An comhfhreagraí úd gan ainm ag ANOIS a raibh `tuairisc' aige (nó aici) faoi Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge.
I dtuairisc `neamhchlaonta', faoin cheanntheideal neodrach, `Putsch á bheartú', tugadh le fios:
`Agus an t-eagrán seo ar tí dul i gcló, tá faighte amach ag ANOIS go bhfuil iarracht ar siúl ag Gearóid Ó Cairealláin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, (ar as Iarthar Bhéal Feirste dó) daoine áirithe dá chairde a áiteamh ar Ardfheis an Chonartha, an deireadh seachtaine seo chugainn, don Choiste Gnó nua.
`Ina measc, tá Máire Andrews, Ciarán Ó Feinneadha, Liam Ó Cuinnneagáin, Donncha Ó hÉalaí, Rónán Mac Aodha Bhuí, Rachel Ní Riada, Eibhlín Ní Mhorónaigh, Áine Uí Cheallaigh, Christín Ní Chairealláin.'
Sa chéad dul síos, tá cruinneas i gceist.
Níl Ciarán Ó Feinneadha nó Liam Ó Cuinneagáin nó Christín Ní Chairealláin ag dul chun tosaigh don Choiste Gnó.
Le cois, mar phointe eolais, i ngan fhios don scríbhneoir seo, tá Eibhlín Ní Mhorónaigh cheana féin ar an Choiste Gnó.
Ach cad é go díreach an scéal anseo go bhfuil spás tuillte aige ar leathanach a dó de ANOIS?
Tá cead ag duine ar bith atá ainmnithe ag craobh an Chonartha dul chun tosaigh don toghchán do Choiste Gnó an Chonartha.
Cad chuige, mar sin, a bhfuil an cur in iúl go bhfuil rud éigin as ord ag titim amach cionn is go bhfuil Gearóid Ó Cairealláin, más fíor, ag moladh do dhaoine áirithe seasamh do thoghchán?
Cad chuige ar úsáideadh an focal `putsch' mar cheannteideal agus, thar rud ar bith ar bith, cad chuige ar cuireadh idir lúibíní `Gearóid Ó Cairealláin, (ar as Iarthar Bhéal Feirste dó)'.
Cad é atá cearr le hIarthar Bhéal Feirste?
Tá rud amháin le rá ag an Scéaltacht faoi: má tá an Caireallánach in ann na daoine seo a mhealladh isteach i gConradh na Gaeilge, nár laga Dia a lámh.
Tá gá le fada le daoine atá ag saothrú ar an talamh sa Ghaeltacht a mhealladh isteach i gConradh na Gaeilge agus má fhaigheann an scaifte seo isteach, ní bheidh caill ar bith air.
Meascán maith d'oibrithe teanga is pobail atá ag iompar obair na Gaeilge, lá i ndiaidh lae.
Seo vóta amháin a gheobhaidh siad.
Páirtí na nOibrithe nó Daonlathas Clé.
Bhí an t-am ann nuair nach nglacfaí an dream a bhunaigh an dá pháirtí seo leat murar chaith tú suaitheantas beag James Connolly.
Anois, nuair a beartaí-odh dealbh i gcuimhne Uí Chonghaile a thógáil i mBaile Átha Cliath, iarradh síntiús ó pháirtithe polaitiúla mar aon le ceardchumainn is daoine coitianta. Bhí costas £60,000 ar an dealbh.
Thug Páirtí an Lucht Oibre, Páirtí Cumannach na hÉireann agus Sinn Féin síntiúis bheaga don tionscnamh.
Tháinig níos mó ná leathchuid an airgid don dealbh ó cheardchumainn sna Stáit Aontaithe.
Agus cad é a thug bhunchreidmhigh Uí Chonghaile den am seo caite? Pingin ar bith.
Séamas Ó Cé?
Is fada an tréimhse seachtain i saol na polaitíochta, ar ndóigh.
Eagarthóir LÁ, fear ciúin na nGael, Eoghan Ó Néill.
San eagrán reatha den iris, The Irish Reporter, tuarann an Niallach go mairfidh sos cogaidh an IRA go cionn i bhfad eile agus go mbeidh dul chun cinn ann maidir le comhurraim.
Maith an smaoineamh ach chaill sé an ceann sin.
San eagrán de LÁ a foilsíodh seachtó a dó uair a chloig roimh phléasc Canary Wharf, ámh, tá an ceannteideal ar an chéad leathanach - `Slánú nó sárú' - ag tagairt do shos cogaidh an IRA, agus scéal ann ag maíomh go bhfuil an sos cogaidh céanna ar an dé deiridh.
Údar an ailt? Eoghan Ó Néill.
Cuid acu, cailleann tú; cuid acu ........
Iarnród Éireann.
An deireadh seachtaine seo caite, bhí Stáisiún Uí Chonghaile maisithe is gléasta go galánta le comharthaí móra ag tréaslú fhéile na Bealtaine do dhaoine.
Agus ar gach comhartha Béarla, bhí dhá cheann Gaeilge leis an mhana, `Saoire Bealtaine faoi mhaise duit'.
Is minic muid ag gearán faoin neamart a dhéantar sa teanga ach cá mhéad againn a scríobh chuig Iarnród Éireann ag déanamh comhghairdis leo as an tosaíocht a thug siad don teanga dúchais?
Déan anois é!
Fostaí de chuid Packard
`Bhí na polaiteoirí uilig ann nuair a bhí ár vótaí uathu ach cá bhfuil siad anois go bhfuil ár jabanna ag imeacht'
Fostaí eile de chuid Packard
`Má táimid chun an dá shos cogaidh a choinneáil, ní mór dúinn aird a thabhairt ar na tuairimí a nochtann an dá thaobh seachas taobh amháin'
John Bruton ag tabhairt freagra ar cháineadh ó Ailbhe Ó hEaithírn go bhfuil sé aontaobhach agus róbháúil leis na hAontachtaithe
`Ní bhíonn aon bhréag-rabhadh uaimse. Nuair a dhéanann an cú seo tafann, caithfear éisteacht'
David Ervine ag cur in iúl go bhfuil fíor dá rabhadh faoin UVF bheith ar tí a shos cogaidh a bhriseadh
`Ní seo an cineál áite a ba mhaith linn do Bhaile Átha Cliath. Ní seo an cineál turasóra a ba mhaith linn a mhealladh anseo'
Joan Bruton ag caint faoi mholadh SONAS Teo chun casaíne a oscailt ar an seanchúrsa rásaíochta i bPáirc an Fhionnuisce
`Tá na meáin ag iarraidh bheith ina mbreithiúna sa chás seo agus an rud a bhí againn ná triail sna meáin. Cuireann sin imní orm'
Nora Bennis ag caint faoin dóigh ar thuairiscigh na meáin cás Goldenbridge
`Creideann siad nach bhfuair siad luach a saothair riamh. Tá siad ag iarraidh sin anois'
Urlabhraí ag caint ar son cheardchumainn na mbanaltraí a dhiúltaigh do thairiscint pá £40m ón Rialtas
`Cronaímid anois iad'
John Waters ag caint faoi imeacht nuachtáin an Press Group
[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] []
Níl ríomhphost ar fáil