
Beidh ar Hillary Clinton ceisteanna móra a fhreagairt faoi chás `Whitewater', de réir tuairiscithe ó Mheiriceá.
Thuairiscigh an iris Newsweek is roinnt nuachtáin Mheiriceánacha go bhfuarthas méarlorg Hillary Clinton ar cháipéisí a bhain le cás Whitewater, cáipéisí tábhachtacha a d'imigh as radharc nuair a chéad thosaigh fiosraitheoirí ag scrúdú an scéil.
Shéan Hillary Clinton riamh gur thóg sí na cáipéisí cé go bhfuarthas iad de thaimse i seomra dá cuid sa Teach Bán.
De réir Newsweek, rinne an FBI scrúdú ar na cáipéisí agus bhí méarlorg Hillary Clinton ann.
Tháinig an scéal ag drocham don Uachtarán Clinton.
Beidh sé ag tabhairt fianaise don fhiosrúchán ar chás Whitewater, an tseachtain seo chugainn, agus cuirfidh seo go mór le spéis na meán sa mhéid atá le rá aige.
Ach le cois, tá a láimhseálaithe buartha faoin dochar a d'fhéadfadh an cás a dhéanamh dá fheachtas toghcháin.
Níor thug Hillary Clinton aon mhíniú go fóill ar cad é mar a tharla na cáipéisí seo, a bhí á lorg ag fiosraitheoirí le dhá bhliain anuas, cad é mar a tharla iad bheith sa seomra s'aici.
Tháinig glantóir ar na doiciméid de thaisme agus í ag glanadh sheomra an Bhean Uasal Clinton.
Tá líomhaintí déanta go raibh uisce faoi thalamh ag baint le gnó áirithe a rinne Bill is Hillary Clinton tamall maith sular thug Bill Clinton faoin Uachtaránacht.
Maítear gur bhris an dís an dlí nuair a cheannaigh siad píosa talaimh ag Whitewater in Arkansas ar phraghas thar a bheith íseal.
Cuirtear in iúl, le cois, go bhfuil iarracht déanta ag an Uachtarán is a bhean ó shin chun constaicí a chur sa bhealach ar fhiosraitheoirí atá ag scrúdú na n-imeachtaí a bhaineann le `Whitewater.'
Séanann siad beirt na líomhaintí, atá dírithe níos mó ar Hillary Clinton ná ar Bill Clinton.
Ach ní mór dóibh araon fianaise a thabhairt do choiste a chur Teach na Comhdhála ar bun leis an chás a fhiosrú.
Inné, rialaigh Cúirt Uachtarach na Spáinne nach raibh baint ar bith ag Felipe Gonzalez leis an `Chogadh Salach' a reáchtáil an stát Spáinneach in aghaidh scarúnaithe Bascacha le linn na 1980í.
Rialaigh an Chúirt, fosta, nach raibh aon fhianaise ann chun beirt oifigeach shin-searach le Páirtí Sóisialach an Uas Gonzalez a cheangal leis an chogadh salach.
Tá an t-iar-Aire Inmheánach Sóisialach, José Barrionuevo, fós le cur faoi thriail, áfach, as bheith ag maoiniú an fheachtais rúnda a reáchtáil an péas in aghaidh amhrasáin ETA.
Rialaigh an Chúirt gan glacadh leis na líomhaintí a rinneadh in aghaidh an Uas Gonzalez de thairbhe nach raibh aon fhianaise curtha chun tosaigh ag an duine a rinne na líomhaintí, is é sin, Ricardo Damborenea, polaiteoir sinsearach sa Pháirtí Sóisialach i dTír na mBascach.
Mhaígh an tUas Damborenea gur thug an tUas Gonzalez le fios dó go raibh a fhios aige faoi ról an phéas sa chogadh salach ag tús an chogaidh úd.
Mhaígh an Chúirt Uachtarach nach raibh aon fhianaise curtha chun tosaigh chun tacú le líomhaintí an Uas Damborenea agus nach raibh aon rogha acu, mar sin, ach na cúiseanna a chaitheamh amach.
