Ní bheidh aon chomórtas ann d'Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis na bliana seo i mBéal Feirste ar an tseachtain seo chugainn.
Ach mura mbeidh iomaíocht ann don Uachtaránacht níl an scéal amhlaidh don Choiste Gnó.
Beidh slua mór d'iarrthóirí don Choiste Gnó agus beidh dianiomaíocht ann.
Toghtar ceathrar ball déag den Choiste Gnó ag an Ard-Fheis.
Tá slua mór d'iarrthóirí nua ón Ghaeltacht ag dul chun tosaigh ann.
Orthu sin tá Donncha Ó hÉallaithe is Máire Ó hÉanaigh as Conamara, Rónán Mac Aodha Bhuí is Sonia Nic Giolla Easpaig as Gaoth Dobhair, Rachel Ní Riada as Cúil Aodha, is Áine Uí Cheallaigh as an Rinn.
Tá Fearghas Ó hÍr, Príomhoide Meánscoil Feirste, i measc na n-iarrthóirí a bheidh ag dul chun tosaigh don Bhuanchoiste.
Tosóidh imeachtaí na hArd-Fheise le fáiltiú oifigiúil i Halla na Cathrach, Béal Feirste, Dé hAoine 17 Bealtaine, ag 6.00 i.n.
Is é Ardmhéara na cathrach, an tOirmhinneach Eric Smyth, a bheidh i mbun an fháiltithe.
Ar a hocht a chlog in Ostán Europa is é an Dr John Robb, iarsheanadóir i Seanad Éireann agus bunaitheoir an New Ireland Movement, a chuirfidh tús oifigiúil leis an Ard-Fheis.
Ceolchoirm is damhsa a chuirfidh an dlaoi mhullaigh ar imeachtaí na hAoine nuair a bheidh Éiniú agus Ceoltóirí Rosa ag cur ar fáil scoth an ceoil is an tsiamsa sa Halla Mór san Europa.
Tosóidh na díospóireachtaí maidin Dé Sathairn ar a naoi a chlog agus beidh béim ar leith ann ar cheisteanna a bhaineann le cearta an phobail Ghaelaigh ó thuaidh.
Tabharfaidh an tUachtarán a óráid ag leath i ndiaidh a dó dhéag Dé Sathairn.
Tráthnóna beidh tuilleadh plé ann faoi na rúin.
Beidh seirbhís idirchreideamhach Ghaeilge/Ghàidhlig ann i dTeampall Naomh Seoirse, an tSráid Ard, an oíche sin ag 7.00 i.n.
Céilí le Ceoltóirí Rosa agus Banna Ceoil Ard-Rí a chuirfidh deireadh leis na himeachtaí ar an Satharn.
Feadh an lae beidh taispeántas ann ó phobal Gaelach Bhéal Feirste.
Dé Domhnaigh beidh Aifreann Gaeilge Caitliceach ann ar an mheán lae i dTeach Pobail Naomh Mhuire, Lána an tSéipéil.
Beidh turas stairiúil na cathrach ann ar a haon a chlog agus ar an trí a chlog beidh séisiún ceoil ann le clabhsúr a chur ar chúrsaí.
Beidh Conradh na Gaeilge i mBéal Feirste ag crochadh tuilleadh comharthaí `Bruscar' in airde ainneoin Comhairle Cathrach Bhéal Feirste bheith ag bagairt pionós orthu.
D'fhógair an Chomhairle seachtain ó shin go mbeidh a n-oibrithe ag baint anuas na gcomharthaí agus go mbeidh ar Chonradh na Gaeilge an costas glanta a íoc.
Thug siad `creacadóireacht' ar chrochadh na gcomharthaí.
Dúirt urlabhraí le Conradh na Gaeilge i mBéal Feirste le LÁ inné áfach, gur rún dóibh tuilleadh comharthaí a chrochadh in airde má bhaintear anuas na comharthaí atá crochta acu cheana.
Cuireadh in airde roinnt céadta comhartha leis an fhocal `Bruscar' orthu ar fud Iarthar Bhéal Feirste, ceantar na hOllscoile agus lár na cathrach.
`Ní hé rún s'againne dul in adharca leis an Chomhairle,' arsa Gearóid Ó Caireallin, Uachtarán an Chonartha.
