oibre do na cainteanna ag Stormont ar 10 Meitheamh.

Tá alltacht fós ar an pháirtí faoinar dhúirt John Wheeler, Aire Slándála Stormont, nuair a d'fhoilsigh sé an Páipéar Bán ar Phóilíniú, seachtain ó shin.

Dúirt an tUas Wheeler nach raibh aon mholadh sa pháipéar chun ainm an RUC nó siombail an fhórsa a athrú `cionn is nach bhfuil an pobal ag éileamh a leithéide'.

Dúirt sé gur `cheist imeallach' í. Chuir a chaint fearg ar an SDLP.

D'éiligh an páirtí úd go rialta ar Rialtas na Breataine siombail an RUC a athrú agus thacaigh an Cairdinéal Cathal Ó Dálaigh is ceannairí eile an phobail náisiúnaigh leis an éileamh seo.

Tá Sinn Féin ag éileamh ní go ndéanfaí an RUC a leasú ach go ndéanfaí é a scor.

Dúirt siadsan gur thaispeáin caint an Uas Wheeler nach féidir an RUC a leasú is gur gá scor den fhórsa ar fad.

I measc na moltaí is mó sa Pháipéar Bán ar Phoilíniú ó thuaidh, moltar go mbainfí cúram bhuiséad an phéasfhórsa ó Údarás an RUC agus go gcuirfí é faoi smacht an Ard-Chonstábla féin.

Beidh ar chomhaltaí den RUC dearbhú go bhfreastalóidh siad, gan chlaonadh, ar gach aicme den phobal sna Sé Chontae, agus beidh ar Ard-Chonstábla an RUC `aird' a thabhairt ar thuairimí an Údaráis faoi cheisteanna áirithe.

Feictear an doiciméad go forleathan mar iarracht chun baint de ról Údarás na bPéas.

Bhí cumhacht éigin, go dtí seo, ag an Údarás de thairbhe go raibh smacht acu ar bhuiséad an fhórsa ach má chuirtear moltaí an Pháipéir Bháin i bhfeidhm, beidh an tionchar sin caillte acu.

Níl sé ach sé seachtaine ó ruaig Patrick Mayhew beirt bhall d'Údarás an RUC de thairbhe go raibh siad ag moladh leasuithe ar an RUC a bhí doghlactha ag baill eile an Údaráis.

Mhol Chris Ryder, iriseoir, go gcuirfí cosc ar chrochadh brat Shasana ar bheairicí an RUC ach amháin ar ócáidí ar leith.

Thug sé `performing poodle' ar an Údarás féin agus, lena chompánach, David Cook, mhol leasú ar an Údarás chun é a dhéanamh níos láidre.

Chuir na moltaí seo alltacht ar na baill eile den Údarás agus d'éiligh siad ar Patrick Mayhew an bheirt a bhriseadh, rud a rinne an Státrúnaí Mayhew.


Gearán Tá an Indinéis tar éis gearán a dhéanamh leis an Choiste Oireachtais ar Ghnóthaí Eachtracha i ngeall ar an cháineadh a rinne an Coiste ar an tír sin.

Cháin an coiste an Indinéis as bheith ag ionradh is ag glacadh seilbhe ar Phapua Thiar agus chuir siad in iúl go raibh siad iontach buartha faoi líomhaintí go raibh céasadh agus marú ar bun ag trúpaí na hIndinéise ansin.

Achomharc Des Hanafin Taobh istigh de mhí, tabharfaidh an Chúirt Uachtarach breithiúnas i gcás achomhairc Des Hanafin.

Tháinig an cás achomhairc chun deiridh, an tseachtain seo caite, tar éis éisteacht ceithre lá.

Stádas na staire An tseachtain seo, molfaidh Fianna Fáil rún sa Dáil ag iarraidh ar an Rialtas coimitmint shoiléir a thabhairt nach mbainfear de stádas na staire i scoileanna na tíre.

Cháin urlabhraí oideachais Fhianna Fáil, Micheál Ó Máirtín, cháin sé go géar moladh Niamh Bhreathnach go mbainfí de stádas na staire i scoileanna.

Scoilt FAIT Níl aon chomhréiteach ann fós san aighneas idir baill den eagras FAIT, eagras a phoiblíonn ionsaithe paramíleata ó thuaidh.

Tháinig scoilt chun tosaigh san eagras, le déanaí, i ngeall ar mhíshásamh faoi chúrsaí airgid.

Tá curtha in iúl ag bunaitheoir an eagrais, Nancy Gracey, go bhfuil sí ag éirí as i ngeall ar an dóigh ar caitheadh léi ó thosaigh an iaróg agus, an deireadh seachtaine seo caite, theip ar iarrachtaí comhréitigh a bhí curtha sa tsiúl ag an Athair Denis Faul.

Bord na Móna Deir Eddir O'Connor nach bhfuil rún ar bith aige éirí as mar Bhainisteoir Stiúrtha Bhord na Móna.

Dúirt an tUas O'Connor nach ndearna sé aon rud mícheart agus nach raibh rún aige imeacht.

Le trí bliana, shaothraigh an tUas O'Connor £141,000 sa mhullach ar a phá mar gheall ar chostais a cheadaigh Bord na Móna dó.


[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]

Níl ríomhphost ar fáil