
Foilseofar, gan mhoill, Bille Garda Síochána, bille a mholann leasuithe cuimsitheacha ar Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána.
Is é seo an iarracht is déanaí ón Aire Dlí is Cirt le haighneas idir dhá chumann ionadaíochta an Gharda, aighneas atá ag gabháil ó mhí na Bealtaine 1994, a réiteach.
Tuigtear go bhfuil an cumann seanbhunaithe de chuid an Gharda, Cumann Ionadaíochta an Gharda, i bhfách, don chuid is mó, leis na leasuithe atá molta sa Bhille nua ach tá an cumann scarúnach, Cónasc an Gharda, míshásta le gnéithe áirithe den bhille.
Moltar sa bhille go mbeadh aon chumann ionadaíochta amháin ag an Gharda, go mbeadh an cumann sin in inmhe cruthú go bhfuil tacaíocht aige ó bhallraíocht uile an fhórsa, gur ag an chumann sin amháin a bheadh cead labhartha ar son na nGardaí, is go mbeadh ardú mór ar ionadaíocht Gardaí ó Bhaile Átha Cliath ar lárchoiste an Chumann Ionadaíochta.
Tabharfaidh na moltaí seo agus leasuithe eile atá ann sa Bhille guth níos mó do Ghardaí Bhaile Átha Cliath agus tionchar níos mó ar cheannasaíocht an fhórsa do Ghardaí ag an leibhéal is ísle san eagras, dar leis an Aire Owen.
Níl Cónasc an Gharda chomh díograiseach céanna faoin scéal, áfach.
Scar siad sin ó Chumann Ionadaíochta an Gharda i mí na Bealtaine 1994.
Tharla aighneas ag comhdháil bhliantúil den Chumann Ionadaíochta, an t-am sin.
Bhí an t-aighneas ann, de réir cosúlachta, faoi chearta pinsin ach, roimh dheireadh an lae, bhí sé soiléir go raibh scoilt dhomhain ann sa Chumann Ionadaíochta faoin dóigh a raibh sé á reáchtáil.
Bhí Gardaí go leor sna rannóga is ísle den eagras míshásta faoina laghad tionchar is a bhí acu ar an cheannasaíocht.
Agus bhí míshásamh ann, fosta, i measc Gardaí ón phríomhchathair faoina laghad baill is a bhí acu ar an choiste ceannasaíochta.
Mhaígh siad gur ceapadh i bhfad barraíocht ball ón tuath don cheannasaíocht is nach bhfuair siadsan cothrom na Féinne dá bharr.
Bunaíodh an dara grúpa ionadaíochta, Cónasc an Gharda, i ngeall ar an scoilt sin agus, ó shin i leith, tá an dá ghrúpa in adharca a chéile.
Tá tuairim is 2,500 ball ag an ghrúpa úd.
Theip ar an iliomad iarracht comhréitigh a rinne Nora Owen agus an tAire roimpi, Máire Geoghegan Uí Chuinn.
Bhagair an bheirt Aire go scoirfidís den dá chumann ionadaíochta mura dtiocfaidís ar chomhréiteach ach, sa deireadh, i mí Feabhra i mbliana, tugadh isteach idirghabhálaithe féacháil leis an leamhsháinn a bhriseadh.
D'éirigh leis an Choimisiún Caidreamh Saothair moltaí a dhréachtú atá mar dhúshraith do Bhille úr an Aire.
Tá dóchas ann anois go ndéanfar an Cumann Ionadaíochta a leasú go mór, go meallfaidh sin baill an Chónaisc chun filleadh ar an Choimisiún sa dóigh is go dtiocfadh leis an Gharda an tréimhse chorrach seo dá stair a chur taobh thiar dó.
Glactar leis go ndearna an t-aighneas dochar mór do mhisneach an Gharda Síochána agus gur bhain sé de chlú an fhórsa, fosta.
