
Eagarfhocal
Packard, Pretty Polly, Digital, agus go leor leor eile a tháinig, a thóg na deontais is a d'imigh.
Tá sé in am ceisteanna a chur faoi na critéir a bhíonn in úsáid nuair a mhealltar na comhlachtaí seo go hÉirinn.
Ní raibh Packard ar an chomhlacht is oiriúnaí don tír seo.
Sa chéad dul síos, rinne siad earraí a bhí á ndéanamh ar fud na cruinne. Ní raibh aon speisialtacht i gceist nó aon scil ar leith de dhíth ón fhórsa oibre.
D'fhan Packard in Éirinn ní de thairbhe go raibh scileanna ag an fhórsa oibre anseo nach raibh i mórán tíortha eile ach de thairbhe go dtiocfadh leo pá níos ísle a íoc le hoibrithe anseo ná mar a thiocfadh leo íoc le hoibrithe i Meiriceá.
Agus nuair a bhí siad in ann pá níos ísle fós a íoc le hoibrithe in Oirthear na hEorpa, d'imigh siad ó Éirinn agus lonnaigh ansin.
Ba cheart go mbeadh sé soiléir don IDA agus do na hAirí Tionscail a phléigh le Packard thar na blianta gur sin an cineál comhlachta a bhí ann: comhlacht a d'fhanfadh in Éirinn chomh fada is a thiocfadh leo pá íseal a íoc leis an fhórsa oibre.
Agus de réir gach cuma, sin go díreach an rud a rinne siad.
Bhí gnáth-thuarastal £160 sa tseachtain ag oibrithe Phackard, sin pá 39 uair a' chloig, bíodh is gur oibrigh siad 41 uair a' chloig.
Agus ón chéad bhomaite a tháinig Packard go Baile Átha Cliath, bhí siad in adharca leis na ceardchumainn nó bhí siad i gcónaí ag iarraidh pá na n-oibrithe a choinneáil íseal agus coinníollacha diana oibre a chur i bhfeidhm.
Chuir seo go mór leis na fadhbanna ag an chomhlacht agus bhí aighnis rialta ann dá bharr, aighnis a chuir leis an ghéarchéim.
Agus is masla é d'oibrithe Phackard cur ina leith gurbh iad a chuir an ruaig ar Phackard óir nach raibh siad sásta oibriú ar phá níos lú fós.
Dá ngearrfaí a bpá níos mó fós, d'fhanfadh Packard mí nó dhó eile go dtí go n-aimseoidís monarcha sna hOileáin Fhilipíneacha ina mbeadh na hoibrithe sásta oibriú ar leathchuid an tuarastail a bhí muintir Thamhlachta ag fáil. Agus bheadh siad ar shiúl.
Is mór idir polasaí Phackard agus an polasaí atá ag bunús mór na gcomhlachtaí ilnáisiúnacha a thagann go dtí na 26 Chontae.
Tagann siad sin anseo ní de thairbhe go dtig leo pá íseal a íoc agus costais táirge a choinneáil íseal dá bharr, ach de thairbhe gur mhaith leo úsáid a bhaint as na scileanna ar leith atá ag oibrithe sa tír seo.
Níl siad buartha faoin iomaíocht ó Oirthear na hEorpa nó ó Taiwan nó is iad na scileanna an rud tábhachtach seachas an ráta pá.
Íocann siad go maith nó tá an bhéim ar chaighdeán a dtáirge agus ar dhaoine oilte le scileanna ar leith a aimsiú is a úsáid.
Bíodh is go bhfuil an dúrud cloiste againn faoi Packards an tsaoil seo, níl iontu sin ach mionlach beag.
Soláthraíonn comhlachtaí ilnáisiúnacha 90,000 jab sna 26 Chontae, an lá inniu.
Is jabanna maithe an formhór acu seo agus déanfaidh go leor de na comhlachtaí seo forbairt feasta, rud a chuirfidh go mór le líon na jabanna.
Is iad seo go díreach na comhlachtaí a ba cheart don IDA a bheith ag mealladh go hÉirinn, ní comhlachtaí ar nós Packard a fheiceann Éire mar áit inar féidir réimeas pá íseal a chur a fheidhmiú, réimeas a bheadh doghlactha i Meiriceá.
Tá ceachtanna le foghlaim ag an IDA is ag Airí Rialtais ón tubaiste a tharla ag Packard. Ní féidir na jabanna sin a shábháil anois. Do mhuintir Thamhlachta, tá cúrsaí i bhfad níos measa ná mar a léiríonn na cinnlínte nuachta nó na míreanna fuaime teilifíse.
Agus le cois ar an iomlán, an deireadh seachtaine seo caite, fógraíodh go raibh líon na ndaoine gan obair fós ag ardú.
Ní féidir na jabanna ag Packard a shábháil ach is féidir leis an IDA a gcritéir do chomhlachtaí ilnáisiúnacha a athmheas agus is féidir leo a chinntiú nach n-íoctar deontais fhlaithiúla dá leithéid de chomh-lacht arís chun é a mhealladh go hÉirinn.
An lá inniu, tá an chuma ar an scéal gur gairid go mbeidh an UVF is an UDA ag filleadh ar an ghunna, mar atá déanta ag an IRA cheana féin.
Bheadh sin tubaisteach do mhuintir na hÉireann ach, ar bhealach, tá sé dosheach-antach. Bhí sé dosheachantach an lá a thosaigh an tIRA ar an fhorneart arís.
Chuir an tIRA deireadh ní amháin lena sos cogaidh ach le próiseas na síochána ar fad.
Ní raibh próiseas ann ina dhiaidh de thairbhe go raibh ceann de na fórsaí is mó tar éis cúlú ón phróiseas.
Ó shin i leith, níor cuireadh próiseas eile ar bun agus ní raibh ann ach ceist ama go dtitfeadh iarsmaí an tseanphróisis as a chéile ar fad.
Tá próiseas na síochána Marc I imithe, thart, críochnaithe. Cuirfidh forneart ó na dílseoirí paramíleata sin in iúl do gach duine againn.
Ní mór tosú gan mhoill ar atógáil próiseas úr. Thóg sé roinnt blianta chun an chéad phróiseas a thógáil.
Tógadh é ainneoin forneart a bheith ag dul ar aghaidh, ainneoin daoine bheith ag cur in iúl nach labhróidís lena chéile.
Is féidir agus is gá próiseas úrnua a chruthú, próiseas a fhoghlaimeoidh ó mheancóga an tseanphróisis.
Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh gach dream, go rúnda nó go hoscailte, labhairt lena chéile agus labhairt go dáiríre faoi chomhréiteach.
Glacann gach taobh leis nach dtiocfadh leis an cogadh a bhaint.
Caithfear próiseas nua a thógáil a ligfidh dóibh éirí as an chogaíocht agus athruithe ar an status quo a bhaint amach go síochánta.
San Afraic Theas, in Iosrael agus i mBoisnia, spreag an forneart polaiteoirí chun gnímh, gníomh a bhain amach an tsíocháin.
Má tá an forneart le filleadh ar shráideanna na hÉireann, ba cheart dár bpolaiteoirí aithris a dhéanamh ar pholaiteoirí na dtíortha ssin agus dul sa tseans ar son na síochána.
Níl ríomhphost ar fáil