Trevor Trevor Sargent Sargent


Glas agus Gaelach


An ghrian ag dul faoi i gCathair na Mart agus dóchas na nGlasach ag éirí

Thóg sé ceithre uaire, nach mór, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, a bhaint amach ar thraein ó Bhaile Átha Cliath, Dé hAoine seo caite.

Ach b'fhiú an turas ar thraein phlódaithe mar, romhainn amach, bhí Ard-Fheis an Chomhaontais Ghlais, in Óstán an Westport Woods, a mhair ón Aoine go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh.

Níl aon dabht ná go bhfuil fáilte Chathair na Mart ar an fháilte is flaithiúla dá bhfuil ann. D'eagraigh Cathaoirleach Chomhairle an Bhaile ócáid faoi leith don slua Glas agus is léir ónar dhúirt sé go raibh sé tar éis am a chaitheamh ag staidéar pholasaithe na nGlasach sular labhair sé ag an fháiltiú.

Cé gur ball de Fhianna Fáil é, d'fháiltigh sé na Glasaigh go fial agus, ina theannta, bhí baill de pháirtithe eile, idir Theachtaí Dála agus Chomhairleoirí Contae agus Baile.

Admhaím go raibh eagla orm nach dtiocfadh na hiriseoirí an turas ar fad ó Bhaile Átha Cliath agus, de bharr sin, bhí áthas orm Charlie Bird ó RTÉ a fheiceáil, maidin Dé Sathairn, agus na spéaclaí gréine á gcaitheamh aige.

Bhí ar RTÉ eagarthóireacht a dhéanamh ar an scannánaíocht in Áth Luain chun go mbeadh píosa faoin Ard-Fheis ar Nuacht a Sé ar a luaithe. Thug coiste eagartha na hArd-Fheise cúig nóiméad déag dom príomhóráid a chur i láthair.

Rinne mé mo dhícheall gan ceisteanna tábhachtacha a fhágáil ar lár agus fós cloí leis an teorainn ama. Is cleas faoi leith é an cineál sin eagarthóireachta.

Ina ainneoin sin ar fad, leag mé an bhéim is mó san óráid ar chúrsaí an Tuaiscirt, mar a rinne na meáin chumarsáide sna tuairiscí chomh maith.

An botún is mó a rinne rialtas Bhaile Átha Cliath, a dúirt mé, ná deireadh a chur leis an Fhóram um Shíocháin agus Athmhuintearas. Leis an chóras toghchánaíochta atá leagtha amach ag rialtas Londan, is léir nach dtuigtear cuspóirí agus prionsabail an daonlathais nuair atá cosc curtha ar rannpháirtíocht páirtithe éagsúla agus nuair atá uimhir na n-iarrthóirí teoranta chomh maith.

Labhair Teachtaí Glasa Pharlaimint na hEorpa, Nuala Ahern agus Patricia McKenna, chomh maith le hurlabhraithe ar réimsí éagsúla an tsaoil ó thalmhaíocht go cúrsaí airgeadais.

Tugadh cuireadh chomh maith do shaineolaithe nach baill den pháirtí iad taighde agus tuairimí a nochtadh ag an Ard-Fheis. Thug an Dr. Katherine Kavanagh ó Choláiste na hOllscoile tacaíocht do roinnt mhaith den pholasaí eacnamaíochta atá ag na Glasaigh.

Tráthnóna Dé Domhnaigh, labhair an tUas. Jim Connolly, as Contae an Chláir, a bhunaigh an eagraíocht Rural Re-Settlement Ireland (RRI) chun daoine dífhostaithe sa chathair a mhealladh go dtí tithe faoin tuath atá tréigthe, san iarthar go háirithe.

De bharr na gluaiseachta seo, tá scoileanna agus oifigí an phoist agus araile fós ar oscailt a bhí le dúnadh, tráth, de bharr titim chomh mór sin i ndaonra ceantar áirithe.

Toradh eile atá ar an ghluaiseacht seo ná go bhfuil tithe Bardais nó Comhairle Chontae ar fáil do dhaoine eile atá sa scuaine ar liostaí tithíochta ag lorg tí sa chathair.

Go dtí seo, tá eagraíocht Jim Connolly tar éis 110 teach a thabhairt suas do na húdaráis áitiúla. Sé an luach a bheadh ar na tithe seo, dar leis, ná sé mhilliún punt. Is ionann sin is a rá go bhfuil RRI tar éis sé mhilliún punt a thabhairt don stát go hindíreach.

Ina ainneoin sin, dhiúltaigh an tAire Comhshaoil, Brendan Howlin TD, bualadh leis go dtí seo, faraor. Ní thuigim é seo agus tá cúpla ceist agam don Aire faoi seo.

I ndiaidh do Jim Connolly labhairt, thug an tUas. Jeremy Wates ó Chomhdháil Chomhshaoil na hEorpa, faoi reachtaíocht a chuireann iachall ar an rialtas eolas a thabhairt don saoránach nuair a iarrann sé a leithéid.

Tá saoirse eolais tábhachtach ann féin ach, uaireanta, bíonn tionchar ag an reachtaíocht chéanna ar rudaí eile.

Cuir i gcás, sna Stáit Aontaithe, thug an rialtas isteach dlí nua a chur iachall ar mhonarchana an t-eolas faoin méid truaillithe a fhoilsiú gach bliain. De thoradh seo, gearradh siar ar an leibhéal truaillithe caoga faoin gcéad.

Tá cuma ar an scéal in Éirinn go bhfuil leisc ar na húdaráis anseo eolas a scaoileadh agus, chuige seo, tá dlí ar nochtadh eolais ag teastáil - agus geallta le fada an lá, dála an scéil.

Seo jab eile atá le déanamh agam sa Dáil ná foilsiú an dlí ar scaoileadh eolais a bhrostú.

Bhí rogha mhaith saotharlann eagraithe chomh maith, ag plé le gach roinn rialtais.

Ceann acu, bhain sé le cúrsaí pleanála agus fuair mé freagraí ar a lán ceisteanna.

Deireadh seachtaine an-oideachasúil a bhí ann, tríd is tríd, agus bhí seans agam gan a bheith ag brath ar ghluaisteán. Thug mé liom rothar ar an traein agus thug sé sin deis dom freastal ar an Chomaoin Naofa i gCathair na Mart a bhí á cheiliúradh ag an Urr. Gary Hastings agus bhí idir Bhéarla agus Ghaeilge in úsáid i rith na seirbhíse.

Aimsir ghleoite a bhí ann, chomh maith, agus thapaigh mé an deis siúl le cara, siar an bóthar, tráthnóna Dé Sathairn, ag féachaint ar an ghrian ag dul faoi. Radharc álainn a bhí ann agus tar éis dom an sos seo a ghlacadh, tá mise agus Glasaigh eile ag súil leis an chéad toghchán eile.

Is áit uaigneach í an Dáil do Ghlasach amháin ach ní mar sin a bhí sé i gCathair na Mart, is cinnte.


[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]

Níl ríomhphost ar fáil