Proinsias Mac Aonghusa a thug an óráid
A Vivienne, a Chlíona, a Phádraig, a Chillín, a Taimin, a Chiaráin, a Choilm, a Éadaoin, a Bharra agus a MhaelÍosa, a ghaolta uile eile Thomáis de Bhaldraithe, agus a chairde Thomáis.
Is lá é seo a shíleamar nach dtarlódh. Ba chuid chomh tábhachtach agus chomh lárnach sin de shaol na Gaeilge, na Gaeltachta, sa saol acadúil, agus i saol an léinn i gcoitianta a bhí in Tomás de Bhaldraithe agus gur doiligh fós a thuiscint i gceart é a bheith ar lár.
Is dá bhean chéile álainn dhílis, Vivienne, agus dá chlann bhreá, is mó atá ár gcomhbhrón ag dul. Agus tá sin acu go fial flaithiúil ó gach duine a tháinig, ar aon tslí, faoi thionchar Thomáis nó a raibh sé d'ádh air a bheith ina chara aige.
Is mór é mo bhris agus is bris í nach leigheasfar go scioptha.
Agus is mór, freisin, bris an náisiúin.
Ó bhí Tomás óg, bhí sé ag plé le Gaeilge agus le léann na Gaeilge. Ó chuaigh sé siar go Cois Fharraige den chéad uair, sa bhliain 1933, chuig Scoil Mhichíl Bhreathnaigh, go dtí lá a bháis, is ag foghlaim na Gaeilge a bhí sé. Thuig sé gur obair saoil sin cé gur bhain sé máistreacht amach ar an teanga.
Is ollmhór a ndearna sé maidir le athréimiú scríobh na Gaeilge, le hardchaighdeán a chur i bhfeidhm, leis an Ghaeilge féin a tharraingt isteach i gcúrsaí ardléann Ceilteachais, áit nach raibh mórán failte roimpi nó gur tháinig Tomás agus a chara agus a chomhbhádóir, Dáithí Ó hUaithne, chun cinn.
Is iontach amach is amach an t-athrú a chuir Tomás de Bhaldraithe ar leagan amach lucht léinn maidir le Gaeilge, agus táim go háirithe anois ag caint ar an Nua-Ghaeilge.
Seasfaidh a chéad Fhoclóir Béarla-Gaeilge, a tháinig amach i Meitheamh na bliana 1959; an dara ceann Gaeilge-Béarla ar a raibh an Dr. Niall Ó Dónaill ina Eagarthóir agus Tomás mar Eagarthóir Comhairleach air; agus, le cúnamh Dé agus dea-mhéin an Stáit, rachfar chun cinn leis an fhiontar mór eile foclóireachta a raibh sé ina bhun - Foclóir Stairiúil Gaeilge Acadamh Ríoga na hÉireann - agus ní dhéanfar feall.
Is ceart tagairt dá lárionad oibre ar feadh an fhaid sin ama: Coláiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath de Ollscoil na hÉireann. Thuig Tomás tábhacht Choláiste na hOllscoile lena linn cé nach raibh sé dall ar leagan amach mhaorlathas Ardán Phort an Iarla. Ba bhreá leis dea-thraidisiúin Choláiste na hOllscoile agus thaitin a thréimhse fhada ansin mar mhac léinn, mar Léachtóir agus mar Ollamh leis.
Ní miste gur i gcomhluadar scata d'fhoireann Choláiste na hOllscoile, agus daoine geanúla eile dá leithéid, a bhí sé nuair a tháinig deireadh lena chuid saothair. Féach gur ag tabhairt óráide ar chúrsaí focal agus a mbaineann leo a bhí sé nuair a d'imigh sé - agus gur san Arts Club, áit ar thaithigh sé agus as ar bhain sé spórt ar feadh na mblianta, a bhí sé.
Scríobh sé agus chuir eagar ar chuid mhór saothar; thug sé léachta léannta in Éirinn, i Meiriceá, i Sasana, sa Fhrainc, san Eilvéis agus sa Rómáin; thug sé dea-chomhairle do scríbhneoirí, do scoláirí agus do mhic léinn. Seachas rud ar bith eile, thug Tomás de Bhaldraithe stádas agus seasamh do léann na Gaeilge.