`An rún atá againn ná cur ina luí ar gach duine go n-íocann an pobal Gaelach rátaí agus go bhfuil siad i dteideal an aitheantais chéanna a fhaigheann an chuid eile de shaoránaigh.
`Táimid inár gcónaí i sochaí dhátheangach, tá comharthaí den sórt seo coitianta sa Bhreatain Bheag is in Albain agus ar fud na 26 Chontae.
`Ba cheart don Chomhairle aitheantas a thabhairt don éagsúlacht teanga atá sa chathair seo agus comharthaí Gaeilge a chur in airde ar na cannaí bruscair iad féin.'
Dhearbhaigh sé nach n-íocfadh Conradh na Gaeilge cibé bille a thabharfaidh an Chomhairle dóibh as glanadh ar shiúl na gcomharthaí ó channaí bruscair.
Dúirt urlabhraí le Comhairle Bhéal Feirste inné gurb é an Béarla an t-aon teanga atá ceadaithe ar aon fhógraíocht nó seirbhísí a chuireann an Chomhairle ar fáil agus gur rún doibh bille a chur chuig an Chonradh as glanadh ar shiúl na gcomharthaí Gaeilge.
Taispeántas i gCorca Dhuibhne Tá taispeántas ealaíne le Cliodna Cussen ar siúl i gCorca Dhuibhne faoi láthair.
Tá an taispeántas den teideal `Bóthar na Léinsí agus Slite Duibhneacha Eile' le feiceáil i dTig Áine, An Ghráig, Corca Dhuibhne go dtí an 22 Bealtaine.
Ba é Seoirse Ó Luasa a d'oscail an taispeántas go hoifigiúil an tseachtain seo caite. Diúltú i Maigh Eo Tá an Roinn Oideachais ag diúltú aitheantas a thabhairt do cheachtar den dá Ghaelscoil i gCathair na Mart i gCo Mhaigh Eo.
Tharla scoilt ag Gaelscoil sa bhaile i ngeall ar cheist údarás na heaglaise Caitlicigh ar an scoil agus cuireadh Gaelscoil eile ar bun.
Tá an dá Ghaelscoil ag iarraidh aitheantais ón Roinn Oideachais anois.
Níor tharla aon socrú ar an cheist fós ainneoin iarrachtaí comhréitigh. `Chun na Farraige Síos' Is in Inis Meáin ar 12 Iúil a thosóidh Amharclann de hÍde a séasúr don bhliain.
`Chun na Farraige Síos' agus `Pósadh an Tincéara' a bheidh á léiriú acu ar camchuairt tíre.
Le cois Inis Meáin Inis Oírr beidh said ag léiriú an dá dhráma i gConamara, i Maigh Eo, i nDún na nGall, i nDoire, i mBéal Feirste, i gCo na Mí, i mBaile Átha Cliath, i bPort Láirge, i gCúil Aodha agus i gCiarraí.
Bairbre Ní Chaoimh a bheidh i mbun léirithe. Ros na Rún Rinneadh eolas faoin tsobalsraith úr, `Ros na Rún, a phoibliú ag ócáid a reáchtáil muintir Theilifís na Gaeilge i gConamara Dé Máirt.
Is iad Tyrone Productions a bheidh ag táirgeadh na sraithe agus creidtear go mbeidh sé á taispeáint ceithre lá sa tseachtain ar an bhealach úr.
Déanfar an tsraith ag stiúideo nua i gConamara agus cruthófar suas le 70 post ann. Gaeilge san Aontas Eorpach Ag ócáid i mBaile Átha Cliath Déardaoin seo caite dúirt Dónall Ó Riagáin go bhfuil sé ríthábhachtach go pléifear ceist stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach ag an chéad chruinniú Idir-rialtasach eile.
Bhí Stiúrthóir an Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathna ag caint ag ócáid in Ionad Ealaíne Bhanc na hÉireann nuair a sheol sé aighneacht an Bhiúró faoin cheist seo.
Bhí réimse leathan de dhaoine aitheanta i láthair chun tacú leis an aighneacht, ina measc Donncha Mac Fhionnlaoich, Cathaoirleach Chomhchoiste an Oireachtais don Ghaeilge.
Níl ríomhphost ar fáil