
Tá Fianna Fáil ag smaoineamh ar a nArd-Fheis i mí na Samhna a chur ar ceal.
Deir foinse sa pháirtí go ndéanfar cinneadh ar ball ach go mbraitheann cuid mhaith ar an dáta a roghnófar don olltoghchán ar an bhliain seo chugainn.
Ba mhaith le hoifigigh Fhianna Fáil, má fhógraítear go bhfuil an t-olltoghchán le bheith ann in earrach na bliana seo chugainn, ba mhaith leo Ard-Fheis na bliana seo a chur ar athlá go dtí sin.
Measann siad gurbh iontach an tús é dá bhfeachtas toghcháin dá mbeadh an Ard-Fheis ag tús an fheachtais.
Tá stiúrthóir toghcháin ceaptha ag Fianna Fáil, P J Mara, iarchomhairleoir Chathal Uí Eochaidh.
Beidh seisean i gceannas ar fhoireann speisialta toghcháin, foireann a mbeidh Pat Farrell agus comhairleoir Ailbhe Uí hEithírn, Pat Duffy, páirteach inti.
Is rún dóibh forógra toghcháin a ullmhú roimh an fhómhar.
Cheana féin tá roinnt doiciméad polasaí dréachtaithe acu agus foilseofar tuilleadh sna míonna seo chugainn.
Cuirfear béim mhór san fhorógra ar phróiseas na síochána agus ar an ghá le comhoibriú idir na páirtnéirí sóisialta chun bonn a chur faoin fhás eacnamaíoch.
Beidh moltaí go leor ann do leasú cánach ach níl sé soiléir fós cad go díreach a mholfar ann.
Tá dóigh maith ar Fhianna Fáil ó thaobh cúrsaí airgid de.
Trí bliana ó shin bhí fiacha £3.5m acu ach anois tá na fiacha sin laghdaithe go dtí níos lú ná milliún punt.
Le cois an deascéala seo tá an páirtí tar éis ocht míle ball nua a earcú.
Níl sé soiléir fós cá mhéad toghchán a bheidh le troid acu ar an bhliain seo chugainn áfach.
Le cois an olltoghcháin d'fhéadfadh go mbeidh toghchán ann don Uachtaránacht má shocraíonn Máire Mhic Roibín éirí as ag deireadh a seala ar an fhómhar seo chugainn.
Tá margáil tosaithe cheana féin taobh istigh d'Fhianna Fáil faoi roghnú iarrthóra don toghchán Uachtaránachta.
Go dtí seo is iad Ailbhe Mac Raghnaill is Máire Uí Ruairc is mó atá á lua don ainmniúchán ach tuigtear go raibh teagmhálacha faoin cheist le déanaí idir oifigigh Fhianna Fáil agus Cathal Ó hEochaidh.
Tá an t-iar-Thaoiseach 70 bliain d'aois agus feictear a aois bheith ina míbhuntáiste.
A ainneoin sin tá comhbhá mór dó sa pháirtí go fóill agus tá íomhá phoiblí iontach dearfach aige, i bhfad níos dearfaí ná mar a bhí aige nuair a bhí sé ina Thaoiseach.
Níl sé soiléir cad é an speis atá ag an Uas Ó hEochaidh sa jab ach meastar go mbeadh suim aige seasamh má shocraíonn Máire Mhic Roibín ar éirí as.
Thug Cathaoirleach Phríomhoifigigh Lucht Dóiteáin an méid sin le fios an tseachtain seo caite nuair a nocht sé go bhfuil maoiniú na seirbhíse tite ó £10.24m i 1985 go dtí £4.5m i mbliana.
Maíonn Tony Mc Carthy nach bhfuil san fhigiúr seo ach leathchuid den airgead atá de dhíth chun na seirbhísí atá ann faoi láthair a choinneáil ag gabháil.
Bhí comhdháil ag Cumann na bPríomhoifigeach Dóiteán i mBéal Átha Luain Dé Máirt agus rinneadh cáineadh géar ar an Rialtas as bheith ag fágáil drochdóighe, ó thaobh chúrsaí airgid de, ar an tseirbhís Bhriogáid Dóiteáin.
Mhol na toscairí don Rialtas airgead breise a chaitheamh ar chur le háiseanna ag stáisiúin dá gcuid, chun feithicilí úra a cheannach agus chun lóistín ag stáisiúin an Bhriogáid Dóiteáin a bhisiú.
Dúradh go mbeadh infheistíocht £3.5m sa bhliain de dhíth chun an tseirbhís a choinneáil faoi mar atá, gan caint ar bhiseach a chur ar rudaí.
Bhí na sluaite i láthair don Fhéile, bhí Ródaí Raidió na Gaeltachta is meáin eile ann agus bhí togha ama ag aisteoirí is lucht freastail araon.
Ba iad Aisteoirí Ghort an Choirce a thug an t-aon duais leo ó thuaidh i mbliana.
Bhain siad an duais as `sárstáitsíocht agus cur i láthair teicniúil' den dráma `Sava.'
Aisteoirí Ildáite ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath a thug ceithre dhuais leo leis an dráma nuascríofa `Tobar Fionnuisce.'
Rónán Ó Donncha, scríbhneoir an dráma, a bhain duais.
Bronnadh duais ar na léiritheoirí fosta, Rónán Ó Donncha agus Feidhlim Mac Gabhann.
Bhain Emmett Ó Laocha duais as sáraisteoireacht.
Agus bronnadh gradam ar an fhoireann aisteoirí ar fad as `comhaisteoireacht foirne den chéad scoth.'
Thóg Aisteoirí Chorcaí trí ghradam leo.
`Léiriú tuisceanach curtha i láthair le healaín agus le smacht cruthaitheach,' a bhain gradam do Liam Mac an Mhaoir.
Agus bronnadh gradam ar Helan Halessy agus ar Bernie Nic Dhonncha as a n-aisteoireacht.
Do Chorr na Móna, ba é Eamann Ó Súilleabháin a chuaigh i bhfeidhm agus a bhain gradam.
Ba iad Lorcán Ó Riain, Béal Feirste, Dónall Ó Donnabháin ó Chorcaigh agus Mícheál Ó Maille ó Dhún na nGall a bhí ag moltóireacht don ócáid.
Ceadúnas don chasaíne Beidh sraith de chruinnithe ag oifigigh Rialtais le grúpaí pobail sula ndéanfaidh an Chomh-Aireacht cinneadh faoi cheadú ceadúnais don chasaíne atá beartaithe do Pháirc an Fhionnuisce.
Déanfaidh an Chomh-Aireacht an scéal a phlé i gcionn trí seachtaine ach, roimhe sin, beidh siad ag éisteacht leis na pobail atá ag gearán faoin phlean.
Tá curtha in iúl ag Joan Bruton, Aire Stáit, go bhfuil sí iomlán in aghaidh an chasaíne, agus thug Ivan Yates, an tAire Talmhaíochta, le fios go raibh seisean míshásta leis an mholadh, fosta.
Níl ríomhphost ar fáil