Sé a chuir Seanchas Thomáis Laighléis, saothar an-áirithe, ar fáil; sé a chuir an bailiúchán is bisiúla de scéalta Phádraig Uí Chonaire le chéile; sé is cionsiocair le heagráin bhreátha de Chín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin i nGaeilge agus i mBéarla.
Agus níl ansin ach fíorbheagán dá ndearna sé. Go dtí gur cailleadh é, bhí sé féin agus mé féin ag cur Dialann mhór Dhónaill Mhic Amhlaigh in eagar. Obair fhada throm í seo ach bhí sé sáite inti chomh díograiseach is a bheadh scoláire óg nach raibh ach ag tosú. Níor chaill Tomás an óige riamh.
De bharr a chuid imeachtaí i gCumann Gaelach Choláiste na hOllscoile, bhí sé sa Chomhchaidreamh a bhunaigh Máirtín Ó Flathartaigh. Bhí plé mór aige le bunú Comhar agus lena bhuanú. Bhí sé ar bhunaitheoirí Chumann Merriman agus ina Chathaoirleach air. Ba mhór aige na Scoileanna Geimhridh agus Samhraidh.
Sheas sé le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus le Gluaiseacht Idirnáisiúnta na Síochána agus ghlac sé páirt ina lán Comhdhálacha Idirnáisiúnta ar son na síochána , neodracht na hÉireann, agus i gcoinne na bpléascán údrainne.
Conraitheoir saoil ab ea é, ball de Chraobh an Athair Micheál Ó hIceadha ó bunaíodh an chraobh, agus bhíodh sé go féiltiúil i láthair ag Ard-Fheiseanna an Chonartha. Ba mhinic dó labhairt ag an Ard-Fheis. Sé a bhí ina Éarlamh ar Oireachtas 1991, gradam as a raibh sé bródúil.
Oibrí fíordhúthrachtach a bhí in Tomás de Bhaldraithe. Eiseamláir a bhí ann do gach duine ar mhian leis dul le scoláireacht agus ní le cur i gcéill. D'oibrigh sé ó mhoch maidne go deireanach san oíche, bíodh sé i gConamara nó i mBaile Átha Cliath.
Ach ní scoláire dúr cúng scoite amach ón phobal a bhí in Tomás de Bhaldraithe ach a mhalairt sin ar fad. Bhí an-acmhainn grinn agus spóirt aige. Bhain sé sásamh as an saol. Ba dheas leis deoch, Paddy te go háirithe. Ba bhreá leis dea-chomhluadar fear agus ban; ba mhór aige scéalta barúla.
Áireoimid uainn é i gCumann na hOisrí, gasra ar eisean an comhalta b'fhaide seirbhís ann. Áireoidh Anraí Ó Baoighealláin agus mé féin uainn é ar ár siúlta Domhnaigh. Ar feadh breis agus tríocha bliain, théadh sé féin, Dáithí Ó hUaithne nó gur cailleadh é sa bhliain 1981, Art Ó Beoláin nó gur fhill sé ar Chorca Dhuibhne, Anraí agus mé féin, mórán gach Domhnach, ag siúl i sléibhte Átha Cliath agus Chill Mhantáin.
Duine aerach lán le greann a bhí sa scoláire iontach seo i measc a charad.
Tá a theaghlach, a chairde, pobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre ar fad faoi bhrón agus a údar sin acu.
Sheas Tomás Mac Donnchadha de Bhaldraithe, a ainmníodh i ndiaidh Thomáis an Éirí Amach agus Choláiste Ollscoile Átha Cliath, le haidhmeanna Sheachtain na Cásca.
Aidhmeanna dlisteanacha tírghráthúla a bhí agus atá iontu siúd. Duine a thug grá do theanga na nGael agus a thug ardú céime di agus a sheas le saoirse na tíre atáimid anois a chur faoin bhfód.
Suaimhneas síoraí go raibh agat, a sheanchara.
Níl ríomhphost ar fáil