Teilifís agus Raidió


Ní réiteoidh liricí Béarla an fhadbh ag Raidió na Gaeltachta

LE hEOGHAN Ó NÉILL

B'fhurast Raidió na Gaeltachta a cháineadh as chomh háitiúil is atá cuid de na cláir, as iad bheith teoranta ar bhealaí eile, as cosc a bheith ar liricí Béarla.

Tá mé cinnte de nach bhfuil mórán d'aos óg na Gaeltachta ag éisteacht le `Dialann Earraigh' nó `Seó Beo an tSathairn' nó `An Saol ó Dheas' nó `Do Bharúil', bíodh is gur cláir den scoth iad seo.

Ná faightear an locht ar na láithreoirí. Go fírinneach, sílim go bhfuil na láithreoirí atá ag Raidió na Gaeltachta, don chuid is mó, níos fearr ná na láithreoirí atá ag aon stáisiún raidió eile sa tír.

Tá na cláir féin iontach proifisiúnta, iontach maith.

Agus ní fhaighim locht ar lucht ceannais an stáisiúin ach oiread.

Tá sé le mothú go bhfuil athruithe móra ag titim amach ann le tamall anuas, maidir le hábhar na gclár, maidir leis an chur i láthair agus, go háirithe, maidir le cúrsaí poiblíochta an stáisiúin.

Tá Raidió na Gaeltachta ag athrú diaidh ar ndiaidh is tá an t-athrú seo go maith.

Tá Raidió na Gaeltachta a athchruthú féin.

Ina ainneoin sin is uile, sílim nach bhfuil aos óg na Gaeltachta ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta.

Níl siad ag éisteacht de thairbhe go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag iarraidh rud a dhéanamh faoi láthair atá dodhéanta.

Tá siad ag iarraidh freastal ar dhá thrá, riar ar na Gaeil sin ar maith leo caint is rud beag ceoil agus, ar an taobh eile den scéal, riar ar na Gaeil sin ar maith leo ceol is rud beag cainte.

Don chuid is mó, is lucht éisteachta níos sine ná 35 bliana d'aois atá i gceist sa chéad dream, iad sin atá ag iarraidh RTÉ 1 as Gaeilge, go bunúsach.

Agus don chuid is mó, is daoine faoi 35 bliana d'aois iad an dara dream, iad sin atá ag iarraidh seirbhíse le popcheol, as Béarla don chuid is mó, le cur i láthair as Gaeilge: RTÉ 2 le popcheol Béarla agus tráchtaireacht Ghaeilge, más mian leat.

Agus ní féidir le Raidió na Gaeltachta freastal go sásúil ar an dá ghrúpa seo le seirbhís amháin den saghas atá acu faoi láthair.

Nach í an taithí a bhí ag RTÉ nach féidir riar ar an dá dhream seo le haon bhealach amháin?

Nach é sin go díreach an chúis a bhfuil RTÉ I is 2 FM againn? Agus, i Sasana, nach é sin an chúis a bhfuil BBC Radio 1 againn agus BBC Radio 4?

Agus is amhlaidh an scéal ar fud na hEorpa.

Caithfidh Raidió na Gaeltachta an dara seirbhís a chur ar fáil.

Is iad aos óg na Gaeltachta atá thíos leis i láthair na huaire de thairbhe go mbíonn Raidió na Gaeltachta ag freastal ar an ghrúpa is sine de lucht na Gaeilge seachas bheith ag freastal ar na daoine óga.

Ní mor seirbhís dá gcuid féin a thabhairt dóibh.

Ar ndóigh, tá ceisteanna móra ann faoi airgead, faoi áiseanna, is a leithéid. Ach cad é an rogha?

An féidir le Raidió na Gaeltachta freastal go sásúil ar aos óg na Gaeltachta leis an tseirbhís atá siad in ann a sholáthar faoi láthair?

Nó an gá dóibh teacht ar an airgead is na háiseanna chun an dara seirbhís a chur ag gabháil?

Dá mbeadh a leithéid de bhealach ann, d'fhéadfadh an Rialtas an rud céanna a dhéanamh is a rinne lucht raidió na Breatnaise i gCymru.

Sin airgead a chur ar fáil chun popcheol a chothú sa Ghaeilge.

Airgead a chur ar fáil le go dtiocfadh le Gaeil óga dlúthdhioscaí a dhéanamh.

Más féidir airgead a fháil ón Rialtas le drámaíocht Ghaeilge a chothú, cad chuige nach féidir airgead a fháil chun popcheol Gaelach a chothú?

Ní thógfadh sé mórán airgid chun ionaid chamchuairte rialta a eagrú do ghrúpaí popcheoil Ghaelaigh sna Gaeltachtaí, i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, Doire, Corcaigh, nó i gcibé áit.

Thógfadh sé roinnt blianta le tionscal popcheoil Ghaelaigh a chothú ach bheadh toradh air agus chothófaí popcheol Gaelach ar raidió is ar theilifís.

Nach mbeidh faill iontach ann chun popcheol Gaelach a bhrú anois go mbeidh Teilifís na Gaeilge againn.

Bealach raidió eile d'aos óg na Gaeltachta an t-aon slí leis an cheist a réiteach go sásúil.

Ní fheicim gur ceadú liricí Béarla ar Raidió na Gaeltachta, rud a bheidh á phlé ag Comhairle an stáisiúin go luath, de réir dealraimh, ní fheicim gur sin réiteach na faidhbe.

Níl an t-aos óg ag dul a éisteacht le cláir Raidió na Gaeltachta de thairbhe go bhfuil gach ceathrú hamhrán ina amhrán popcheoil le liricí Béarla.

Is é an taithí atá againn ar fud na hEorpa ná nach féidir comhréiteach a dhéanamh idir daoine óga ar mhaith leo ceol de saghas áirithe agus daoine níos sine ar mhaith leo caint go leor is ceol de saghas eile.

Is é an rud a ba mhaith le daoine óga ná go mbeadh gach uile amhrán ina amhrán popcheoil.

Agus cé a chuirfeadh an locht orthu as sin.

Sin an rud a bhí uaim nuair a bhí mise deich mbliana níos óige ná mar atá mé an lá inniu.

Tá stáisiún dá gcuid féin ón aos óg.

B'fhearr liomsa nach mbeadh Béarla ar Raidió na Gaeltachta.

Sílim go dtugann an Ghaeilge agus an bhéim a bhíonn ar an cheol traidisiúnta aitheantas ar leith don stáisiún.

Tá sé difriúil ó stáisiúin eile agus ba cheart an difear sin a choinneáil. Rud luachmhar é, rud nár cheart cur amú.

Ní fheicfinn fadhb ar bith, áfach, le liricí Béarla a bheith ar bhealach popcheoil Ghaeilge nó is í an Béarla teanga choitianta an phopcheoil go minic.

Tá gá le plé faoi Raidió na Gaeltachta is an bealach chun tosaigh.

Tá gá le smaointe faoin chineál seirbhíse raidió a chuideodh le haos óg na Gaeltachta.

Is éigean cur leis an díospóireacht faoi sheirbhísí Raidió na Gaeltachta.

Caithfear í a leathnú amach agus is gá do dhaoine tuairimí fiúntacha a nochtadh seachas an seancháineadh meirgeach a dhéantar ar Raidió na Gaeltachta as gan a bheith ag seinm popcheoil nó liricí Béarla.

Ní réiteoidh liricí Béarla an fhadhb.


[CLÁR] [1] [2] [3] [4] [5] [6] [7] [8] [9] [10]
[11] [12] [13] [14] [15] [16] [17] [18] [19] [20]

Níl ríomhphost ar fáil