Tá cúigear duine déag cúisithe cheana féin as coireanna a bhain le cogadh salach na Spáinne in aghaidh amhrasáin ETA.
Ina measc, tá iar-Aire Rialtais agus iar-Stiúrthóir an Guardia Civil.
D'admhaigh Maidrid cheana féin gur úsáideadh airgead stáit chun scuaid bháis GAL a mhaoiniú.
Grúpa rúnda é seo a bhí faoi stiúir ag péas na Spáinne.
Bhásaigh siad 22 duine, bunús mór acu sa Fhrainc, in iarracht chun an bonn a bhaint ón ghrúpa scarúnach ETA.
Mharaigh siad go leor sibhialtach neamhurchóideach sna hionsaithe seo.
Le roinnt blianta anuas, chuaigh an scannal GAL a mhéadú de réir mar a thosaigh iarphéas is iarpholaiteoirí ag sceitheadh eolais faoina ról féin is faoi ról daoine eile san fheachtas.
Rinne na líomhaintí in aghaidh an Uas Gonzalez dochar mór dó le linn an fheachtas toghcháin sa Spáinn, an mhí seo chuaigh thart.
Tá Rialtas nua faoi cheannas an Partido Popular, an Páirtí Coimeádach, le teacht i gcumhacht sa Spáinn an tseachtain seo.
Beidh an Rialtas nua ag brath ar thacaíocht na bhfeisirí Catalónacha. Tacóidh siadsan leis an Rialtas fad is go ngéilltear cearta cultúrtha áirithe dóibh.
Washington Tá na Stáit Aontaithe chun £64m a thabhairt do Iosrael sa dá bhliain seo romhainn le go dtiocfadh leo sceimhlitheoirí a smachtú.
An Ghinéiv Bhí 1995 ar an bhliain is teo ó tosaíodh ag taifead teasa, thug tuarascáil de chuid na Náisiún Aontaithe le fios.
Adelaide Inné, d'fhógair Rialtas na hAstráile go mbeadh siad ag eagrú fiosrúchán neamhspleách chun breathnú ar líomhaintí go raibh baint ag ambasadóirí áirithe de chuid na tíre le páiste-ídiú.
Fógraíodh an fiosrúchán tar éis d'iar-Ambasadóir na hAstráile sa Chambóid bheith cúisithe as caidreamh gnéis a bheith aige le páiste.
Beidh pionós 17 mbliana i ndán dó má chiontaítear an taidhleoir, John Holloway.
Rio de Janeiro Ar 27 Bealtaine, tá pionós le gearradh ar phéas a d'admhaigh go raibh baint aige le marú ochtar `páiste sráide'.
Bhí iaróg mhór idirnáisiúnta ann tar éis na mbásanna, a tharla i mí Iúil 1993.
Scaoil Marcus Borges, péas, is roinnt péas eile ar 70 páiste a bhí ina gcodladh ar chéimeanna teach pobail i rith na hoíche.
Básaíodh ochtar agus gortaíodh fiche eile.
Maireann na mílte páiste ar shráideanna Rio de Janeiro agus, de réir cumainn cheart daonna, maraítear ceathrar páiste, ar an mheán, gach lá.
Sarajevo Bhásaigh gunnadóirí Seirbeacha beirt Mhoslamach nuair a tharla caismirt idir teifigh Mhoslamacha is Seirbigh.
Tharla an chaismirt nuair a d'fhéach na Moslamaigh le filleadh ar na tithe inar chónaigh siad roimh an chogadh.
Ní raibh socruithe cuí déanta ag na Náisiúin Aontaithe don fhilleadh agus tharla scliúchas.
Scaoil na Seirbigh ar na Moslamaigh is maraíodh beirt.
Seo an chéad uair a maraíodh sibhialtaigh ó síníodh conradh Dayton agus dúirt na Náisiúin Aontaithe gur cúis imní atá san eachtra.
Níl ríomhphost ar fáil